Díolúine le haghaidh Carthanas
Reachtaíocht - Alt 76, An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003.
Tá sochar tógtha chun críche carthanais nó poiblí díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil chomh luath is atá na Coimisinéirí Ioncaim sásta go mbeidh feidhm aige chun críocha atá, de réir dlí an Stáit, poiblí nó carthanais.
Is cuma faoi áit chónaithe an charthanais, tabharfar díolúine ar an gcoinníoll go bhfuil an carthanas aitheanta amhlaidh ag dlí an Stáit.
Is féidir an mhaoin a bheith feidhmeach laistigh nó lasmuigh den Stát.
Tá sochair faighte ag duine ó charthanas díolmhaithe freisin m.sh. faighteoir scoláireacht ó iontaobhas oideachais.
Ní thugann an tAcht aon sainmhíniú ar "críocha carthanais ". Mar sin féin, cuireann an dlí ginearálta críocha carthanais i gceithre chatagóir viz:
- faoiseamh bochtanais;
- oideachas a chur chun cinn;
- reiligiún a chur chun cinn;
- críocha eile chun leasa an phobail, nach dtiteann laistigh de na trí chatagóir eile.
