Bronntanas agus Oidhreacht

Gearrtar cáin bhronntanais ar bhronntanais inchánach a ghlactar ar nó tar éis an 28 Feabhra 1974 agus gearrtar cáin oidhreachta ar oidhreachtaí inchánacha a ghlactar ar nó tar éis an 1 Aibreáin 1975. Is sochar saor in aisce í oidhreachta a ghlactar ar ócáid bháis agus is sochar saor in aisce é bronntanas a ghlactar seachas ar ócáid bháis.

Gearrtar an cháin ar luach inchánach an bhronntanais nó na hoidhreachta. Ríomhtar an luach inchánach trí aon fhiacha agus aon mhuirir incheadaithe agus aon chomaoin a íocann an tairbhí a asbhaint as luach margaidh na maoine atá folaithe sa bhronntanas nó san oidhreacht.

Nuair atá luach inchánach an bhronntanais nó na hoidreachta socraithe, braitheann méid na cánach is iníoctha ar an tairseach chuí saor ó cháin. Seo iad a leanas na rátaí chánach:

  • An méid tairseach – Nialais
  • Sa Bhreis – 30%*

*Bhí an ráta seo tugadh isteach ar 7 Nollaig 2011.

Tá cáin inghearrtha ar bhronntanais nó oidreachtaí maoine de chuid na hÉireann is cuma an bhfuil nó nach bhfuil cónaí nó sainchónaí ar an teisteoir in Éirinn. Is féidir cáin a ghearradh ar mhaoin choigríche i gcás go bhfuil cónaí nó gnáthchónaí ar an teisteoir nó an tairbhí in Éirinn nó a mhalairt ar an dáta iomchuí.

Tá soláthar déanta i gcomhair díolúintí áirithe ó Cháin Bhronntanais agus Oidhreachta. Mar shampla, tá an chéad €3,000 a fhaigheann duine ó dhiúscróir in aon bhliain ar leith saor ó cháin, faoi mar atá bronntanais agus oidhreachtaí a fhaigheann céilí óna chéile nó páirtnéir sibhialta. Tá díolúintí ann i bhfabhar carthanachtaí áirithe, maoine oidhreachta, sochar aoisliúntais, agus deontaithe eachtrannacha d’urrúis áirithe de chuid rialtas na hÉireann. Bíonn polasaithe árachais cáilitheacha díolmhaithe freisin a mhéid a úsáidtear iad chun íoc as Cáin Bhronntanais nó Oidhreachta áirithe. Bíonn teach cónaithe a fhaightear mar bhronntanas nó mar oidhreacht díolmhaithe i gcúinsí áirithe.


Leagan furasta le priontáil