An Scéim Tacaíochta um Atosú Gnó (STAG)

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Cuireadh deireadh le hiarratais faoin scéim ar 30 Samhain 2021.

Chuir STAG tacaíocht ar fáil do gnóthaí a raibh tionchar suntasach orthu le linn na paindéime COVID-19, fiú le linn na tréimhsí nuair a maolaíodh na srianta.

Bhí an tacaíocht ar fáil do ghnóthaí incháilithe a lean ar aghaidh de ghníomhaíocht gnó cuí a dhéanamh. Níor mór do do ghnó a bheith in ann laghdú suntasach ar thrádáil a thaispeáint le linn an tréimhse 1 Meán Fómhair 2020 go 31 Lúnasa 2021.

Bhí deis ag gnóthaí incháilithe éileamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar íocaíocht ar a dtugtar Réamhchreidmheas i leith Costais Trádála (RCCT).

Ar aghaidh: Rátaí na scéime