An Próiseas Tarrthála Riaracháin le haghaidh Cuideachtaí Beaga (SCARP)

Léargas ginearálta

Tugadh isteach an scéim SCARP le hAcht na gCuideachtaí (An Próiseas Tarrthála le haghaidh Cuideachtaí Beaga agus Micreachuideachtaí), 2021 chun cabhair a thabhairt do chuideachtaí áirithe atá inmharthana, cé gur dócmhainneach iad.

Baineann an scéim le cuideachtaí beaga agus micreachuideachtaí agus:

  • ligeann sé do chuideachtaí a gcuid fiachas a athstruchtúrú
  • tugann sé cabhair do chuideachtaí leachtú a seachaint
  • cinntíonn sé go mbeidh toradh níos fearr ag creidiúnaithe ná mar a bheadh acu faoi leachtú

Iarratais ar na Coimisinéirí Ioncaim páirt a ghlacadh i bPlean Tarrthála

Ní mór do Chomhairleoir Próisis iarratas a dhéanamh chun go nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim páirt i bplean tarrthála. Ní mór na hiarratais a sheoladh chuig Aonad Dócmhainneachta an Ard-Bhailitheora.

Ar aghaidh: Cé a fhéadann páirt a ghlacadh?