Cáin Ioncaim

Faoi réir roinnt eisceachtaí agus díolúintí, is féidir cáin ioncam a ghearradh ar an ioncam go léir a fhaigheann daoine aonair, comhpháirtíochtaí agus comhlachtaí neamhchorpraithe sa Stát.

Is é an fhoirm is coitianta de cháin ioncaim na ÍMAT nó Íoc Mar a Thuillir a asbhaineann fostóirí ó phá. Baineann féinmheasúnú leo siúd atá féinfhostaithe agus leo siúd a bhfuil ioncam acu ó fhoinsí neamh-ÍMAT.

Creidmheasanna Cánach, Faoisimh agus Rátaí Reatha

Díolúine ó Cháin Ioncaim

Tá foráil ann do dhíolúine ó cháin ioncaim, faoi réir coinníollacha, do bhrabús nó ioncam áirithe. Baineann na príomhdhíolúintí le cáin ioncaim ar:

  • Ioncaim faoi bhun tairsí áirithe
  • Ioncam a fhaightear ó thalamh áirithe feirme a léasú
  • Tuilleamh áirithe scríbhneoirí, cumadóirí agus ealaíontóirí
  • Ús ar Chairteacha Coigiltis, Bhannaí Coigiltis agus Scéimeanna Coigiltis Tráthchoda, faoi réir uasteorainneacha áirithe ar shealúchais
  • An lascaine ar urrúis Rialtais áirithe nach bhfuil ús orthu, agus an phréimh ar cinn eile
  • Ioncam infheistíochta ó íocaíochtaí cúitimh arna ndéanamh ag na Cúirteanna, nó faoi shocrú lasmuigh den chúirt, a infheistiú, maidir le héilimh díobhálacha pearsanta áit a bhfuil éagumas iomlán buan ar an duine sin agus nach féidir leis/léi é/í féin a chothú de bharr na díobhála sin.

Lámhleabhair Cánach & Dleachtanna - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise


Leagan furasta le priontáil