Céard is Dleacht Stampála ann?

Léargas ginearálta

Míniú ar an Dleacht Stampa

Is cáin í an Dleacht Stampa ar ionstraimí áirithe (doiciméid i scríbhinn).

Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith ionstraimí lena n-aistrítear talamh agus foirgnimh atá suite in Éirinn. De ghnáth, tugtar ‘Gníomhais Aistrithe’ nó ‘Gníomhais Tíolacais’ ar ionstraimí den chineál seo.

Tá Dleacht Stampa inmhuirir i leith na n-ionstraimí seo a leanas:

  • léasanna scríofa i leith talún agus foirgneamh atá suite in Éirinn
  • ionstraimí lena n-aistrítear scaireanna nó stoic cuideachtaí Éireannacha (foirmeacha Aistrithe Stoic)
  • ionstraimí lena n-aistrítear maoin mar bhronntanas
  • comhaontuithe nó conarthaí áirithe i scríbhinn chun maoin a aistriú
  • comhaontuithe léasa áirithe i scríbhinn
  • ionstraimí a bhaineann le maoin Éireannach nó rud éigin a rinneadh nó atá le déanamh in Éirinn, is cuma cén áit a bhforghníomhaítear iad.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil faoi ionstraimí atá faoi dhliteanas in Schedule 1 and Part 5 of the Stamp Duties Consolidation Act, 1999.

Íoctar Dleacht Stampa chomh maith i leith an mhéid seo:

  • cártaí airgeadais (cártaí UMB, cártaí dochair, cártaí muirir agus cártaí creidmheasa)
  • tobhaigh (lena n-áirítear préimheanna árachais saoil agus neamhshaoil, árachóirí sláinte agus ranníocaíochtaí chuig an gCiste Cúitimh Árachais)
  • aistrithe leictreonacha trí CREST de scaireanna, stoic agus urrúis indíolta
  • seiceanna agus billí malartaithe eile.

Tabhair do d'aire

Níl dleacht stampa inmhuirir i leith nótaí gealltanais a tarraingíodh, a rinneadh nó a forghníomhaíodh (sínithe, séalaithe nó an dá rud) ar an 2 Aibreán 2007 nó dá éis.

Ar aghaidh: Cén uair a bhíonn ionstraim faoi réir Dleacht Stampa?