Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach - IT46
Réamhrá
Is féidir leat creidmheas cánach i leith Ghaol Chleithiúnaigh a éileamh má chothaíonn tú ar do chostas féin:
- Gaol, lena n-áirítear gaol de chuid do chéile nó páiernéir sibhialta, nach bhfuil ar a c(h)umas, de bharr seanaoise nó éiglíochta, é nó í féin a chothabháil
- D’athair nó do mháthair nó athair nó máthair do chéile nó páirtnéir sibhialta, atá ina baintreach fir nó mná, nó tuismitheoir do pháiernéir sibhialta ar páirtnéir sibhialta marthanache é nó í, gan aird ar an mbail sláinte atá air nó uirthi
- Mac nó iníon nó leanbh leis an bpáirtnéir sibhialta atá ina c(h)ónaí leat a bhfuil ort brath ar a c(h)uid seirbhísí de bharr seanaoise nó éiglíochta.
Méid an chreidmheasa cánach
Tá méid bliantúil an chreidmheasa cánach i leith gaoil chleithiúnaigh leagtha amach ar Bhileog IT1 - Creidmheasanna Cánach, Faoisimh agus Rátaí.
Má tá ioncam do ghaoil chleithiúnaigh níos mó ná an teorainn ábhartha, níl aon chreidmheas dlite. Athbhreithnítear an teorainn ábhartha gach bliain agus tá sí le fáil ar Bhileog IT1 - Creidmheasanna Cánach, Faoisimh agus Rátaí.
Cuirtear ioncam iomlán do ghaoil san áireamh i dtaca leis an teorainn ábhartha, ar nós pinsean, ús ar thaiscí, ioncam a fhaightear faoi ghníomhas cúnaint, srl.
Conas a dhéantar an t-éileamh?
Is féidir an creidmheas cánach i leith gaoil chleithiúnaigh a éileamh trí cheann ar bith de na modhanna seo a leanas:
- Idirlíon - Is féidir leat éileamh a dhéanamh ar an Idirlíon trínár seirbhís PAYE Aon tráth, aon lá.
- Teachtaireacht Téacs - Téacsáil CREDIT uimhir PSP uimhir PIN RELATIVE go 51829. (Is é uimhir PIN a iarrtar an uimhir aitheantais phearsanta a úsáideann tú chun dul isteach in PAYE Aon tráth, aon lá). Mar shampla, más é 1234567A d'uimhir PSP, agus 654321 d’uimhir PIN, agus má tá tú ag iarraidh chreidmheas cánach i leith gaoil chleithiúnaigh a éileamh, téacsáil: CREDIT 1234567A 654321 RELATIVE go 51829
- Teileafón - Téigh i dteagmháil le Sheirbhís Réigiúnach Íosghlao na gCoimisinéirí Ioncaim a bhfuil a huimhreacha teileafóin ar an Breis Eolais rannóg.
- Foirm Éilimh - Comhlánaigh
Foirm DR1 - Éileamh ar chreidmheas cánach do ghaol cleithiúnach (PDF, 365KB) (Íoslodáil agus críochnaigh ar an scáileáin)
nó
Foirm DR2 - Éileamh do mhac nó iníon leat a bhfuil tú ag brath ar sheirbhísí uathu (PDF, 354KB) (Íoslodáil agus críochnaigh ar an scáileáin) má tá tú ag éileamh thar ceann mic nó
inlíne a chónaíonn leat.
Má íocann tú cáin faoin gcóras féinmheasúnaithe, éilítear an creidmheas cánach tríd an rannóg 'Gaol Cleithiúnach' a chomhlánú ar do thuairisceán bliantúil cánach.
Cad a tharlaíonn má thabhaíonn an Gaol Cleithiúnach Costais Sláinte?
Má thabhaíonn an gaol cleithiúnach costais sláinte agus má íocann tusa méid éigin díobh, is féidir go mbeifeá i dteideal faoiseamh a éileamh i leith an méid a d’íoc tú. Is féidir faoiseamh cánach a éileamh i leith costas mar bhillí dochtúra, cothabháil nó cóiríocht in ospidéal, drugaí nó leigheas ordaithe, srl. Má tá an gaol cleithiúnach ina c(h)ónaí i dteach altranais formheasta, agus má íocann tú méid éigin de tháillí an tí altranais, is féidir go mbeifeá i dteideal faoiseamh cánach a éileamh i leith méid éigin de na costais a tabhaíodh.
Nóta: maidir le 2007 agus na blianta ina dhiaidh, nach gá go gcáileodh tú don Chreidmheas Cánach Gaoil Chleithiúnaigh chun faoiseamh cánach a éileamh i leith costais sláinte a d’íoc tú i dtaobh do ghaoil chleithiúnaigh.
Ó 2007 ar aghaidh féadann tú faoiseamh cánach a éileamh i dtaobh aon chostais sláinte cháilithe a d’íoc tú i dtaobh aon duine.
Ní féidir leat faoiseamh a éileamh i leith:
- Aon chostais sláinte a (ais)íocadh nó a (ais)íocfar ó aon fhoinse cosúil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údarás Áitiúil, conradh árachais, cúiteamh, srl.
- Costais a d’íoc an gaol.
Is féidir an faoiseamh a éileamh ar an Idirlíon trí úsáid a bhaint as ár seirbhís PAYE Aon tráth, aon lá.
Nó is féidir leat
Foirm
MED 1 Costais Sláinte - Éileamh ar Fhaoiseamh (PDF, 804MB) a chomhlánú
agus a chur isteach nó déan teagmháil leis ár seirbhís
Foirmeacha agus Bileoga ar Íosghlao 1890 30 67 06.
Má tá tú ag glaoch ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann glaoigh ar +353 (1) 7023050.
Féach Treoir Maidir le Faoiseamh a Éileamh ó Chostais Sláinte/Liachta.
An féidir le níos mó ná duine amháin éileamh a dhéanamh i leith an Ghaoil Chleithiúnaigh chéanna?
Is féidir. Má chothaíonn beirt nó níos mó daoine an duine céanna, is féidir an creidmheas cánach a roinnt eatarthu i gcomhréir leis an gcéatadán a d’íoc gach duine díobh.
Breis Eolais
Eolas ginearálta amháin atá sa bhileog seo. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí ghlaoch ar do Sheirbhís LóGhlao Réigiúnach Ioncaim ar an uimhir atá liostaithe anseo thíos
| Réigiún | Ceantair Clúdaithe | Uimhir Ghutháin |
|---|---|---|
| Réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair | An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, An Lú, Maigh Eo, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí | 1890 777 425 |
| Réigiún Bhaile Átha Cliath | Bhaile Átha Cliath (Cathair agus Contae) | 1890 333 425 |
| Réigiún an Oirthir & an Oirdheiscirt | Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, an Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin | 1890 444 425 |
| Réigiún an Iardheiscirt | An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach | 1890 222 425 |
Tabhair faoi deara gur féidir go nathraíonn na rátaí a ghearrtar chun uimhreacha 1890 (Íosghlao) a úsáid ó sholáthróir seirbhíse go chéile.
Má tá tú ag glaoch ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann glaoigh ar +353 (1) 702 3011.
Seirbhís téacs curtha ar fáil ag na Coimisinéirí Ioncaim, 01 644 5666. Is 15c (CBL san áireamh) an ráta uasta a ghearrtar ar gach SMS.
Srian ama ceithre bliana - Ní mór éileamh ar fhaoiseamh ó cháin a dhéanamh laistigh de 4 bhliain ó dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh.
Inrochtaineacht - Más duine le míchumas tú agus go dteastaíonn an bhileog seo uait i bhformáid eile, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rochtanna na gCoimisinéirí Ioncaim ag accessofficer@revenue.ie
Samhain 2011
IT46 - Creidmheas Cánach do Ghaol Cleithiúnach (PDF, 504KB)
Tá an bhileog seo ceaptha le cur síos ar an ábhar i dtéarmaí ginearálta. Mar sin, ní dhéantar iarracht inti gach ceist a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an ábhar a chlúdú. Níl sé ceaptha bheith ina léirmhíniú dlíthiúil ar na forálacha reachtúla agus mar sin, ní féidir glacadh le haon dliteanas a tarraingíodh nó caillteanas a fulaingíodh toisc go rabhthas ag brath ar aon ábhar atá foilsithe istigh anseo.
