Duine atá fostaithe chun aire a thabhairt do dhuine faoi éagumas

Ar Ais go Barr

Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?

Duine den chlann a fhostaíonn cúramóir chun aire a thabhairt do ghaol faoi éagumas.

Ar Ais go Barr

Coinníollacha Cáilithe

  1. Ní mór go mbeadh an duine faoi éagumas iomlán fisiciúil nó intinne go hiomlán.
  2. Ní mór go mairfeadh an t-éagumas i gcaitheamh na bliana measúnaithe. Ní gá, áfach, go mbeadh an duine fostaithe ar feadh na bliana ar fad. Cé nach dtugann na focail "i gcaitheamh na bliana measúnaithe" cead faoiseamh a éileamh don bhliain inar thit an duine faoi éagumas go hiomlán; ó 1 Eanáir 2004 ar aghaidh:

D'fhéadfaí faoiseamh a cheadú don bhliain chánach inar thit an duine faoi éagumas go iomlán, is í an asbhaint ná an méid is ísle de, áfach, ná:- Blianta Cánach 2004 agus 2005.

  1. na costais iarbhír tabhaithe; nó
  2. an uas-asbhaint de (€30,000 do na blianta 2004 agus 2005 agus €50,000 don bhliain 2006 agus na blianta ina dhiaidh sin), arna cionroinnt bunaithe ar líon na míosa ina raibh an duine faoi éagumas iomlán sa chéad bhliain.

Blian Chánach 2006 agus na blianta ina dhiaidh sin.

  1. na costais iarbhír tabhaithe; nó
  2. an uas-asbhaint de €50,000. Níl aon riachtanas ann chun an faoiseamh a chionroinnt.

Is féidir leis an duine a bheith fostaithe ag gníomhaireacht.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh Dlite

Is é méid an liúntas costas glan le duine a fhostú faoi réir an uasteorainn (féach an chairt ).

i.e.: Costas a bhaineann leis an duine a fhostú lúide aon mhéid faighte ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ón Údarás Áitiúil srl.

Níl sé de choinníoll ar an éilitheoir clárú mar fhostóir, ach mar fhostóir, beidh dualgais áirithe ÍMAT/ÁSPC agus MSU air/uirthi.

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

Mean Fómhair 2011

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil