Cáin Phrobháide

Bhí cáin phrobháide tugadh isteach i Acht Airgeadais 1993 agus déanta a dhíothú trí Acht Airgeadais 2001 ina dhiaidh sin. Gearrtar cáin phrobháide ar ráta 2% ar eastáit daoine a fhaigheann bás tar éis 18 Meithimh 1993 agus roimh 6 Nollaig 2000. I gcás básanna a tharla tar éis 17 Meithimh 1993 agus roimh 1 Nollaig 1999 níl cáin phrobháide inghearrtha ar mhaoin choigríche murar éag an marbh fad a bhí sainchónaí air/uirthí in Éirinn nó murar raibh sócmhainní Éireannaigh ar áireamh. I gcás básanna a tharla tar éis 30 Samhain 1999 agus roimh 6 Nollaig 2000 níl cáin phrobháide inghearrtha ar mhaoin choigríche murar éag an marbh fad a bhí ina gcónaí nó ina ngnáthconaí in Éirinn nó murar raibh sócmhainní Éireannaigh ar áireamh. Eisiatar sócmhainní a thagann ar bhealach seachas faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht. Tá costais sochraide agus fiacha an mhairbh tráth an bháis incheadaithe nuair atá an luach inchánach á ríomh.

Ar na díolúintí tá eastáit faoi €50,790 in 2000, maoin ag dul go cinnte do chéile a mhaireann, an phríomháit chónaithe phríobháideach (i gcás go bhfuil céile a mhaireann nó go leanann leanaí cleithiúnaca nó gaolta), maoin ag dul do charthais, maoin oidhreachta, sochair aoisliúntais, urrúis áirithe rialtais, iontaobhais aonad agus polasaithe a thógann eachtrannaigh amach. Ina theannta sin tá polasaithe cáilitheacha árachais díolmhaithe (sa mhéid go n-úsáidtear iad chun cáin phrobháide nó cáin oidhreachta a íoc). Chomh maith leis sin, má íocadh cáin phrobháide cheana ar mhaoin laistigh de bhliain amháin roimh an bhás, ar ócáid bhás an chéile, (nó laistigh de 5 bliana má tá leanbh cleithiúnach ann), beidh an mhaoin díolmhaithe.


Leagan furasta le priontáil