Do thuairisceán cánach a thíolacadh

Cabhair le hioncam ó fhéinfhostaíocht a chomhlánú

Tabhair do d’aire

Tá ábhar na bhfíseán ar an leathanach seo cothrom le dáta cé go dtagraíonn siad don Tuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11) do 2018. Is ionann na céimeanna a leanann tú agus d'Fhoirm 11 don bhliain 2023 á comhlánú agat.

Más amhlaidh go bhfuair tú íocaíochtaí ó aon cheann de na ranna rialtais seo a leanas, féadfaidh sé go bhfuil siad réamhlíonta ar an bpainéal seo:

  • An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS)

Más amhlaidh go raibh tú ag fáil na hÍocaíochta Cúnaimh Tithíóchta (ÍCT), féadfaidh sé go bhfuil siad réamhlíonta ar an bpaineál seo chomh maith. 

 

Má oibríonn tú sna hearnálacha tógála, foraoiseachta nó feola, féadfaidh sé go bhfuil d’íocaíochtaí Cánach Conarthaí Iomchuí (CCI) réamhlíonta ar an bpainéal seo chomh maith. Beidh na figiúirí seo le feiceáil i dtábla ag tús an phainéil ioncam féinfhostaithe. Ba chóir iad seo a chur san áireamh i do chuntas trádála don bhliain seo.

Mínítear san fhíseán seo an chaoi le do phainéal féinfhostaíocht a chomhlánú. Tá réamhrá ann chomh maith do roghchláir an phainéil trádála agus cuntas:

Tá eolas ar an bhfíseán seo d’fheirmeoirí:

Ar aghaidh: Cabhair le hioncam cíosa a thuairisciú