SA CHUID SEO

Cánacha & Dleachtanna

Díolúintí

Baineann díolúine ó Cháin Iarchoimeádta Díbhinne le cás dáiltí ábhartha a dhéanann cuideachta atá ina cónaí sa Stát le duine atá i dteideal na ndáiltí go tairbheach agus atá i gceann de na catagóirí seo a leanas -

Daoine eisiata

  • cuideachta a bhfuil a háit chónaithe in Éirinn aici
  • scéim pinsean
  • bainisteoirí cistí scoir faofa, cistí scoir íosta faofa agus cuntais speisialta dreasachta coigiltis
  • iontaobhas ina bhfuil rogha scaire d’fhostaithe incháilithe
  • gnólacht chomhinfheistíochta
  • carthanas
  • comhlacht spóirt atá díolmhaithe ó cháin ioncaim toisc go bhfuil an t-ioncam atá i gceist á úsáid d’aontoisc chun spóirt nó cluichí lúthchleasaíochta nó amaitéaracha a chur chun cinn
  • stocbhróicéir ainmnithe a fhaigheann dáiltí ábhartha mar chuid d’ioncam chuntas speisialta infheistíochta punainne,
  • duine a bhfuil éagumas buan air/uirthi agus atá díolmhaithe ó cháin ioncaim maidir le hioncam ó íocaíochtaí cúitimh arna n-infheistiú ag na cúirteanna nó faoi shocrú “lasmuigh den chúirt” do dhíobhálacha pearsanta
  • iontaobhaithe ciste iontaobhais a tiomsaíodh le suibscríbhinní poiblí do dhuine aonair a bhfuil éagumas buan air/uirthi chun é/í féin a chothú áit a bhfuil an t-iontaobhas díolmhaithe ó cháin ioncaim maidir le hioncam ó chistí iontaobhais a infheistiú,
  • duine a bhfuil éagumas buan air/uirthi agus atá díolmhaithe ó cháin ioncaim maidir le híocaíochtaí ón iontaobhas thuasluaite agus maidir le hioncam a fhaigheann an duine sin óna leithéid d’íocaíochtaí a infheistiú, nó
  • íospartach tailídimíde atá díolmhaithe ó cháin ioncaim maidir le hioncam ó íocaíochtaí cúitimh á infheistiú ag an Aire Sláinte agus Leanaí nó ag “foras íospartaigh na tailídimíde”.

Daoine neamhchónaitheacha incháilithe

  • duine (seachas cuideachta) nach bhfuil ina chónaí ná ina ghnáthchónaí sa Stát ach atá ina chónaí chun críocha cánach i dtír a bhfuil conradh cánach dúbailte ag Éirinn léi (tír conartha cánach) nó i mballstát eile den AE,
  • cuideachta atá ina cónaí i mballstát eile den AE nó i dtír conartha cánach agus nach bhfuil faoi rialú cónaitheoirí Éireannacha, áit a sholáthraítear teastas cónaithe cánach ón údarás cánach sa tír atá i gceist agus teastas ó iniúchóir na cuideachta neamhchónaithí a dheimhníonn nach bhfuil sí faoi rialú cónaitheoirí Éireannacha,
  • cuideachta atá á rialú ag duine nó daoine atá ina c(h)ónaí/gcónaí i mballstát eile den AE nó i dtír conartha cánach nach bhfuil á rialú ag duine nó daoine nach bhfuil ina c(h)ónaí/gcónaí ina leithéid d’áit, áit a sholáthraítear teastas ó iniúchóir na cuideachta a dheimhníonn gurb amhlaidh atá sé,
  • cuideachta go bhfuil a príomhscaireanna, nó príomhscaireanna na cuideachta a bhfuil sí ina fochuideachta 75 faoin gcéad di, nó áit a bhfuil an chuideachta faoi úinéireacht iomlán dhá chuideachta nó níos mó a bhfuil príomhscaireanna an dá cheann acu, á thrádáil go suntasach agus go rialta ar stocmhalartán aitheanta i dtír conartha cánach nó i mballstát eile den AE, nó ar a leithéid de stocmhalartáin is a bheadh faofa ag an Aire Airgeadais.

Ar Ais go Barr

Dearbhú le déanamh

Má tá díolúine ó Cháin Iarchoimeádta Díbhinne á éileamh, ní mór dearbhú, sa leagan séanta, a chomhlánú. Nuair atá íocaíocht díbhinne nó dáileadh eile á dhéanamh díreach le scairshealbhóir díolmhaithe ag cuideachta nó ag ‘gníomhaire siarchoinneála údaraithe’, ní mór don scairshealbhóir fianaise go bhfuil sé/sí i dteideal díolúine a sholáthar, sa leagan séanta, don chuideachta nó don ‘ghníomhaire siarchoinneála údaraithe’. Má dhéantar an íocaíocht díbhinne nó dáileadh eile trí ‘idirghabhálaí incháilithe’, ní mór an fhianaise go bhfuil sé/sí i dteideal díolúine a thabhairt don idirghabhálaí.

Ar Ais go Barr

Neamhchónaitheacht & díolúine

I gcás na ndaoine aonair neamhchónaitheacha atá incháilithe ar dhíolúine ó cháin shiarchoinneálach ar dhíbhinní, déantar teidlíocht ar dhíolúine a chruthú trí dhearbhú a dhéanamh maidir le neamhchónaitheacht agus caithfear tacú leis sin trí phróiseas teastais (.i. teastas cónaithe cánach ó na húdaráis chánach sa tír ina bhfuil an duine sin ina c(h)ónaí chun críocha cánach).

I gcás cuideachtaí neamhchónaitheacha incháilithe, cruthaítear teidlíocht ar dhíolúine trí dhearbhú.

Bealtaine 2011

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil