Treoir ar CFC - Díolúine admhálacha áirithe

Reachtaíocht - Alt 82, An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.

Tá admhálacha áirithe díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil;

  • duine a fhaigheann aon suim bona fide trí chúiteamh nó damáistí ar aon éagóir nó gortú a d'fhulaing sé ina phearsa, maoin, clú nó modh maireachtála, m.sh. damáistí ar ghortuithe pearsanta mar thoradh ar thimpiste chairr.
  • duine a fhaigheann aon suim bona fide trí chúiteamh nó damáistí ar aon éagóir nó ghortú a bhfuil mar thoradh air bás
  • aon duine eile, m.sh. damáistí a tugadh do leanbh a d'éirigh as bás tuismitheora trí thimpiste.
  • duine a fhaigheann aon suim bona fide trí í a bhuachan ó ghealltóireacht nó ó aon chrannchur, scuaibín nó cluiche le duaiseanna.
  • aon leas a d'éirigh as -
    1. íocaíocht don Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht airgid a chuir cairde ar fáil, nó i bhfoirm maoine a chuir cairde féimheachta ar fáil. nó
    2. tarchur nó laghdú fiacha a dhéanann creidiúnaí féimheachta chun a chur ar cumas an féimheachta tairiscint imshocraíochta a chomhlíonadh tar éis féimheachta de réir forálacha d'alt 39 den Acht Féimheachta, 1988; agus
    3. leas cosúil leis sin i gcás cairde nó creidiúnaithe d'fhéiciúnaí comhshocraíochta i gcás nach ndeachaigh cúrsaí ar aghaidh go céim féimheachta foirimiúla.
  • airgead nó de luach airgid a fhaigheann céile nó páirtnéir sibhialta, nó leanbh diúscóra nó duine lena bhfuil an diúscóir in loco parentis le linn saoil an diúscóra ar mhaithe le tacaíocht, cothabháil nó oideachas ar an gcoinníoll go bhfuil sé réasúnta le haird ar chúinsí airgeadais an diúscóra.
  • Tar éis bás an diúscóra, tá íocaíochtaí ar chothabháil, thacaíocht agus oideachas díolmhaithe ó Cháin Oidhreachta má tá tuismitheoir eile an linbh marbh freisin.

Iúil 2011


Leagan furasta le priontáil