Aisíocaíocht Dleachta Stampa i leith aonad cónaithe áirithe (S83DB)

Cén chaoi a ndéantar éileamh?

Féadtar éileamh a dhéanamh ar líne trí  Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó moChúrsaí trí úsáid a bhaint as an gcóras ríomh-Aisíocaíochtaí. Tá treoracha maidir le héileamh a dhéanamh i ríomh-Aisíocaíochtaí san áireamh mar aguisín den Lámhleabhar Cánach agus Dleachtanna Section 83DB.

Ceadóidh muid éileamh bailí ar líne agus déanfaidh muid an aisíocaíocht a lóisteáil i gcuntas banc an iarratasóra.

Má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Ioncaim d’éileamh, cuirfidh muid na cúiseanna in iúl duit. Tá an ceart agat achomharc i gcoinne diúltú d’éilimh a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Tá feidhm ag pionós sa chás go ndéantar éileamh mícheart. Tá feidhm aige seo sa chás go ndéanann éilitheoir dearbhú bréagach go feasach nó go dtaispeánann sé neamhaird mheargánta ar an bhfírinne. Is é an pionós atá iníoctha ag an éilitheoir ná 125% den Dleacht Stampa nár chóir a aisíoc, móide ús. Gearrtar ús ar an méid sin ag ráta laethúil 0.0219%. Tá ús inmhuirir ón dáta a rinneadh an aisíocaíocht go dtí an dáta a íoctar an pionós leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Cén chaoi a ndéantar an aisíocaíocht a ríomh?

Is é an méid Dleachta Stampa inaisíoctha an difríocht idir:

  • méid an Dleachta Stampa íoctha ag 10%
  • agus
  • méid na Dleachta Stampa a bheadh iníoctha dá mbeadh ráta caighdeánach (1% nó 2%) i bhfeidhm. 

 Sa chás go bhfuil níos mó ná duine cuntasach amháin ann, ba chóir duit cinneadh a dhéanamh cén duine cuntasach a dhéanann an t-éileamh agus a fhaigheann an aisíocaíocht.  Ba chóir foirm thoilithe atá sínithe ag gach duine cuntasach a bheith in éineacht le d’éileamh.

Má dhiúltaíonn na Coimisinéirí Ioncaim d’éileamh, cuirfidh muid na cúiseanna in iúl duit. Tá an ceart agat achomharc i gcoinne diúltú d’éilimh a dhéanamh leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Aisghlámadh

Tá foráil aisghlámtha in Alt 83DB a spreagfar sna cásanna seo a leanas:

  1. Léasanna tithíochta sóisialta – foirceanntar léas cáilitheach laistigh de dheich mbliana tar éis é a fhorghníomhú.
  2. Ionaid ainmnithe –níor cláraíodh ionad ainmnithe mar sin ar feadh tréimhse leanúnach deich mbliana tar éis an dáta cáilitheach.
  3. Ionaid chónaithe leanaí – níor cláraíodh ionad cónaithe leanaí mar sin ar feadh tréimhse leanúnach deich mbliana tar éis an dáta cáilitheach.

Ar aghaidh: Cén uair a fhéadtar éileamh a dhéanamh?