Do mhaoin a luacháil

Cén chaoi leis uirlis luachála idirghníomhach a úsáid

Sonraíonn an uirlis luachála idirghníomhach an meánbhanda luachála do mhaoine i do garcheantar. Ní léiríonn sé luach margaidh sonrach aon mhaoin aonair.

Tá an uirlis luachála idirghníomha bunaithe ar margadhluach na maoine faoi mar a bhí sé ar 1 Samhain 2021. Is amhlaidh atá de bharr go bhfuil an muirear CMÁ bunaithe ar an luacháil a rinneadh ar do mhaoin faoin 1 Samhain 2021. 

Más amhlaidh narbh ann don mhaoin nua-thógtha ar 1 Samhain 2021, ní mór duit luacháil a dhéanamh uirthi amhail is gurbh ann di ar an dáta sin. 

Is fút féin atá sé fáil amach an bhfuil do cheantar faoi réir an mheánbhanda luachála nó nach bhfuil. 

D'fhéadfadh sé nach léiriú cruinn a bheadh i meánbhanda luachála na maoine i do cheantar ar luach do mhaoine féin.  

Ba chóir duit mionsonraí do mhaoine féin a mheas agus tú á cur i gcomparáid le maoine eile i do cheantar. Féadfaidh sé go mbeidh gnéithe ag baint le do mhaoin ar chóir duit a chur san áireamh agus tú ag meas an dtagann luach do mhaoine taobh istigh de meánbhanda luachála do cheantair. Mar shampla, féadfaidh sé go bhfuil do mhaoin níos lú ná an mheánmhéid mhaoine i do cheantar. 

Anuas ar sin, ba cheart duit foinsí eile eolais a chur san áireamh agus tú ag déanamh féinmheastacháin ar do mhaoin. Tabhair do d'aire le do thoil nach mór duit an t-eolas a bhaineann leis an praghas díolacháin a chur san áireamh. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ach féachaint an leathanach 'foinsí eile eolais le do mhaoin a luacháil' sa rannán seo.

Cén chaoi a ríomhtar meánbhandaí luachála

Léiríonn an uirlis luachála idirghníomhach  an meánbhanda luachála do mhaoine de réir ‘Ceantar Beag’.  Tá timpeall 18,600 Limistéar Beaga in Éirinn, agus 50-200 maoin i ngach ceann de ghnáth.

Ní chuirtear eolas ar dhíolacháin maoine i bhfeidhm sa ríomh ach amháin má díoladh níos mó ná cúig mhaoin sa Cheantar Beag sin.

I gcás roinnt Ceantar Beag, níl a ndóthain sonraí ag na Coimisinéirí Ioncaim chun an meánbhanda luachála le haghaidh na maoine sa Cheantar Beag sin a ríomh. Ina leithéid de chás, léirítear ar an mapa luachála an meánbhanda luachála don cheantar Údarás Áitiúil 

Tá tuilleadh eolais ar na sonraí agus na ríomhanna a d'úsáid na Coimisinéirí Ioncaim chun an uirlis luachála gníomhach a chruthú in LPT Valuation for 2021 – Technical Paper.

Ar aghaidh: Foinsí eile eolais le do mhaoin a luacháil