Postchúnamh (Daoine dífhostaithe go fadtéarmach ag glacadh le Post)
Tá faoiseamh speisialta ann do dhaoine atá dífhostaithe le bliain ar a laghad agus a ghlacann post nua. Is é €3,810 an faoiseamh sa chéad bhliain fostaíochta móide €1,270 do gach leanbh, a laghdaíonn go dtí dhá thrian den mhéid sin i mBliain 2 agus aon trian i mBliain 3.
- Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
- Coinníollacha Cáilithe
- Faoiseamh Dlite
- Na Doiciméid atá ag Teastáil
- Ábhar Tagartha
- Faisnéis Bhreise
Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
Duine
- a bhí dífhostaithe go leanúnach le 12 mhí ar a laghad agus
- atá ag fáil Sochar Cuardaitheora Poist, Cúnamh Cuardaitheora Poist, Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora, Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais nó
- ó 01/01/06 ar leith Pinsean Easláine le 12 mhí ar a laghad nó Sochar Breoiteachta ar feadh trí bliana ar a laghad.
Ón 1 Eanáir 2010, ní bheidh suas le 15 lá d’fhostaíocht theagmhasach, a cuireadh san áireamh agus sochair Coimirce Sóisialaí á ríomh, san áireamh (.i. ní mór duit a bheith ag fáil íocaíochtaí Coimirce Sóisialaí ar feadh 12 mhí móide suas go dtí 15 lá ionas go n-áireofaí laethanta fostaíochta teagmhasaí).
Beidh príosúnaigh sna catagóirí seo a leanas incháilithe do Postchúnamh -
- Ó 31 Iúil 1998 ar aghaidh beidh príosúnaigh a scaoileadh saor faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta incháilithe má chaith siad téarma leanúnach sa phríosún ar feadh 12 mhí ar a laghad, roimh dháta tosaigh na fostaíochta
- Ó 1 Eanáir 2006, má scaoileadh príosúnach saor meastar go bhfuil na tréimhsí a caitheadh i bpríosún ar aon chéim le tréimhsí dífhostaíochta.
Coinníollacha Cáilithe
Caithfidh an t-éilitheoir fostaíocht a ghlacadh -
- a thosaíonn an 6 Aibreán 1998 nó ina dhiaidh
- a leanann ar feadh 30 uaire in aghaidh na seachtaine ar a laghad
- ar féidir léi leanúint ar aghaidh ar feadh 12 mhí agus
- chomh fada is nár briseadh an duine a bhí fostaithe cheana as a phost
- nach bhfuil an fhostaíocht bunaithe go príomha ar choimisiúin (.i. thar 75% de thuillimh bunaithe ar choimisiúin)
- nach raibh aon iomarcaíochtaí sa chomhlacht sa 26 seachtaine roimhe
- nach fostaíocht í áit nach raibh aon fórsa oibre ag teastáil ón bhfostóir.
Faoiseamh Dlite
Féach na cairteacha chun an faoiseamh atá dlite a fháil.
Tá an t-éilitheoir i dteideal liúntais bhreise i leith gach linbh incháilithe.
Tá liúntais dlite do thréimhse trí bliana cánach.
Na Doiciméid atá ag Teastáil
Foirm RJA1 - Cúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim (PDF, 294KB) .
Cuid 1 le comhlánú ag an bhfostaí.
Cuid 2 le comhlánú ag an bhfostóir.
Ábhar Tagartha
- Bileog IT 58 - Postchúnamh - Faisnéis don Fhostaí
- IT 59 - Cúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim - Faisnéis don Fhostóir
Faisnéis Bhreise
- Tugtar faoiseamh do dhaoine incháilithe amháin
- Níl sé ar fáil ach in aghaidh tuillimh ó phost incháilithe agus ní féidir leis na tuillimh ón bpost incháilithe a shárú
- Féadann éilitheoir éileamh a dhéanamh sa bhliain chánach mheasúnaithe inar thosaigh an fhostaíocht nó sa bhliain chánach dar gcionn, cibé acu is fearr don éilitheoir
- Ní féidir an chuid neamhúsáidte den liúntas a aistriú chuig céile nó do pháirtnéir.
- Féadann fostaí an fhostaíocht a athrú nó a atosú uair amháin sa tréimhse trí bliana agus an liúntas a choinneáil chomh fada is gur fostaíocht incháilithe an dara post. Má thosaíonn fostaí an tríú post caillfidh siad an liúntas.
Nuashonraithe: Deireadh Fómhair 2011
