Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Tá cáin ghnóchan caipitiúil (CGC) inmhuirir ar na gnóchain as diúscairtí sócmhainní seachas an chuid sin de ghnóchan a gineadh sa tréimhse roimh an 6 Aibreán, 1974. Is sócmhainn é aon chinéal maoine (seachas airgeadra na hÉireann) lena n-áirítear leas i maoin (mar shampla, léas), chun críche na cánach seo.
Ráta Cánach
Is é ráta caighdeánach ná 30% maidir le diúscairtí déanta ó meanoiche 7 Nollaig 2011.Is é 25% an ráta cánach ar dhiúscairt a rinneadh idir an 8 Aibreán 2009 agus an 6 Nollaig 2011. I gcás diúscairtí idir an 15 Deireadh Fómhair 2008 agus an 7 Aibreán 2009, ba é an ráta cánach a bhí i gceist ná 22%. [I gcás diúscairtí a rinneadh ar an 14 Deireadh Fómhair 2008 nó roimhe sin, ba é an ráta cánach a bhí i gceist ná 20%.] Tá an chéad €1,270 de ghnóchain inmhuirir bhliantúla duine aonair, glan ar chaillteanais inlamhála, díolmhaithe.
Lámhleabhair Cánach & Dleachtanna - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise
