Tobhach Ioncaim
Beidh deireadh leis an tobhach ioncaim le héifeacht ón 1 Eanáir 2011.
Beidh éifeacht leis an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) ón 1 Eanáir 2011.
Tá an Tobhach Ioncaim iníoctha ar ollioncam ó gach foinse roimh aon fhaoiseamh cánach, liúntais chaipitiúla, caillteanais nó ranníocaíochtaí pinsin.
Income Levy - Frequently Asked Questions (PDF, 602KB)
Seo mar a leanas na rátaí bliantúla den tobhach ioncaim i gcomhair 2009.
- 1.67%: Ioncaim suas le €75,036 sa bhliain
- 3%: Ioncaim idir €75,037 agus €100,100 sa bhliain
- 3.33%: Ioncaim idir €100,101 agus €174,980 sa bhliain
- 4.67%: Ioncaim idir €174,981 agus €250,120 sa bhliain
- 5%: Ioncaim de bhreis ar €250,120 sa bhliain
1 Eanáir 2009 go 30 Aibreán 2009
- 1%: Ioncaim suas le €100,100 sa bhliain
- 2%: Ioncaim idir €100,101 agus €250,120 sa bhliain
- 3%: Ioncaim de bhreis ar €250,120 sa bhliain
Ó 1 Bealtaine 2009
- 2%: Ioncaim suas le €75,036 sa bhliain
- 4%: Ioncaim idir €75,037 agus €174,980 sa bhliain
- 6%: Ioncaim de bhreis ar €174,980 sa bhliain
Catagóirí Díolmhaithe:
- Sa chás nach dtéann ioncam dhuine aonair thar €15,028 in aghaidh na bliana
- Daoine aonair atá 65 bliana d’aois nó os a chionn sa chás nach dtéann a n-ioncam bliantúil thar €20,000 in aghaidh na bliana
- Sealbhóirí cártaí leighis iomlána
- Tá íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh eisiata ón tobhach ioncaim freisin.
