Dliteanas Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ)

Má cheapann tú nach bhfuil tú faoi dhliteanas CMÁ

Má fhaigheann tú comhfhreagras ó na Coimisinéirí Ioncaim i leith maoine mura bhfuil tú dliteanach, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh linn. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim taobh istigh de 30 lá ón gcomhfhreagras a fháil.

Ba chóir duit an méid seo a leanas a chur ar fáil nuair a dhéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim:

  • ainm(neacha), seoladh nó seoltaí agus Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a bhaineann le húinéir(í) na maoine
  • na cúiseanna a mheasann tú nach tú an duine dliteanach do CMÁ
  • doiciméid tacaíochta atá agat a d’fhéadfadh tacú le d’éileamh. Mar shampla, féadfaidh tú cóip de chomhaontú léasa idir tú agus an tiarna talún a chur ar aghaidh.

Más tionónta thú, ba chóir duit sonraí ar thiarna talún na maoine a chur ar fáil. Mura bhfuil sonraí ar thiarna talún na maoine agat, ba chóir duit sonraí a chur ar fáil faoin duine a n-íocann tú cíos leo.

Féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas pionós €1,000 má loiceann tú nó má dhiúltaíonn tú cloí le hiarratas faisnéise na gCoimisinéirí Ioncaim.

Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim athbhreithniú ar an eolas a chur tú ar fáil. Má tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta nach bhfuil tú faoi dhliteanas, bainfear do nasc leis an maoin ó thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim. Mura ndéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim, beidh tú fós mar dhuine dliteanach na maoine.

Ar aghaidh: Do thaifead maoine leis na Coimisinéirí Ioncaim