Cód cleachtais agus comhlíontacht

Is treoirlínte iad an Cód Cleachtais um Idirghabhálacha Comhlíontachta na gCoimisinéirí Ioncaim nuair atá na Coimisinéirí Ioncaim ag déanamh idirghabhálacha comhlíontachta. Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim, do cháiníocóirí agus do chleachtóirí cánach na treoirlínte seo a leanúint.

Clúdaítear ann gach gné den chomhlíontacht, lena n-áirítear an cineál teagmhála agus do chuid teidlíochtaí nuair a dhéanaimid teagmháil leat. I measc na dteidlíochtaí seo tá an ceart agat nochtadh cáilitheach a dhéanamh:

  • rud a laghdóidh do chuid pionós (má bhíonn aon cheann dlite)
  • rud a choinneoidh d’ainm ó fhoilsiú ar liosta na mainnitheoirí cánach
  • rud  a chuirfidh cosc ar ionchúiseamh.

Mínítear sa Chód freisin cén uair a bhíonn pionós nó ús dlite.