Díolúine ó Chomhghnóthais Infheistíochta Shonraithe

Reachtaíocht - Alt 75, An tAcht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil, 2003.

Tá aonaid in aon chomhghnóthas infheistíochta suite san Ionad Seirbhísí Airgeadais idirnáisiúnta nó sa Chrios Aerphort Neamhchustam na Sionainne díolmhaithe ó Cháin Fáltas Caipitiúil.

Baineann an díolúine freisin le haonaid i nGnóthais Infheistíochta a cháilíonn don réim chomhchiste nua tugtha isteach ag Alt 58, Act Airgeadais 2000. Le cáiliú don díolúine, ní mór don diúscóir agus don tairbheoir araon a bheith ina sainchónaí agus cónaitheach thar lear.

Mar sin féin, má ceannaíodh na haonaid lena mbaineann roimh an 15 Feabhra, 2001, is leor gur dlí eachtrach an dlí ceart ag dáta na diúscairte fiú má tá an diúscóir ina shainchónaí agus cónaitheach in Éirinn.


Leagan furasta le priontáil