Ceadúnas Ceantálaí agus Gníomhaire Tithe
Ní bhaineann an córas nua Ceadúnaithe le Ceantálaithe, Ceadanna Ceantála agus Gníomhairí Tithe, ós rud é go n-aistreofar an fhreagracht as Ceadúnais Ceantálaíochta go dtí an tÚdarás Náisiúnta Rialaitheach um Sheirbhísí Maoine
go luath, comhlacht atá suite san Uaimh, i gContae na Mí. Idir an dá linn, beidh Oifigí Réigiúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim freagrach as Ceadúnais Ceantálaíochta go dtí go mbeidh an t-athrú seo curtha i gcrích. Téann Ceadúnais Ceantálaíochta in éag go bliantúil ar 5 Iúil.
Má theastaíonn uait iarratas a chur isteach ar cheadúnas nua, déan teagmháil le d'Oifig Áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, le do thoil.
Doiciméid atá de dhíth chun Ceadúnas Ceantálaí, Cead Ceantála nó Ceadúnas Gníomhaire Tithe a athnuachan:
- Deimhniú Bunaidh Cáilíochta (ó Oifig na Cúirte Dúiche
) agus é dátaithe taobh
istigh de 28 lá ó fháil an Iarratais - Deimhniú Bunaidh Éarlaise agus é dátaithe taobh istigh de 28 lá ó fháil an Iarratais chomh maith
- Deimhniú Imréitigh Cánach
Tabhair do d'aire, le do thoil: Is gá go bhfuil an t-ainm agus an seoladh ar na 3 dhoiciméad thuas díreach mar an gcéanna.
- Tá dleacht €250 i gceist le haghaidh Ceadúnais Ceantálaí agus Ceadanna Ceantála. Tá dleacht €125 i gceist le haghaidh Ceadúnais Gníomhaire Tithe. (seic, dréacht bainc nó ordú poist amháin - ná seol isteach airgead tirim )
Bliain an Cheadúnaithe: 6 Iúil go dtí 5 Iúil.
Tabhair faoi deara, le do thoil: Rachaidh an Ceadúnas in éag ar 5 Iúil go bliantúil, beag beann ar an dáta eisiúna.
