CC ar Thaighde agus Forbairt

An mbeidh ús iníoctha sa chás, mar shampla, go n-íocann na Coimisinéirí Ioncaim an chéad tráthchuid tar éis an dáta tuairisceáin sonraithe?

Déanann Alt 865A de ACC 1997 foráil le haghaidh úis ar aisíocaíochtaí i gcásanna áirithe. Ní aisíocaíochtaí cáin chorparáide iad na híocaíochtaí a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim faoin scéim seo agus ní bhaineann ús leo dá bharr.

Déantar foráil san alt chun go gcaitear leis na híocaíochtaí seo mar ró-íocaíochtaí cáin chorparáide chun críocha fo-alt (2) d'alt 1006A de ACC 1997 amháin. Ligeann sé seo dá leithéid d'íocaíochtaí a bheith fritháirithe in aghaidh dliteanais eile chánach, dleachta agus máil.

Ar ais go Barr

An mbeidh na suimeanna a íocann na Coimisinéirí Ioncaim le cuideachtaí i ndáil le creidmheasanna ar bharrachas cánach á mbreithniú mar ioncam na cuideachta chun críocha cánach corparáide?

Déanann Uimh. S766 (7A) agus S766A (7) soláthar nach mbeidh a leithéid de mhéideanna a íoctar mar ioncam na cuideachta nó cuideachta eile ar mhaithe le cáin chorparáide.

Ar ais go Barr

Conas a oibreoidh an fritháireamh?

Tá na híocaíochtaí a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim faoin scéim seo faoi réir alt 1006A den Acht Comhdhlúite Cánacha. Cinnteoidh sé seo go gcoinneofar an íocaíocht siar nó go mbeidh sí fritháirithe de réir mar a bheidh, sa chás nár chomhlíon an chuideachta a hoibleagáidí tuairisceán a sheoladh isteach nó aon dliteanas a íoc. Leagann Rialacháin (Fritháireamh Aisíocaíochtaí) Cánacha 2002 I.R. Uimh. 471 de 2002 amach an tosaíocht fritháirimh maidir le haisíocaíocht ar bith a bhaineann le héileamh nó ró-íocaíocht a rinneadh. Beidh an t-ord fritháirimh in aghaidh na gcánacha seo a leanas ar dtús:

  • Cáin Chorparáide,
  • Cáin Ioncaim (seachas ÍMAT),
  • Cáin Ghnóthachan Caipitiúil,
  • CBL,
  • ÍMAT

Ar ais go Barr

Má tá barrachas ag cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas, an féidir leis an gcuideachta éileamh a dhéanamh go n-íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an tsuim sin leo gan tabhairt siar go dtí an tréimhse chuntasaíochta roimhe?

Déanann an reachtaíocht foráil gur gá a leithéid de bharrachas a thabhairt siar ar dtús in aghaidh cáin chorparáide ar bith sa tréimhse chuntasaíochta roimhe sin, sular féidir aon éileamh a dhéanamh ar íocaíocht. Ach sa chás nach bhfuil aon dliteanas cáin chorparáide ann i rith na tréimhse cuntasaíochta roimhe sin, is féidir éileamh ar íocaíocht ó na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh go fóill.

Ar ais go Barr

De dhroim na n-athruithe a tugadh isteach san Acht Airgeadais (Uimh.2) 2008, conas is féidir an creidmheas cánach a úsáid?

Is gá an creidmheas cánach a úsáid ar dtús chun dliteanas cáin chorparáide an chomhlachta a laghdú i rith na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhaítear an caiteachas ar thaighde agus ar fhorbairt nó caiteachas bainteach. Is féidir aon mhéid gan úsáid a thabhairt ar aghaidh agus a úsáid chun cáin chorparáide na dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin a laghdú. Ní dhearna Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 aon athrú ar an rogha seo creidmheasanna gan úsáid a thabhairt ar aghaidh, ach tugadh roinnt roghanna breise eile isteach mar seo a leanas:

Má tá farasbarr fágtha, is féidir le comhlacht éileamh a dhéanamh ar an bhfarasbarr sin a úsáid chun cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta roimhe sin a laghdú. Má tá aon bharrachas ann go fóill, is féidir é a thabhairt ar aghaidh agus a úsáid chun cáin chorparáide na dtréimhsí cuntasaíochta ina dhiaidh sin a laghdú go fóill. Ach tá rogha eile ag an gcuideachta éileamh a dhéanamh go n-íocfadh na Coimisinéirí Ioncaim méid an bharrachais sin leo i dtrí thráthchuid i rith tréimhse 33 mí, ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas.

Ní íocfar an chéad tráthchuid níos luaithe ná an dáta a bhfuil an tuairisceán cáin chorparáide le haghaidh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas dlite. Is é an méid a íocfar ná 33% den fharasbarr.

Úsáidfear an t-iarmhéid deiridh chun cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta dár gcionn a laghdú. Má tá aon bharrachas ann go fóill ina dhiaidh sin, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim íocaíocht 50% den bharrachas sin leis an gcuideachta ní luaithe ná 12 mhí tar éis dáta íocaíochta na chéad tráthchoda.

Úsáidfear an 50% den fharasbarr sin atá fágtha ansin chun cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta dar gcionn a laghdú. Má tá aon bharrachas ann go fóill ina dhiaidh sin, íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid an bharrachais fhágtha sin leis an gcuideachta ansin ní luaithe ná 24 mí tar éis dáta íocaíochta na chéad tráthchoda.

Ar ais go Barr

Mura mbíonn foirgneamh á úsáid go hiomlán agus go heisiatach chun críocha Taighde agus Forbartha (T&F), cén chuid den chaiteachas is féidir a éileamh?

Sula raibh Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 ann, ba ghá don fhoirgneamh nó don déanmhas a bheith á úsáid go hiomlán agus go heisiach le haghaidh T&F le cáiliú le haghaidh an chreidmheasa maidir le foirgneamh nó déanmhas. Tá foráil ann in Acht (Uimh. 2) Airgeadais 2008 go ríomhfar an creidmheas trí thagairt don chuid den fhoirgneamh nó den déanmhas atá le bheith úsáidte le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha amháin, sa chás go bhfuil 35% den fhoirgneamh á úsáid sa tréimhse bhainteach shainithe 4 bliana le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha ar a laghad. Caithfidh an bunús a úsáidtear chun leithdháileadh úsáide an fhoirgnimh a shocrú a bheith cóir agus réasúnta, dar leis an gcigire (nó ar achomharc chuig na Coimisinéirí Achomharc). Má tharlaíonn sé ag am ar bith nach bhfuil an bunús a úsáidtear chun leithdháileadh úsáide an fhoirgnimh a shocrú cóir agus réasúnta a thuilleadh, ba chóir leithdháileadh breise a dhéanamh ansin. Déanfar aon mheasúnú nó aisíocaíocht a bhfuil gá léi chun an t-athbhreithniú seo a chur i bhfeidhm.

Má tá caiteachas bainteach tabhaithe ag cuideachta ar fhoirgneamh cáilitheach ar luach €1,000,000 agus má tá 50% den fhoirgneamh sin le bheith úsáidte ag an gcuideachta le haghaidh T&F agus 50% le haghaidh déantúsaíochta, is ionann an caiteachas sainithe bainteach agus €500,000. Is é an creidmheas cánach a bheidh dlite ná €125,000 (25% de €500,000).

Ar ais go Barr

An gcuirtear teorainneacha ama ar bith i bhfeidhm maidir le héilimh ar chreidmheasanna cánach um thaighde agus forbairt?

Cuirtear. Is gá gach éileamh a dhéantar ar nó tar éis 1 Eanáir 2009 faoi alt 766 agus alt 766A de ACC 1997 a dhéanamh taobh istigh de 12 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina ndéantar an caiteachas. D'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim Ríomhthreoir Uimh.63/2008 ar 24 Samhain 2008, ina leagtar amach na teorainneacha ama nua agus inar gcuirtear cleachtóirí ar an eolas faoin rogha atá ar fáil dóibh éilimh chosanta a thaisceadh ar nó roimh 31 Nollaig 2008, maidir le caiteachas T&F a tabhaíodh i dtréimhsí a chríochnaigh ar nó roimh 31 Nollaig 2007.

Ar ais go Barr

Cad é an sochar do ghnólachtaí nua-thionscanta?

Ligeann na hathruithe a tugadh isteach in Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 do gach comhlacht leas a bhaint as creidmheas cánach 25% den chaiteachas cáilitheach. Tarlaíonn sé go minic go mbíonn caillteanas á dhéanamh ag cuideachtaí nua-thionscanta sna chéad bhlianta dá dtrádáil, rud a chiallaíonn nach mbíonn aon cháin chorparáide iníoctha. Ós rud é nach ligeann an córas suas go dtí 31 Nollaig 2008 do chuideachta ach an creidmheas cánach a úsáid chun an cháin chorparáide iníoctha a laghdú, ní fhéadfadh cuideachta leas a bhaint as an gcreidmheas fad is atá caillteanas á dhéanamh acu.

Is féidir le cuideachtaí éileamh a dhéanamh ar íocaíocht mhéid na gcreidmheasanna gan úsáid atá fágtha (tar éis fritháirimh sa tréimhse chuntasaíochta roimhe sin) i dtrí thráthchuid faoi réir na dteorainneacha atá i bhfeidhm faoi Alt 766B de ACC 1997, in áit creidmheasanna cánach gan úsáid a thabhairt ar aghaidh, faoin gcóras nua.

I gcás gnólachta nua-thionscanta nach raibh cáin chorparáide íoctha aici roimhe seo, is é an teorainn a bheidh ann ná a dliteanais phárolla le haghaidh na tréimhse inar tabhaíodh an caiteachas. Is ionann seo agus feabhsú mór ar an sreabhadh airgid, go háirithe do chuideachtaí nua-thionscanta agus do chuideachtaí a dhéanann caillteanas.

Má tá na méideanna atá iníoctha faoi shrian na ndliteanas párolla le haghaidh na tréimhse inar tabhaíodh an caiteachas, d'fhéadfaí aon bharrachas a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh cáin chorparáide i rith tréimhsí cuntasaíochta amach anseo.

Ar ais go Barr

Sa chás go bhfuil éilimh chosanta arna gcur isteach ag cuideachtaí faoin 31/12/08, cad is gá dóibh a dhéanamh anois chun a chinntiú go nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le héileamh bailí?

Leagann Ríomhthreoir Uimh. 02/2009 de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim amach na sonraí ar leith is gá a bheith ag gabháil le héileamh ar bith a dhéantar i gcomhréir le Ríomhthreoir Uimh. 63/2008. Ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le héilimh bhreise a sheoltar isteach maidir le cuideachta nach bhfuil éileamh cosanta taiscthe aici. Deir an Ríomhthreoir an méid seo a leanas:

  1. Ní ghlacfar le héileamh ar bith a sheoltar isteach ina bhfuil eolas neamhiomlán.
  2. Ní ghlacfar le heolas breise a sheoltar isteach tar éis 30/4/2009.
  3. Ní ghlacfar le heolas cineálach nach mbaineann le tionscadal ar leith nó nach ndíríonn ar na ceisteanna eolaíocha ar bhealach sainiúil nó beacht.
  4. Is gá eolas ar leith a sheoladh isteach maidir le gach tionscadal, sa chás go raibh níos mó ná tionscadal amháin á dhéanamh ag an gcuideachta.

Chomh maith leis sin, leagann an Ríomhthreoir amach an t-eolas ar leith is gá a sheoladh isteach faoi 30/4/2009 sna sonraí, ar mhaithe le héileamh cosanta a athrú ina éileamh bailí.

Ar ais go Barr

Cad iad na hathruithe a rinneadh ar na forálacha aisghlámtha?

Is é cuspóir an aisghlámtha ná luach na gcreidmheasanna cánach atá úsáidte cheana chun cáin chorparáide a laghdú a aisghabháil ón gcuideachta i gcúinsí áirithe, de bhua alt 766A de ACC 1997.

Sula raibh Acht Airgeadais (Uimh.2) 2008 ann, bhí an t-aisghlámadh i bhfeidhm ar eagla go dtarlódh sé ag am ar bith i rith na tréimhse 10 mbliana a thosódh ag tús na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhófaí an caiteachas bainteach go mbeadh an foirgneamh nó an déanmhas:

  • díolta, nó
  • go dtosófaí dá úsáid le haghaidh cuspóirí seachas gníomhaíochtaí taighde agus forbartha ag an gcuideachta.

Tá foráil in Acht Airgeadais (Uimh.2) 2008 go mbeadh an t-aisghlámadh i bhfeidhm sa chás go dtarlódh sé ag am ar bith i rith na tréimhse 10 mbliana a thosódh ag tús na tréimhse cuntasaíochta ina dtabhófaí an caiteachas bainteach go mbeadh an foirgneamh nó an déanmhas:

  • díolta, nó
  • dá gcuirfí deireadh lena úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí taighde agus forbartha, nó
  • dá dtiocfadh deireadh lena úsáid le haghaidh na trádála céanna a bhí á déanamh ag an gcuideachta ag tús na tréimhse sainithe baintí a ndearnadh na gníomhaíochtaí taighde agus forbartha maidir léi.

Chomh maith leis an gcreidmheas cánach a úsáid chun cáin chorparáide a laghdú, déanann an córas soláthar le haghaidh íocaíocht creidmheasanna gan úsáid leis an gcomhlacht ag na Coimisinéirí Ioncaim. Leasaítear na forálacha aisghlámtha chun luach na gcreidmheasanna cánach a úsáideadh chun cáin chorparáide a laghdú agus na creidmheasanna cánach nár úsáideadh agus a bhí íoctha ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana a aisghabháil ón gcuideachta.

Ar ais go Barr

Cad a tharlaíonn do na suimeanna is iníoctha más tréimhse níos lú ná 12 mhí í an chéad tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin?

Tabhaíonn comhlacht caiteachas ar T&F sa tréimhse chuntasaíochta 12 mhí dar críoch 31/12/09. Má tá barrachas ann go fóill tar éis do chreidmheasanna gan úsáid a bheith tugtha siar chun cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta roimhe sin a laghdú, is féidir leis an gcuideachta éileamh a dhéanamh go n-íocfadh na Coimisinéirí Ioncaim méid an bharrachais sin leo i dtrí thráthchuid i rith tréimhse 33 mí, ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas.

Ní íocfar an chéad tráthchuid níos luaithe ná 21/9/10, .i. an dáta a bhfuil an tuairisceán cáin chorparáide le haghaidh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas dlite.

Tá ceangal ann sa reachtaíocht go n-úsáidfear an t-iarmhéid atá fágtha chun cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta dár gcionn a laghdú, fiú sa chás go bhfuil tréimhse níos lú ná 12 mhí i gceist. Más í an chéad tréimhse chuntasaíochta eile an tréimhse 6 mhí dar críoch 30/6/10, úsáidfear aon bharrachas atá ann go fóill chun cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta 6 mhí sin a laghdú. Ach ní féidir an dara tráthchuid a íoc níos luaithe ná 12 mhí tar éis 21/9/10, arbh é an dáta dlite le haghaidh tuairisceán cáin chorparáide na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caiteachas. Mar sin, ní íocfar an dara tráthchuid níos luaithe ná 21/9/11.

Ar ais go Barr

Conas is féidir le cuideachta éileamh a dhéanamh go n-íocfaí iad i leith chreidmheasanna nár úsáideadh?

Cuimseoidh Painéal 9 den fhoirm CTI 2009 na boscaí bainteacha is gá don chomhlacht is éilitheoir a chomhlánú chun éileamh a dhéanamh.

Ar ais go Barr

Má fuair cuideachta deontas Taighde Teicneolaíochta agus Nuálaíochta (TTN), an gá dóibh an fhaisnéis a iarrtar in eBrief Uimh. 02/2009 a chur isteach?

Baineann na nósanna imeachta atá leagtha amach i Ríomhthreoir Uimh. 63/2008 agus i Ríomhthreoir Uimh. 02/2009 le gach cuideachta atá ag iarraidh éileamh a dhéanamh ar chreidmheasanna cánach T&F le haghaidh tréimhsí a chríochnaigh ar nó roimh 31/12/2007, sa chás nach bhfuil éilimh iomlána déanta cheana ar nó roimh 31/12/08. Bainfidh na nósanna imeachta seo le comhlachtaí a fhaigheann deontais TTN.

Ar ais go Barr

An ndéantar éilimh maidir le T&F faoi fhéinmheasúnú go fóill?

Déantar. Sa chás go bhfuil comhlacht muiníneach go bhfuil siad in ann cloí leis na ceangail faoisimh, éilítear an creidmheas T&F trí na sonraí bainteacha a chur isteach i bhFoirm CT1 na cuideachta. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil gá le doiciméid tacaíochta ar bith a sheoladh isteach in éineacht leis an tuairisceán. Maidir leis seo, níl aon difear ann idir creidmheas cánach taighde agus forbartha a éileamh agus éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach nó ar chreidmheas cánach ar bith eile a bhaineann le cáin chorparáide.

Ar ais go Barr

Cén bhaint atá ag an mbliain 2003?

Faoi S766 déantar an creidmheas cánach um T&F a ríomh ar bhonn carnach. Chun críocha an méid breisíoch a ríomh, cuirtear caiteachas na bliana i gcomparáid le caiteachas na bunbhliana 2003. Léiríonn an sampla seo a leanas an bonn breisíoch.

			Caiteachas ar T&F i rith 2003:	100,000 
Caiteachas ar T&F i rith 2009: 300,000
Méid breisíoch: 200,000

Is é an Creidmheas Cánach atá dlite i rith 2009 ná (200,000 @ 25%): €50,000

Ar ais go Barr

Má tá caiteachas nialasach ag cuideachta ar T&F i 2003, an féidir leo éileamh a dhéanamh go fóill ar an gcreidmheas i leith chaiteachais a tabhaíodh i dtréimhsí níos déanaí?

Faoi S766 déantar an creidmheas cánach um T&F a ríomh ar bhonn carnach. Ar mhaithe le ríomh an méid bhreisíoch, cuirtear caiteachas na bliana i gcomparáid le caiteachas na bunbhliana 2003, bliain ina bhféadfadh nialas a bheith i gceist. Tugann an sampla seo a leanas léiriú air sin.

		Caiteachas ar T&F i rith 2003 - Nialas 
Caiteachas ar T&F i rith 2009 300,000
Méid breisíoch: 300,000

Is é an Creidmheas Cánach atá dlite i rith 2009 ná (300,000 @ 25%) €75,000

Ar ais go Barr

Cad a tharlaíonn má bhíonn caiteachas cuideachta ar T&F i dtréimhse chuntasaíochta níos lú ná an figiúr comhfhreagrach do 2003?

Faoi S766 déantar an creidmheas cánach um T&F a ríomh ar bhonn carnach. Chun críocha an méid breisíoch a ríomh, cuirtear caiteachas na bliana i gcomparáid le caiteachas na bunbhliana 2003. Má bhí an caiteachas i rith 2003 níos mó ná an caiteachas i mbliain an éilimh, ní raibh aon chaiteachas breisíoch ann ar T&F ansin. Tugann an sampla seo a leanas léiriú air sin.

		Caiteachas ar T&F i rith 2003	500,000 
Caiteachas ar T&F i rith 2009 300,000
Níl aon mhéid breisíoch ann

Níl aon Chreidmheas Cánach dlite.

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil