An tionscal tógála

Íocaíochtaí taistil agus cothaithe (airgead tíre)

Tá sé tábhachtach go mbíonn fostóirí san earnáil tógála ar an eolas faoi na coinníollacha a bhaineann le híocaíocht costais saor ó cháin.

Airgead tíre

Iarrtar go minic ar fhostaithe in earnálacha áirithe, amhail san earnáil tógála taisteal chun na hoibre ag láithreáin éagsúla. Féadfar costais taistil agus cothabhála a íoc saor ó cháin le fostaí suíomh-bhunaithe, suas leis na rátaí thíos ‘airgid tíre’. Ní bhíonn an liúntas seo ar fáil ach amháin nuair a oibríonn an fostaí ag láithreán atá 32km (20 míle) nó níos mó ó bhunáit an fhostóra.

Rátaí Airgead Tíre

  • €181.68 in aghaidh na seachtaine ar feadh níos nó ná ceithre lá
  • €36.34 in aghaidh an lae ar feadh ceithre lá nó níos lú

Eisiaimh

Ní fhéadfar costais a íoc saor ó cháin:

  • nuair a sholáthraíonn an fostóir modh iompar don fhostaí ó agus chuig an láithreán
  • nuair a sholáthraíonn an fostóir cothú agus lóistín don fhostaí
  • nuair a earcaítear an fostaí chun oibriú ag láithreán amháin, ar a dtugtar 'fostaithe ar láithreán'.

Ba chóir go gcoinneodh an fostóir ar feadh sé bliana taifid a bhaineann le híocaíocht airgid tíre.

Liúntas ‘itheacháin ar an láthair’

Íoctar liúntas ‘itheacháin ar an láthair’ le fostaithe suíomh-bhunaithe i roinnt earnálacha, an earnáil tógála san áireamh. Má íoctar an liúntas seo, féadfaidh sé a bheith saor ó cháin:

  • mura soláthraíonn an fostóir áiseanna chun tae nó caife a dhéanamh ar an láthair
  • mura bhfaigheann an fostaí íocaíocht eile chothaithe saor ó cháin
  • má oibríonn an fostaí ar an láthair ar feadh ar a laghad 1.5 uair a chloig roimh ghnáthbhriseadh lóin agus 1.5 uair a chloig ina dhiaidh
  • más ionann an liúntas agus €5 nó níos lú sa lá.

Ar aghaidh: Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI)