Treoir maidir leis an Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre (Foirm C.A.24) a Chomhlánú
Faisnéis faoin Treoir seo
Leanann an Treoir seo an patrún agus na huimhreacha céanna is a leanann an Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre. Mínítear inti na bearta uile atá le déanamh le gach cuid den fhoirm a chomhlánú. Chomh maith leis sin, mínítear sa treoir roinnt de na coincheapa is tábhachtaí a luaitear sa mhionnscríbhinn. Ní léirmhíniú dlíthiúil ar an dlí í an Treoir seo. Má tá tú ag cur isteach ar Dheonú Ionadaíochta go pearsanta, seans go mbeidh ort comhairle faoin dlí a fháil chun an doiciméad a chomhlánú. Ní mór a thuiscint nach féidir leis an Oifig Phrobháide ná na Coimisinéirí Ioncaim comhairle faoin dlí a thabhairt duit.
Mura gcuirtear a mhalairt in iúl, nuair a luaitear an tAcht nó codanna den Acht is ag tagairt don Acht Comhdhlúite Cánach Fáltas Caipitiúil 2003 agus do chodanna an Achta sin atáthar sa treoir seo agus sa mhionnscríbhinn ioncaim intíre.
Is éard is brí leis an nath "an Stát", chomh fada is a bhaineann sé leis an Mionnscríbhinn Ioncaim Intíre agus leis an Treoir seo, agus ag féachaint d’Airteagal 3 den Bhunreacht, ná an limistéar sin lena mbaineann dlíthe na hÉireann.
- Réamhrá
- Cáin Oidhreachta
- Faisnéis maidir leis an duine nach maireann
- Sonraí na nIarratasóirí
- Dearbhú faoi mhionn
- Maoin laistigh den Stát arna haistriú faoi Uacht/Dhíthiomnacht an duine nach maireann
- Maoin laismuigh den Stát arna haistriú faoi Uacht/Dhíthiomnacht an duine nach maireann
- Ceistneoir
- Sceideal tailte agus foirgneamh
- Achoimre ar Shochair
- Clárlanna Probháide Ceantar
- Cáin ar Mhaoin Eachtrach
- Clárlann na Talún - Seoltaí agus Uimhreacha Teileafóin
- Gluais
- CA26 - Eolas ar Mionnscríbhinn Cheartúcháin
