Dlúthchuideachtaí
- Dlúthchuideachtaí is ea an chuid is mó de na cuideachtaí a bhfuil a n-áit chónaithe in Éirinn acu.
- Is é atá i nDlúthchuideachta ná cuideachta atá faoi rialú cúigear nó níos lú rannpháirtithe nó atá faoi rialú líon ar bith rannpháirtithe atá ina stiúrthóirí.
- Is é atá sa sainmhíniú ar Dhlúthchuideachta ná cuideachta ina bhfaigheann cúigear nó níos lú rannpháirtithe nó rannpháirtithe ar stiúrthóirí iad níos mó ná 50% dá hioncam, nuair a dháiltear a hioncam iomlán.
- Is é a chiallaíonn rannpháirtí ná duine a bhfuil leas aige nó aici in ioncam nó caipiteal na cuideachta.
Forálacha dlúthchuideachtaí
Tá ceithre phríomhimpleacht ag na forálacha maidir le dlúthchuideachtaí atá leagtha amach san Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 don chuideachta agus dá rannpháirtithe/stiúrthóirí.
- Glacfar le sochair chomhchineáil agus íocaíochtaí costais le rannpháirtithe nó comhpháirtithe mar dáileacháin.
- Glacfar le hús sa bhreis ar ráta sainithe a íocfar le stiúrthóirí nó lena gcomhpháirtithe mar dháileacháin.
- Caithfear iasachtaí a thugtar do rannpháirtithe nó dá gcomhpháirtithe a dhéanamh faoi réir asbhaint cánach agus, má dhéantar an iasacht a mhaitheamh, glactar leis an méid comhlánaithe mar ioncam i lámha an fhaighteora.
- Tá formhuirear 20% iníoctha ar iomlán na hinfheistíochta neamhdháilte agus an ioncaim chíosa atá ag dlúthchuideachta. Tá dlúthchuideachtaí "seirbhíse" faoi dhliteanas maidir le formhuirear 15% ar leath amháin dá n-ioncam trádála neamhdháilte.
