Bunús an Mhuirir

Céard air a ngearrtar Cáin Chorparáide?

An brabús go léir (ioncam agus gnóthachain), pé áit a fhaightear iad, a bhíonn ag cuideachtaí.

Rátaí Cánach Corparáide:

  • 12.5%: Ioncam Trádála (féach pdfGuidance on Revenue opinions on classification of activities as trading (PDF, 55KB) and Determination of Classification as Trading Activity list)
  • 25%: Ioncam neamhthráchtála [lena n-áirítear ioncam inmhuirir faoi Chás III (m.sh. lascainí, ús, ioncam eachtrach), faoi Chás IV (ríchíosanna, ioncam ilghnéitheach) & faoi Chás V (ioncam cíosa ó thalamh agus ó fhoirgnimh sa Stát) de Sceideal D]. Cuirtear ioncam ó ghníomhaíochtaí ina mbíonn mianraí oibríocha, ghníomhaíochtaí peitriliam & talamh a thrádáil nó a fhorbairt, seachas oibríochtaí tógála, i gceist san áireamh ag an ráta seo chomh maith.
  • 10%: Gearrtar cáin ar bhrabús chuideachtaí áirithe ag ráta éifeachtach 10%. Tá deireadh á chur leis an 'ráta déantúsaíochta' seo de réir a chéile ach fanfaidh sé i bhfeidhm do chuideachtaí áirithe go dtí 2010.

Ar ais go Barr

Bunús an Mheasúnaithe

  • Déantar Cáin Chorparáide a mheasúnú bunaithe ar an mbrabús i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta ag an ráta Cánach Corparáide atá i bhfeidhm le linn na tréimhse chuntasaíochta sin.
  • Má athraíonn an ráta Cánach Corparáide le linn na tréimhse cuntasaíochta, déantar brabús na tréimhse sin a chionroinnt ar bhonn ama agus gearrtar cáin air ag an ráta cuí don chuspóir.

Ar ais go Barr

Tréimhse Chuntasaíochta

Is é atá i gceist le tréimhse chuntasaíochta chun críocha cánach ná tréimhse nach mó ná 12 mhí agus de ghnáth is é a bhíonn inti ná an tréimhse dá ndéanann an chuideachta a cuntais bhliantúla.

Ghnóchan Caipitiúil na cuideachta

  • Cuirtear ghnóchan caipitiúil, seachas ghnóchan ó thalamh forbraíochta, san áireamh i mbrabús chuideachta ar mhaithe le Cáin Chorparáide agus gearrtar chun cánach iad faoi fhoirmle a chiallaíonn go fírinneach go n-íoctar cáin ag an ráta reatha do cháin ghnóchan caipitiúil. Mar thoradh ar mhuirir a tugadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 táthar tar éis an ráta ghnóchan caipitiúil a mhéadú ó 20% go 22% maidir le diúscairtí a dhéantar ar an 15 Deireadh Fómhair 2008 nó ina dhiaidh sin, i dtreo is go gciallóidh an fhoirmle anois go n-íocfar cáin ag an ráta seo. Méadaíodh an ráta cánach um ghnóthachain caipitiúla ó 22% go 25% i gcás diúscairtí a rinneadh ar an 8 Aibreán 2009 nó ina diaidh faoi Alt 14 den Acht Airgeadais 2009.
  • Tá ghnóchan ag cuideachtaí ó dhiúscairtí de thalamh forbraíochta inmhuirir ar cháin ghnóchan caipitiúil agus ní chuirtear san áireamh sa bhrabús atá inmhuirir do Cháin Chorparáide iad.

Ar ais go Barr

Áit Chónaithe na Cuideachta

  • Tá cuideachta atá ina cónaí sa stát faoi dhliteanas maidir le Cáin Chorparáide ar bhrabús domhanda, ní hamháin ar a brabús ó fhoinsí Éireannacha. Tá sé neamhábhartha don chuspóir seo cibé ar tugadh an brabús seo isteach go hÉirinn nó nár tugadh.
  • Níor sainmhíníodh an téarma 'áit chónaithe' sa dlí go dtí le déanaí. Ba í an riail ghinearálta ná gur glacadh leis go raibh a n-áit chónaithe ag cuideachtaí anseo má bhí a 'mbainistíocht agus a rialú lárnach' ar siúl acu sa Stát. Tháinig an riail nó an triail seo chun cinn mar thoradh ar chinntí breithiúnacha a leagadh amach i gcásdlí. I measc na bhfachtóirí atá le tabhairt faoi deara nuair atá láthair bainistíochta agus rialaithe lárnach na cuideachta á dearbhú tá, mar shampla, an áit a ndéantar na ceisteanna tábhachtacha maidir le beartas na cuideachta a chinneadh, an áit a bhfuil an chuid is mó de na stiúrthóirí ina gcónaí, an áit a ndéantar conarthaí móra a chaibidliú agus an áit ina bhfuil ceannoifig na cuideachta suite.
  • Rinne na hathruithe a tugadh isteach leis an Acht Airgeadais 1999 foráil, go ginearálta, go bhfuil cuideachtaí atá ionchorpraithe sa Stát ina gcónaí sa Stát. Tá roinnt eisceachtaí ag baint leis an riail seo áfach. Ní chaitear le cuideachta atá ionchorpraithe in Éirinn mar chónaitheoir Éireannach chun críocha cánach más 'cuideachta ábhartha' í (féach thíos) agus má bhíonn sí i mbun trádála sa Stát nó ma bhíonn baint aici le cuideachta a bhíonn i mbun trádála sa Stát ['an díolúine trádála']. Sa bhreis ar sin, caitear le cuideachta atá ionchorpraithe in Éirinn ach a ghlactar leis nach bhfuil a háit chónaithe aici sa Stát de bhua chonradh cánach mar a bheith neamhchónaitheach sa Stát ['díolúine conartha'].

Ar ais go Barr

'Cuideachta Ábhartha'

Is é atá i gceist le Cuideachta Ábhartha ná cuideachta:

  1. atá á rialú faoi dheoidh ag daoine a chónaíonn san AE nó i dtír a bhfuil conradh cánach dúbailte curtha i gcrích ag Éirinn léi, nó
  2. atá ina cuideachta, nó a bhfuil baint aici le cuideachta, a ndéantar a cuid príomhscaireanna a thrádáil go suntasach agus go rialta ar stocmhalartán aitheanta amháin, nó níos mó, i mballstát de chuid an AE nó i dtír a bhfuil conradh cánach againn léi.

Tabhair faoi deara

Tá sé tábhacht a thabhairt faoi deara nach ndearna na hathruithe a tugadh isteach san Acht Airgeadais 1999 leasú ná aisghairm ar na rialacha a bhí leagtha síos cheana féin i gcásdlí maidir le háit chónaithe. Dá réir sin, má chleachtann cuideachta a cuid bainistíochta agus rialaithe lárnaigh in Éirinn (cibé an bhfuil sí ionchorpraithe in Éirinn nó nach bhfuil) glactar leis go bhfuil a háit chónaithe aici in Éirinn chun críocha cánach.

Deireadh a chur le cónaitheacht

  • Mura bhfuil cuideachta ina cónaí sa Stát a thuilleadh, glactar leis go bhfuil sí tar éis a cuid sócmhainní go léir a dhiúscairt ag a margadhluach nuair a chuir sí deireadh leis an gcónaí.
  • Ciallaíonn sé sin go ngearrtar chun cánach aon ghnóthachain chaipitiúla a thagann chun cinn mar thoradh ar an diúscairt seo.
  • Níl sócmhainní atá fós á n-úsáid in Éirinn ag brainse nó ag gníomhaireacht de chuid na cuideachta nó áit a bhfuil an chuideachta faoi rialú cónaitheoirí thír atá ina páirtí de chonradh cánach faoi réir na forála seo.

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil