Ceisteanna Coitianta
Ceisteanna coitianta ginearálta
- An bhfuil Ceadúnas de dhíth ar gach trádáil?
- Tá Deimhniú Cúirte agam; céard ba chóir dom a dhéanamh leis?
- An bhfuil cead agam m'Fhógra Athnuachana a sheoladh amach sa phost roimh ré? (m.sh. ceadúnas teach tábhairne atá le dul in éag ar 30 Meán Fómhair)
- Conas a fhaightear Ceadúnas?
- An féidir liom Ceadúnas a athnuachan ar ROS?
- Tá fógra athnuachana agam agus tá sé scríofa air gur diúltaíodh mé toisc nach bhfuil Imréiteach Cánach agam; an féidir liom mo sheic a sheoladh isteach ar aon nós?
- An bhfuil Deimhniú Cúirte mar an gcéanna le Ceadúnas?
- Má bhronntar Deimhniú Cúirte ar ainmnitheach cuideachta/comhpháirtíochta, cé hé/hí an Ceadúnaí?
- Má bhronntar Deimhniú Cúirte ar ainmnitheach cuideachta/comhpháirtíochta, cén duine ar gá dó/di a bheith imréitithe ó thaobh cánach de; an t-ainmnitheach, an chuideachta nó an chomhpháirtíocht?
- An bhfuil cead ag na Coimisinéirí Ioncaim sonraí ar Dheimhniú Cúirte a leasú nó a cheartú?
- Sa chás go bhfuil Ceadúnaí nua ann agus gur seoladh Deimhniú Aistrithe, cén Dleacht a íocann an Ceadúnaí nua?
- Cén uair a bhíonn Deimhniú Cúirte de dhíth?
- Céard ba chóir dom a dhéanamh má mé tar éis éirí as a bheith ag trádáil?
- Céard ba chóir dom a dhéanamh má tá mo Cheadúnas caillte agam?
- Má fhaighim Ceadúnas i lár na bliana Ceadúnais, an mbeidh sé bailí ar feadh 12 mhí?
- Cén t-ainm is cóir a bheith ar an gCeadúnas?
- Tá áitreabh Ceadúnaithe agam ach tá sé ligthe ar léas agam le haonán eile. An bhfuil cead agam cur isteach ar an gCeadúnas?
- Bhí mé ag oibriú roimhe seo mar thrádálaí aonair ach tá mé ag oibriú mar chuideachta anois. Céard ba chóir dom a dhéanamh maidir le mo Cheadúnas deochanna meisciúla?
- Cén duine ar chóir dó/di an duillín pá a shíniú?
- Cén duine ar chóir dom an íocaíocht a dhéanamh leis/léi?
- Cén t-ainm is cóir a bheith ar an Deimhniú Imréitigh Cánach?
- Cén duine a bhfuil Deimhniú Gearr Corpraithe de dhíth air/uirthi?
- Conas is féidir liom Deimhniú Gearr dúblach Corpraithe a fháil?
- Céard é Teastas Cláraithe Ainm Gnó?
- Conas a chláraítear an t-ainm gnó?
- Conas a fhaightear Deimhniú dúblach Cláraithe Ainm Gnó?
- Is mise ainmnitheach na cuideachta; an bhfuil cead agam an t-ainm gnó a chlárú nó an gá dó a bheith cláraithe ag an gcuideachta?
- Cé mhéad de dhleacht mháil atá iníoctha ar gach Ceadúnas?
An bhfuil Ceadúnas de dhíth ar gach trádáil?
Tá ceadúnas deochanna meisciúla de dhíth ar aon duine/aonán ar mian leis/léi/leo alcól a dhíol trí mhiondíol nó trí mhórdhíol.
Tá ceadúnas de dhíth ar na daoine/nithe seo a leanas chomh maith: -
- Ceantálaithe
- Biotáille Mheitileach
- Gníomhairí Tithe
- Cearrbhachas agus Meaisíní Cearrbhachais
- Cead Ceantála
- Ceadanna Siamsaíochta agus Meaisíní Siamsaíochta
- Trádálaí Ola Mianra
- Geallghlacadóir
Tá Deimhniú Cúirte agam; céard ba chóir dom a dhéanamh leis?
Ba chóir an Deimhniú Cúirte bunaidh a sheoladh isteach chuig an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Mháil in éineacht le
foirm iarratais bhainteach chomhlánaithe (PDF, 273KB) ina bhfuil sonraí uile an Cheadúnaí mar atá ceaptha ag na Cúirteanna agus mínithe sa Deimhniú Cúirte.
An bhfuil cead agam m'Fhógra Athnuachana a sheoladh amach sa phost roimh ré? (m.sh. ceadúnas teach tábhairne atá le dul in éag ar 30 Meán Fómhair)
Eiseofar na Fógraí Athnuachana go huathoibríoch dhá sheachtain roimh an dáta éaga. Ní eiseofar aon Fhógraí Athnuachana roimhe seo.
Conas a fhaightear Ceadúnas?
Má tá Ceadúnas Deochanna Meisciúla de dhíth ort (seachas Ceadúnas Míondíoltóir Fíona nó Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) - Amharclann agus Ceadúnais Mórdhíoltóirí áirithe), is gá duit Deimhniú Bunaidh Cúirte a fháil chun an Ceadúnas a fháil. Má theastaíonn uait iarratas a chur isteach ar aon chineál eile Ceadúnais, amhail Ceadúnas Miondíoltóirí Fíona, Ceadúnas Tábhairneora (Gnáthcheadúnas) - Amharclann, féach ar an leathanach darb ainm Cineálacha agus Ceangail Cheadúnais.
An féidir liom Ceadúnas a athnuachan ar ROS?
Is féidir, ach is gá go bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach bailí agat, chomh maith le doiciméid bhainteacha eile ar bith atá agat agus atá liostaithe ar d'Fhógra Athnuachana.
Tá fógra athnuachana agam agus tá sé scríofa air gur diúltaíodh mé toisc nach bhfuil Deimhniú bailí Cánach agam; an féidir liom mo sheic a sheoladh isteach ar aon nós?
Ní féidir. Is gá duit Deimhniú Imréitigh Cánach reatha a fháil ar dtús agus do sheic a sheoladh ansin in éineacht leis an bhFógra Athnuachana ansin chuig an Ard-Bhailitheoir, Teach an tSáirséalaigh, Sráid Phroinsias, Bosca Oifig Phoist 413, Luimneach. Tá ceangal ort a dhearbhú i bhFógra Athnuachana/Duillín Pá go bhfuil na doiciméid seo agat, go bhfuil siad bailí, i ndáta agus i do sheilbh agat agus go gcuirfidh tú ar fáil iad do na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cigireachta má iarrtar iad. Déanfar cur síos i d'Fhógra Athnuachana ar na doiciméid ar leith atá le bheith coinnithe le haghaidh an Cheadúnais ar leith atá uait.
An bhfuil Deimhniú Cúirte mar an gcéanna le Ceadúnas?
Níl. Bronnann an Chúirt údarás ar an duine/aonán atá ainmnithe ar an Deimhniú chun Ceadúnas a fháil. Is gá go mbeidh an Deimhniú Bunaidh Cúirte seolta chuig an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Mháil in éineacht le
foirm iarratais bhainteach chomhlánaithe (PDF, 273KB) ina bhfuil sonraí uile an Cheadúnaí mar atá ceaptha ag na Cúirteanna agus atá mínithe sa Deimhniú Cúirte.
Má bhronntar Deimhniú Cúirte ar ainmnitheach cuideachta/comhpháirtíochta, cé hé/hí an Ceadúnaí?
Is é an Chuideachta/Chomhpháirtíocht an Ceadúnaí agus ní an tAinmnitheach.
Má bhronntar Deimhniú Cúirte ar ainmnitheach cuideachta/comhpháirtíochta, cén duine ar gá dó/di a bheith imréitithe ó thaobh cánach de; an t-ainmnitheach, an chuideachta nó an chomhpháirtíocht?
Is gá go bhfuil Deimhniú bailí Imréitigh Cánach ag an gCuideachta nó an Chomhpháirtíocht.
An bhfuil cead ag na Coimisinéirí Ioncaim sonraí ar Dheimhniú Cúirte a leasú nó a cheartú?
Níl.
Sa chás go bhfuil Ceadúnaí nua ann agus gur seoladh Deimhniú Aistrithe, cén Dleacht a íocann an Ceadúnaí nua?
Is í an Dleacht Mháil Ceadúnais a bhí ar an áitreabh roimhe sin an méid atá le híoc ag an gCeadúnaí nua.
Cén uair a bhíonn Deimhniú Cúirte de dhíth?
Bíonn Deimhniú Bunaidh Cúirte de dhíth i gcásanna go ndéantar athrú áirithe ar an gCeadúnas. Is iad na gnáthchúinsí a bhíonn ann ná:
- nuair atá an Ceadúnas tar éis a bheith éagtha le bliain iomlán Cheadúnaithe anuas,
- nuair a bhronntar Ceadúnas nua,
- nuair a aistríodh an Ceadúnas i rith na bliana Ceadúnaithe agus/nó
- nuair a athraíodh limistéar Ceadúnaithe an áitribh i rith na bliana Ceadúnaithe roimhe sin.
Céard ba chóir dom a dhéanamh má mé tar éis éirí as a bheith ag trádáil?
Déan teagmháil leis an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Mháil i scríbhinn nó trí chúl na litreach clúdaigh athnuachana atá agat a chomhlánú, áit a dtugtar an dáta scoir agus sonraí Ceadúnaí nua, nó trí ríomhphost chuig: exciselicences@revenue.ie. Cuimhnigh ar d'uimhir fóin/do sheoladh ríomhphoist, d'uimhir thagartha Ceadúnais agus d'uimhir chánach a chur san áireamh sa chomhfhreagras.
Céard ba chóir dom a dhéanamh má tá mo Cheadúnas caillte agam?
Déan teagmháil leis an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Mháil, le do thoil.
Má fhaighim Ceadúnas i lár na bliana Ceadúnaithe, an mbeidh sé bailí ar feadh 12 mhí?
Ní bheidh; tá dáta éaga ar gach Cead agus/nó Ceadúnas agus rachaidh sé in éag ar an dáta sin, beag beann ar an dáta eisiúna. Tabhair faoi deara, le do thoil, gur Dleacht sheasta é an dleacht mháil, beag beann ar an am a eisítear an Ceadúnas. Tá an Ceadúnas bailí ó dháta eisiúna an Cheadúnais amháin.
Cén t-ainm is cóir a bheith ar an gCeadúnas?
Is údarás é Ceadúnas chun Deochanna Meisciúla a dhíol do dhuine ainmnithe (D'fhéadfadh Duine ainmnithe a bheith ina Dhuine Aonair nó ina nDaoine Aonair, Duine Aonair mar ainmnitheach ar son Duine Aonair, Comhpháirtíocht nó Ainmnitheach Comhpháirtíochta, Cuideachta nó Ainmnitheach Cuideachta) le leanúint den trádáil atá údaraithe ag an gCeadúnas in áitribh luaite ar leith. Leanann sé as sin gur gá go mbeidh an duine atá ag trádáil ón áitreabh ainmnithe ar an gCeadúnas. Níl cead ag aon duine eile leanúint de ghnó Ceadúnaithe ná Deochanna Meisciúla a dhíol ná a sholáthar agus brabús a bhaint astu seachas an duine a bhfuil a (h)ainm ar an gCeadúnas, chomh maith lena s(h)eirbhísigh nó a g(h)níomhairí. Má tá tú ag trádáil ó áitreabh áirithe agus mura bhfuil d'ainm ar an gCeadúnas, tá tú ag trádáil go mídhleathach agus is gá duit bearta láithreacha a dhéanamh chun an cás a thabhairt chun rialtachta, trí aistriú an Cheadúnais chuig d'ainm féin a shocrú.
Tá áitreabh Ceadúnaithe agam ach tá sé ligthe ar léas agam le haonán eile. An bhfuil cead agam cur isteach ar an gCeadúnas?
Níl; is gá gurb é/í an Ceadúnaí Sealbhóir Tairbhiúil an Cheadúnais, is é sin, an duine/an t-aonán a dhéanann na gníomhaíochtaí faoin gCeadúnas (i gcomhréir leis an Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, Alt 1094).
Bhí mé ag oibriú roimhe seo mar thrádálaí aonair ach tá mé ag oibriú mar chuideachta anois. Céard ba chóir dom a dhéanamh maidir le mo Cheadúnas deochanna meisciúla?
Is gá duit iarratas a sheoladh chuig an gCúirt Dúiche chun an Ceadúnas a Aistriú.
Cén duine ar chóir dó/di an duillín pá a shíniú?
Ba chóir go síneodh an Ceadúnaí an Duillín Pá. Maidir le gnólacht chorpraithe, ba chóir don rúnaí cuideachta nó stiúrthóir den chuideachta an fhoirm a shíniú.
Cén duine ar chóir dom an íocaíocht a dhéanamh leis/léi?
Is féidir íocaíocht a dhéanamh le dréacht bainc, seic nó ordú poist. Bídís iníoctha leis an Ard-Bhailitheoir, le do thoil. Mar rogha eile, d'fhéadfá íoc agus comhdú ar líne le ROS.
Cén t-ainm is cóir a bheith ar an Deimhniú Imréitigh Cánach?
Is é an duine/an t-aonán atá ag trádáil i ndáiríre ón áitreabh d'fhonn brabús a dhéanamh an duine/an t-aonán a bhfuil ceangal air/uirthi an Deimhniú Imréitigh Cánach a sholáthar. Is minic a dhéantar tagairt don duine/aonán seo mar "shealbhóir tairbhiúil" an Cheadúnais. Ba chóir an duine/aonán seo a ainmiú mar Cheadúnaí.
Cén duine a bhfuil Deimhniú Gearr Corpraithe de dhíth air/uirthi?
Tá Deimhniú Gearr Corpraithe agus é dátaithe taobh istigh de cheithre seachtaine ó dhéanamh an iarratais, tá sé de dhíth le haghaidh gach Ceadúnas deochanna meisciúla sa chás gur cuideachta é an Ceadúnaí.
Conas is féidir liom Deimhniú Gearr dúblach Corpraithe a fháil?
Is féidir Deimhniú Dúblach a íoslódáil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí.
Úsáid Cuardach Cuideachtaíimg
chun uimhir na cuideachta ag an OCC a aimsiú.
Lódáil áis an Deimhnithe Dhúblaigh
agus an uimhir ón OCC á cur isteach agat sa réimse darb ainm Uimhir, roghnaigh Cuideachta ón roghchlár anuas Cineál Gnó agus cuir isteach an seoladh ríomhphoist ar chóir an Deimhniú Dúblach a sheoladh chuige. Clóigh, sínigh agus dátaigh.
Céard é Teastas Cláraithe Ainm Gnó?
Má tá Ceadúnas Deochanna Meisciúla ag áitreabh áirithe agus má tá ainm os cionn dhoras an áitribh seachas ainm an Cheadúnaí, is gá an t-ainm sin a chlárú ag an OCC
. Más rud é nach bhfuil aon ainm os cionn an dorais, is gá an t-ainm
coitianta a thugtar ar an áitreabh a chlárú ansin.
Conas a chláraítear an t-ainm gnó?
Má tá tuilleadh eolais uait faoin gcaoi le hainm gnó a chlárú, féach ar Shuíomh Gréasáin na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
nó cuir Íosghlao ar 1890 220 226, le do thoil.
Conas a fhaightear Deimhniú dúblach Cláraithe Ainm Gnó?
Is féidir Deimhniú Dúblach a íoslódáil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí.
Úsáid Cuardach Cuideachtaí
chun Uimhir ón OCC ar an gclárú Ainm Gnó a aimsiú.
Lódáil áis an Deimhnithe Dhúblaigh
agus an uimhir ón OCC á cur isteach agat sa réimse darb ainm Uimhir, roghnaigh Cuideachta ón roghchlár anuas Cineál Gnó agus cuir isteach an seoladh ríomhphoist ar chóir an Deimhniú Dúblach a sheoladh chuige. Clóigh, sínigh agus dátaigh.
Is mise ainmnitheach na cuideachta, an bhfuil cead agam an t-ainm gnó a chlárú nó an gá dó a bheith cláraithe ag an gcuideachta?
Tá ceangal ar an gcuideachta an t-ainm gnó a chlárú.
Cé mhéad de dhleacht mháil atá iníoctha ar gach Ceadúnas?
An dleacht iníoctha ar gach Ceadúnas.
Ceisteanna Coitianta Geallghlacadóirí
- Tá mé ag cur iarratais isteach ar Cheadúnas Nua Geallghlacadóra; céard atá de dhíth orm lena aghaidh?
- Conas a fhaightear Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta?
- Conas a chuirtear iarratas isteach ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta le haghaidh Geallghlacadóir Neamhchónaitheach?
- Cén uair a rachaidh mo Cheadúnas Geallghlacadóra in éag?
- Cén uair ar chóir dom a bheith ag súil le m'Fhógra Athnuachana a fháil?
- Céard atá de dhíth orm chun mo Cheadúnas Geallghlacadóra a athnuachan?
- Cén costas a bheidh ar mo Cheadúnas Geallghlacadóra i mbliana?
- Céard é costas na Dleachta ar mo Dheimhniú Cláraithe Áitribh?
- Tá Cuideachta agam; an bhfuil cead againn iarratas a chur isteach ar Cheadúnas Geallghlacadóra faoi ainm agus uimhir na Cuideachta?
- Céard atá de dhíth orm chun iarratas a chur isteach ar Dheimhniú Cláraithe Áitribh?
- Conas a fhaightear Deimhniú Oiriúnachta Áitribh?
- Cén duine a bhfuil ceangal air/uirthi Dleacht Ghealltóireachta a chur ar aghaidh?
Tá mé ag cur iarratais isteach ar Cheadúnas Nua Geallghlacadóra; céard atá de dhíth orm lena aghaidh?
Is gá go mbeidh na nithe seo a leanas in éineacht le gach iarratas nua:
- Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta,,
- Deimhniú Cláraithe Áitribh (sa chás go bhfuil gnó Geallghlacadóra á oibriú ó áitreabh),
- Deimhniú Imréitigh Cánach bailí agus
-
Foirm
Iarratais Geallghlacadóra atá comhlánaithe (PDF, 36KB). Maidir le
Geallghlacadóir neamhchónaitheach, is gá iarratas a chur isteach
ar litir cheada ón
Aire, uimhir bhailí Chláraithe Cánach agus Deimhniú
Imréitigh Cánach, sula seoltar iarratas chuig an Oifig Náisiúnta Ceadúnais Mháil
.
An chaoi le Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta a fháil
- Foilsigh Fógra in Dhá Nuachtán Áitiúla ar feadh coicíse sa chuid
Fógraíochta.
"An tAcht um Gheall-Chur, 1931 – Alt 4(2) Gach éinne tá ar aigne deimhniú oiriúnachta pearsanta d'iarraidh fén alt so déanfa sé, coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh an iarratas san do dhéanamh, fógra go bhfuil sé ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh d'fhoillsiú, uair amháin ar a laighead, i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear i gceanntar an cheannphuirt go bhfuil sé ar aigne aige an deimhniú san d'iarraidh air"
- Seol iarratas chuig Ceannfort an Gharda Síochána.
Conas a chuirtear iarratas isteach ar Dheimhniú Oiriúnachta Pearsanta le haghaidh Geallghlacadóir Neamhchónaitheach?
- Ní mór fógra rúin a fhoilsiú uair amháin ar a laghad i Nuachtán Laethúil a
fhoilsítear agus a scaiptear i gcathair Bhaile Átha Cliath.
"An tAcht um Gheall-Chur, 1931 - Alt 5(2) Gach éinne tá ar aigne deimhniú oiriúnachta pearsanta d'iarraidh fén alt so déanfa sé, coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh an iarratas san do dhéanamh, fógra go bhfuil sé ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh d'fhoillsiú, uair amháin ar a laighead, i bpáipéar nuachta laethiúil a foillsítear agus a léightear i gCathair Bhaile Atha Cliath."
- Is gá iarratas a sheoladh chuig an Roinn Cirt, Comhionannais agus Cosanta chun Deimhniú Oiriúnachta Pearsanta a fháil.
Cén uair a rachaidh mo Cheadúnas Geallghlacadóra in éag?
Is é dáta éaga an Cheadúnais Geallghlacadóra ná 30 Samhain, beag beann ar an dáta eisiúna.
Cén uair ar chóir dom a bheith ag súil le m'Fhógra Athnuachana a fháil?
Eiseofar Fógraí Athnuachana thart ar dhá sheachtain roimh an dáta éaga.
Céard atá de dhíth orm chun mo Cheadúnas Geallghlacadóra a athnuachan?
Dleacht €250 - Tá an Dleacht agus an Duillín Pá le bheith seolta chuig an Ard-Bhailitheoir, Teach an tSáirséalaigh, Sráid Phroinsias, Bosca Oifig Phoist 413, Luimneach. Ná seol aon doiciméid eile in éineacht le d'Fhógra Athnuachana. Déantar cigireacht ar Cheadúnaithe go fánach. Tá ceangal ort a dhearbhú i bhFógra Athnuachana/Duillín Pá go bhfuil na doiciméid bhainteacha agat, go bhfuil siad bailí, i ndáta agus i do sheilbh agat agus go gcuirfidh tú ar fáil iad do na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cigireachta má iarrtar iad. Déanfar cur síos i d'Fhógra Athnuachana ar na doiciméid ar leith atá le bheith coinnithe le haghaidh an Cheadúnais ar leith atá uait.
Cén costas a bheidh ar mo Cheadúnas Geallghlacadóra i mbliana?
Is é an dleacht ar Cheadúnas Geallghlacadóra ná €250.
Céard é costas na Dleachta ar mo Dheimhniú Cláraithe Áitribh?
Is é an dleacht ar Dheimhniú Cláraithe Áitribh ná €380.
Tá Cuideachta agam; an bhfuil cead againn iarratas a chur isteach ar Cheadúnas Geallghlacadóra faoi ainm agus uimhir Thagartha Cánach na Cuideachta?
Faoin Acht um Gheall-Chur, 1931, níl cead ach ag Duine Aonair Ceadúnas Geallghlacadóra a fháil.
Céard atá de dhíth orm chun iarratas a chur isteach ar Dheimhniú Cláraithe Áitribh?
Má theastaíonn uait iarratas a chur isteach ar Dheimhniú Cláraithe Áitribh, is gá don Cheadúnaí Deimhniú Oiriúnachta Áitribh a fháil ón nGarda Síochána áitiúil. Is gá go mbeidh an Deimhniú seo dátaithe taobh istigh de 21 lá ó dhéanamh an iarratais. Is gá go bhfuil Ceadúnas bailí Geallghlacadóra ina s(h)eilbh ag an gCeadúnaí chomh maith.
Conas a fhaightear Deimhniú Oiriúnachta Áitribh?
- Foilsigh Fógra in Dhá Nuachtán Áitiúla ar feadh coicíse sa chuid
Fógraíochta.
"An tAcht um Gheall-Chur, 1931 – Alt 10(2) Gach éinne atá ar aigne deimhniú oiriúnachta áitreibh d'iarraidh fén alt so déanfa sé, coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh an iarratas san do dhéanamh, fógra go bhfuil sé ar aigne an t-iarratas san do dhéanamh d'fhoillsiú, uair amháin ar a laighead, i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil an t-áitreabh suidhte le n-a mbaineann an t-iarratas san atá sé ar aigne a dhéanamh ."
- Seol iarratas chuig Ceannfort an Gharda Síochána.
Cén duine a bhfuil ceangal air/uirthi Dleacht Ghealltóireachta a chur ar aghaidh?
Geallghlacadóirí a bhfuil Áitreabh acu agus Geallghlacadóirí ar Líne.
