Asbhaintí
Cén costais ar féidir le cuideachta a chur in aghaidh a cuid brabúis?
- Tá cuideachta i dteideal asbhaintí i leith caiteachais ioncaim go ginearálta - a thabhaítear go hiomlán agus go heisiatach chun críocha a cuid trádála - a chur in aghaidh a cuid brabúis.
- Níl sí i dteideal áfach, asbhaint a éileamh maidir le costais siamsaíochta gnó ná maidir le caiteachas caipitiúil.
- D’fhéadfadh sí a bheith i dteideal liúntais chaipitiúla maidir le caiteachas caipitiúil áirithe m.sh. liúntais do chaitheamh agus chuimilt - féach thíos.
- Tá liúntas ann do chaitheamh agus chuimilt ar ghléasra agus innealra atá á úsáid chun críocha trádála ag deireadh thréimhse chuntasaíochta. Déantar an liúntas seo a ríomh trí thagairt a dhéanamh le costas na míre (lúide aon deontais a fuarthas) agus is féidir an caiteachas inlamhála a scríobh síos ag ráta 12.5% ar bhonn líne dírí. Tá liúntas le fáil do chaitheamh agus chuimilt maidir le caiteachas a thabhaítear ar mhótarfheithiclí chomh maith - ag an 12.5% ar bhonn líne dírí freisin.
- Tá liúntais chaipitiúla le fáil maidir le caiteachas ar chearta toillis tarchurtha, bhogearraí do ríomhairí, threalamh atá tíosach ar fhuinneamh lena n-áirítear feithiclí leictreacha agus breosla malartaigh, agus ar fhoirgnimh thionsclaíocha agus ar shócmhainní doláimhsithe áirithe (féach an eagrán faoi Fhaisnéisiú Cánach 09 Iúil 2010). Bíonn an ráta ag a scríobhtar síos an caiteachas difriúil ag brath ar an gcineál caiteachais a tabhaíodh.
- Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil dímheas ar shócmhainní caipitiúla mar atá ríofa chun críocha chuntais iniúchta ina chaiteachas inlamhála i gcoinne ioncam na cuideachta ar mhaithe le Cáin Chorparáide.
Céard faoi caiteachas réamhthrádála?
Ceadaítear caiteachas a leagtar amach go hiomlán agus go heisiach chun críocha trádáil nó gairm na cuideachta sa tréimhse trí bliana roimh thosú, mar asbhaint agus brabús na cuideachta á ríomh i ndiaidh di tosú. (Féach
Alt 82 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 (PDF, 2.3MB)).
Ús agus íocaíochtaí bliantúla eile lena n-áirítear Dleachtanna Paitinne
Bíonn cuideachta i dteideal íocaíochtaí úis (seachas ús a ghlactar leis mar dháileachán), ríchíosanna agus íocaíochtaí bliantúla eile a dhéanann sí a asbhaint de ghnáth agus a dliteanas maidir le Cáin Chorparáide á ríomh aici. I gcásanna áirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gcuideachta cáin ioncaim a asbhaint ó na híocaíochtaí agus cuntas a thabhairt uirthi do na Coimisinéirí Ioncaim. Faoin Acht Airgeadais 2011, cuireadh deireadh leis an díolúine ó cháin ar ioncam ó phaitinní cáilitheacha, rud a fhágann nach mór cáin shiarchoinneálach a asbhaint as gach íocaíocht dleachta paitinne ach amháin iad siúd atá clúdaithe ag an Treoir um Ús agus Dleachtanna, iad siúd atá clúdaithe faoi alt 242A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 agus iad siúd atá clúdaithe ag an gcleachtas riaracháin dá dtagraítear i SP CT/01/10. Caitear le cáin a choinníonn cuideachta siar ar íocaíochtaí dleachta paitinne mar cháin corparáide agus ní mór í a chur san áireamh in íocaíochtaí cáin chorparáide na cuideachta.
Tabhartais
- Tá cuideachta i dteideal asbhaint a éileamh do thabhartais le comhlacht faofa amhail is gur costas trádála é.
- Is é €250 an tabhartas íosta i mbliain ar bith do chomhlacht faofa ar bith.
