Muirir Seirbhíse

Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?

Duine/céile a íocann muirir seirbhíse go hiomlán agus go tráthúil. (Is é an tÚdarás Áitiúil a chinneann an ndéantar íocaíocht go tráthúil)

Mac/Iníon a íocann na muirir go hiomlán agus go tráthúil agus a chónaíonn sa teach le tuismitheoirí aosta.

Ar Ais go Barr

Muirir Seirbhíse a cháilíonn

Gach muirear seirbhíse íoctha le:

  1. Údaráis Áitiúla le haghaidh:
    • Soláthar uisce
    • Bailiú dramhaíola
    • Diúscairt camrais
  2. Grúpscéimeanna uisce le haghaidh soláthar uisce .
  3. Conraitheoirí príobháideacha le haghaidh bailiú dramhaíola .

Ar Ais go Barr

Faoiseamh Dlite

Ó 1 Eanáir 2007 go 31 Nollaig 2011:

  • Is é €400 uasteorainn iomlán an fhaoisimh is féidir a éileamh i leith íocaíochtaí ar mhuirear seasta (lena n-áirítear muirir ardaithe agus íoc de réir meáchain) agus clibeanna araide a ceannaíodh i mbliain roimh an bhliain chánach.

Socruithe Idirthréimhseacha don Bhliain Chánach 2006:

  • Áit a sáraíonn muirear seasta an Údaráis Áitiúil €400 sa bhliain 2005 ceadófar méid iomlán an mhuirir sheasta sin.
  • Is é an méid is lú den mhéid in 2005 nó €400 a bheidh i gceist leis an bhfaoiseamh éilithe i leith clibeanna araide.
  • Áit ar cheannaigh duine clibeanna araide agus go ndearna sé/sí íocaíochtaí ar mhuirear seasta ag ráta níos lú ná €400 in 2005, beidh teorainn €400 infheidhme maidir leis an méid iomlán a íocadh ar an dá rud.

Ar Ais go Barr

Conas éileamh a dhéanamh

Is féidir an faoiseamh a éileamh ar bhealaí éagsúla.

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil