Liúntas do Mharaithe
Tá liúntas cánach €6,350 ar fáil do mharaithe atá ar muir ar aistear mara ag dul chuig port eachtrach nó ag filleadh uaidh ar feadh 161 lá ar a laghad sa bhliain chánach. Baineann sé chomh maith le maraithe ar shoithigh a sholáthraíonn seirbhís do rigí druileála.
Ginearálta
Tugadh isteach an liúntas sa bhliain 1998/1999 agus is féidir é a éileamh in ionad na hAsbhainte Tuilleamh Coigríche*(Nóta 4) nó an Faoiseamh d’Oibrithe Trasteorainn.
Coinníollacha Cáilithe
- Ní mór don mharaí a bheith ar muir ar feadh 161 lá ar a laghad le linn na bliana cánach. (169 lá i gcás blianta roimh 2001).
- Caithfidh an fhostaíocht a bheith déanta go hiomlán ar bord loinge farraige *(nóta 1) le linn aistir mara idirnáisiúnta agus
- Caithfidh an t-aistear mara tosú nó críochnú i bport *(nóta 2) lasmuigh den Stát agus
- Ní féidir leis an maraí a bheith fostaithe san Earnáil Phoiblí.
- Ní ligtear don mharaí Asbhaint Tuilleamh Coigríche *(nóta 3) agus*(nóta 4), nó Déileáil Bliana Scoilte a éileamh ó thaobh an ioncaim.
Faoiseamh Dlite
€6,350 - Ar fáil ag an ráta caighdeánach cánach is airde.
Ní féidir an liúntas a chur in aghaidh aon ioncaim eile atá ag an duine nó in aghaidh ioncam a c(h)éile.
Na Doiciméid atá ag Teastáil
Is gá éileamh scríofa a chur isteach ag deireadh na bliana cánach taobh le litir tacaíochta ón bhfostóir.
Nóta 1: Ciallaíonn long farraige long nach soitheach iascaireachta í atá cláraithe i gclár loingseoireachta Bhallstát den Aontas Eorpach agus a úsáidtear chun críocha paisinéirí nó lastas tráchtála a iompar agus sin amháin.
Nóta 2: Meastar rige nó ardán i limistéar mara mar phort - lena n-áirítear rigí laistigh de scairbh ilchríochach na hÉireann.
Nóta 3: Rogha malartach é an liúntas ar an Asbhaint Tuilleamh Coigríche. D’fhéadfadh sé go mbeadh rogha ag maraithe áirithe. Ní féidir an dá cheann a éileamh. Ní bhíonn an rogha i gceist ach amháin i gcás maraithe ar aistir go dtí cinn scríbe lasmuigh den RA mar nach bhfeidhmíonn Asbhaint Tuilleamh Coigríche i gcás tréimhsí neamhláithreachta ar chuairteanna díreacha chuig an RA.
Nóta 4: Chríochnaigh Faoiseamh i leith Asbhaint Tuilleamh Coigríche ar 31/12/2003. Cáilíonn maraithe ar aistir dhíreacha chuig an RA don liúntas.
