Costais Fostaithe

Costais ar Ráta Comhréidh (fostaíocht)

Is iad sin ná costais a thabhaítear agus dualgais na fostaíochta á gcomhlíonadh agus a bhaineann go díreach le 'cineál fostaíochta an fhostaí'. Tá liúntas costais ar ráta comhréidh caighdeánach (asbhaint) socraithe do na ranganna éagsúla fostaithe. Mar shampla, tugtar costais ar ráta comhréidh de €64 in aghaidh na bliana do chriúnna cábáin eitleáin.
excelFéach an liosta Costais ar Ráta Comhréidh (MS Excel, 47KB)Comhaontaíonn na Coimisinéirí Ioncaim agus ionadaithe grúpaí nó aicmí fostaithe (is iad oifigigh cheardchumainn a dhéanann ionadaíocht thar ceann na bhfostaithe de ghnáth) ar mhéid na hasbhainte. Ansin cuirtear an asbhaint comhaontaithe i bhfeidhm maidir le gach fostaí atá san aicme nó sa ghrúpa sin.

Ar Ais go Barr

Costais slánsuime

Caithfear caitheamh le costais slánsuime (íocaíochtaí costais cnapshuime) a íoctar leis an bhfostaí chun costais a chlúdach, mar phá agus an cháin chuí a ghearradh orthu cibé an íoctar go seachtainiúil, go míosúil, go bliantúil nó ar bhonn eile iad. Sampla d’íocaíocht slánsuime ná áit a aontaíonn an fostóir ar abair €300 sa mhí a íoc sa bhreis ar an mbuntuarastal chun costais a chlúdach. Caithfear glacadh leis an €300 seo mar phá agus cáin a ghearradh air dá réir.

Ar Ais go Barr

Liúntais béilí

Cuirtear i gcuimhne d’fhostóirí go bhfuil íocaíochtaí slánsuime do chostais béilí go hiomlán inchánach agus caithfear glacadh leo mar phá. Féach an t-alt níos luaithe 'Costais Slánsuime'.

Dearbháin Béilí

Nuair a chuireann fostóir dearbháin lóin nó béilí ar fáil d’fhostaithe tá sochar inchánach i gceist agus caithfear glacadh le haghaidhluach na ndearbhán (ag déanamh neamhaird do 19c in aghaidh an dearbháin) mar phá agus an cháin chuí a ghearradh orthu.

Béilí Ceaintín

Ní bhíonn sochar inchánach i gceist i gcás béilí saor in aisce nó béilí fóirdheontais i gceaintíní foirne ina gcuirtear béilí ar fáil don fhoireann i gcoitinne. Caithfidh an áis seo a bheith ar fáil do na fostaithe go léir. Ní bhaineann an díolúine leis mura bhfuil.

Féach ar Threoir an Fhostóra maidir le ÍMAT agus ÁSPC a chur i bhfeidhm i leith sochair áirithe chun sonraí iomlána a fháil.

Ar Ais go Barr

Costais cheadaithe a aisíoc

I gcás íocaíochtaí a déantar le fostaí nach bhfuil iontu ach aisíocaíochtaí ar chostais dheimhnithe, a thabhaigh an fostaí iad agus é/í i mbun dualgais a fostaíochta, níor chóir caitheamh leo mar phá. Ní hamháin gur gá gur tabhaíodh costais nach gcaitear leo mar phá agus dualgais na fostaíochta á gcomhlíonadh ach caithfidh go raibh gá iomlán, eisiach agus éigeantach lena dtabhú. Ní cheadaítear costais a thabhaíonn fostaithe agus iad ag taisteal chuig an láthair oibre agus uaidh chun críocha cánach agus caithfear glacadh le haisíocaíochtaí ar na costais seo mar phá agus an cháin chuí a ghearradh orthu.

Ar Ais go Barr

Costais ghluaisteánaíochta

Baineann roinnt fostaithe úsáid as a gcarranna príobháideacha chun críocha gnó. Is féidir plé le haisíocaíochtaí ar chostais tiomána i roinnt slite éagsúla. Cuirtear i gcuimhne d’fhostóirí go bhfuil íocaíochtaí slánsuime do chostais tiomána go hiomlán inchánach agus caithfear glacadh leo mar phá. Féach an t-alt níos luaithe 'ostais Slánsuime'.

Costais Ghluaisteánaíochta a Aisíoc de réir liúntais in aghaidh an Chiliméadair ar Ráta Comhréidh

Nuair a úsáideann fostaithe a gcarranna príobháideacha chun críocha gnó, is féidir aisíocaíochtaí maidir le costais cheadaithe tiomána a dhéanamh trí liúntais in aghaidh an chiliméadair ar ráta comhréidh. Tá dhá chineál scéime liúntais in aghaidh an chiliméadair ar ráta comhréidh atá inghlactha chun críocha cánach, má íocann an fostaí na costais tiomána go léir:

  • An sceideal reatha de rátaí Státseirbhíse
  • Sceideal ar bith eile le rátaí nach bhfuil níos mó ná na rátaí Státseirbhíse

Féach IT 51 - Costais Ghluaisteánaíochta Fostaithe chun tuilleadh sonraí a fháil.

Éilimh ar chostais arna gcur chuig na Coimisinéirí Ioncaim

Mar rogha eile ar aisíocaíocht ón bhfostóir d’fhéadfadh an fostaí éileamh a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim (pdfFoirm éilimh do Chostais Chairr (PDF, 983KB) le haghaidh asbhaint costais (agus liúntas ar bith maidir le caitheamh agus cuimilt na feithicle). Má bheartaíonn an fostaí ar éileamh dá leithéid a dhéanamh áfach, caithfear glacadh le haon aisíocaíochtaí ar chostais ón bhfostóir, liúntais scála san áireamh, mar phá agus an cháin chuí a ghearradh orthu. Ní féidir le fostaithe éileamh a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh costais atá nó a bheidh aisíoctha ag an bhfostóir.

Faisnéis Riachtanach

  • Dáta ceannaigh an chairr.
  • Praghas ceannaigh.
  • Cibé an carr nua nó athláimhe a bhí ann.
  • An dáta ónar úsáideadh an carr chun críocha gnó.
  • Míleáiste agus céatadán d’úsáid ghnó i gcoinne úsáid phearsanta.
  • Costais choinneála - Deisiúcháin, Seirbhís, Cáin agus Árachas.
  • Aon aisíocaíochtaí ar chostas coinneála déanta ag an bhfostóir.

Ar Ais go Barr

Liúntais chothaithe

Féach IT 54 - Costais Chothaithe Fostaithe chun sonraí iomlána a fháil maidir le rátaí cothaithe d’easnaimh laistigh den Stát, easnaimh lasmuigh den Stát agus na rialacha srl. maidir leis an rátaí seo a chur i bhfeidhm.

Cuirtear i gcuimhne d’fhostóirí go bhfuil íocaíochtaí slánsuime do chostais chothaithe go hiomlán inchánach agus caithfear glacadh leo mar phá. Féach an t-alt níos luaithe ‘'ostais Slánsuime'.

D’fhéadfaí íocaíochtaí ó fhostóir nach dtugann níos mó ná aisíocaíocht d’fhostaí ar chostais chothaithe cheadaithe a tabhaíodh go fírinneach, a dhéanamh saor ó cháin i gcúinsí áirithe, de réir na reachtaíochta. Caithfidh gur tabhaíodh na costais atá i gceist "go hiomlán, go heisiach agus go héigeantach" agus dualgais na fostaíochta á gcomhlíonadh.

Aisíocaíocht ar chostais chothaithe cheadaithe trí liúntais ar ráta comhréidh nó ar chostais dheimhnithe

Nuair a chomhlíonann fostaí dualgais a f(h)ostaíochta agus nach bhfuil siad ina g(h)nátháit oibre ar bhonn sealadach nó go bhfuil siad ag obair thar lear ar thasc eachtrach, is féidir leis an fostóir costais chothaithe cheadaithe a aisíoc ar bhonn:

  • Liúntais inghlactha ar ráta comhréidh (rátaí Státseirbhíse nó costais chothaithe a aisíoc bunaithe ar sceideal ar bith eile de rátaí agus choinníollacha bainteacha (m.sh. pdfairgead tíre (PDF, 63KB) sa tionscal Tógála) nach ndéanann níos mó ná aisíocaíocht a thabhairt don fhostaí ar an gcaiteachas iarbhír)
  • Costais iarbhír a deimhníodh le fáltais

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

pdfCritéir maidir le híocaíocht airgead tíre saor ó cháin le hoibrithe sa Tionscal Tógala agus san earnáil Chonraitheoireachta Leictreachais (PDF, 63KB)

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil