Treoir Maidir le Faoiseamh a Éileamh ó Chostais Sláinte / Liachta - IT6

Eolas Ginearálta

Réamhrá

Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh in aghaidh an chostais atá ar speansais leighis áirithe a íocann tú. Ní féidir leat faoiseamh cánach a éileamh ar aon chaiteachas mar seo a leanas:

  • a bhí, nó a bheidh, á aisíoc ag comhlacht eile cosúil leis an VHI, Quinn Insurance Teo, Aviva Health Insurance Teo, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó ag comhlacht nó ag duine éigin eile
  • a bhí, nó a bheidh,mar ábhar ag íocaíocht chúitimh
  • a bhaineann le gnáthchúram fiaclóireachta agus oftalmach.

Tugtar breis sonraí ar na príomhchostais liachta atá incháilithe d’fhaoiseamh sa chuid ar Mhíreanna Caiteachais. Ma tá ceist agat faoi aonchostas leighis , féadfaidh tú dul i dteagmháil le do Sheirbhís íosghlao ÍMAT Réigiúnach.

An bhfuil teorainn ama i gceist chun éileamh a dhéanamh?

Tá. Ní mór éileamh ar fhaoiseamh cánach a dhéanamh laistigh de cheithre bliana i ndiaidh dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh.

Cé dó nó di ar féidir liom an faoiseamh cánach a dhéanamh?

Éilimh don bhliain chánach 2007 agus blianta ina dhiaidh sin:

Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh i leith aon chostas sláinte incháilithe a d’íoc tú d’aon duine.

An féidir liom faoiseamh cánach a éileamh ar chostas iomlán na gCostas Sláinte?

Cinnte, ach faoi réir ag asbhaint maidir le haon aisíocaíocht a rinneadh nó a dhéanfar maidir leis na costais a éilíoch don bhliain chánach 2007 agus na blianta cánach ina ndhiaidh sin.

Cén ráta cánach ag a dtugtar an faoiseamh?

Leagtar amach sa tábla seo a leanas an ráta cánach ag a gceadaítear faoiseamh thar bhlianta éagsúla

Ráta cánach ag a gceadaítear faoiseamh thar bhlianta éagsúla
2007 2008 2009 2010
Costais Sláinte Ráta is Airde Ráta is Airde Ráta Caighdeánach Ráta Caighdeánach
Caiteachas Tí Altranais Ráta is Airde Ráta is Airde Ráta is Airde Ráta is Airde

Conas a thugtar faoiseamh cánach má thabhaím Costas Sláinte i mbliain chánach amháin agus má íocaim i mbliain chánach ina dhiaidh sin?

Is fút féin atá sé rogha a dhéanamh más fearr leat an faoiseamh cánach a éileamh don bhliain chánach inar rinneadh na híocaíochtaí nó don bhliain chánach inar tabhaíodh na costais.

Sampla

Chosain tamall san ospidéal i mí na Nollag 2010 €2,000. Íocadh €1,000 i mí na Nollag 2010 agus íocadh €1,000 i mí na Bealtaine 2011. Féadfaidh tú éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ar cheann ar bith de na bealaí seo a leanas:

  1. faoiseamh cánach a éileamh ar an €2,000 i mbliain chánach 2010 nó
  2. faoiseamh cánach a éileamh ar an €1,000 i mbliain chánach 2010 agus ar €1,000 i mbliain chánach 2011

Cad a tharlaíonn má thugann níos mó ná duine amháin r cúnamh leis an gcostas a bhaineann le cúram sláinte incháilithe?

Nuair a chabhraíonn níos mó ná duine amháin leis an gcostas a bhaineann le cúram sláinte incháilithe a íoc, féadfaidh gach duine aonair faoiseamh a éileamh maidir leis an gcuid den chúram a d’íoc siadsan.

Ar Ais go Barr

Cathain is féidir liom éileamh a dhéanamh?

Ní féidir éilimh a dhéanamh ar chostais sláinte a tabhaíodh i mbliain chánach ach amháin tar éis dheireadh na bliana sin (féach, áfach, ar an gcéad cheist eile)

Is oibrí ÍMAT mé agus íocann táillí teach altranais gach mí do mo mháthair - An féidir an faoiseamh cánach atá dlite ar na táillí sin a fháil tríd an gcóras ÍMAT le linn na bliana cánach in áit fanacht go dtí deireadh na bliana cánach?

Is féidir, in imthosca áirithe d’fhéadfaí faoiseamh a thabhairt i gcaitheamh na bliana. Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig cánach áitiúil maidir le sonraí d’éilimh. Má bhaineann an t-éileamh leis an mbliain 2010 agus le blianta measúnaithe ina dhiaidh sin caithfidh an teach altranais lena mbaineann rochtain a thabhairt ar chúram altranais 24 uair an chlog ar an láthair.

Maidir leis an mbliain 2009 nó blianta roimhe sin,ní foláir nó go bhfuil an teach altranais ar liosta na n-ospidéal agus na dtithe altranais ceadaithe .

I ngach aoin chás beidh ort Foirm Med 1 chomhlánaithe a chur isteach ar an ngnáth-bhealach ag deireadh gach bliana cánach.

Conas a éileoidh mé faoiseamh cánach ar Costas Sláinte?

Féadfaidh tú an faoiseamh cánach a éileamh ach na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • éileamh ar líne trí sheirbhís ÍMAT aon tráth aon lá na gCoimisinéirí Ioncaim
  • trí pdfFoirm MED 1 Costais Sláinte - Éileamh ar Fhaoiseamh (PDF, 804KB) a chomhlánú agus an fhoirm a sheoladh isteach chuig oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim
  • má úsáideann tú pdfFoirm 11 (PDF, 505KB) chun tuairisceán cánach a dhéanamh agus má éilíonn tú faoiseamh agus creidmheasanna, féadfar tú méid an éilimh ar chostais sláinte a chur isteach i bPainéal 1 ar Fhoirm 11 agus ní gá Foirm Med 1 a chomhlánú ansin.

Má áirítear cóireáil fiaclóireachta nach gnáth -chóireáil í (féach Costais Fiaclóireachta), caithfidh tú pdfFoirm MED 2 Costais Faiclóireachta - Deimhniú le Cleachtóir Fiaclóireachta (PDF, 526KB) a fháil, atá sínithe agus deimhnithe ag an bhfiaclóir.

Ar Ais go Barr

An gá dom admhálacha a sheoladh isteach le m'éileamh?

Ní gá, próiseáiltear éilimh ar chostais sláinte bunaithe ar an bhfaisnéise a thaispeántar ar an bhfoirm éilimh. I gcás go mbeidh amhras faoi éileamh, rachfar i dteagmháil leis an éilitheoir chun cúrsaí a shoiléiriú agus b’féadfar go n-iarrfaí leis nó léi adhmálacha a sheoladh isteach.
Ní gá adhmálacha agus Foirm Med 2 a sheoladh isteach le héileamh ar chostais sláinte; mar sin féin caithfidh tú do chuid adhmálacha go léir a choimeád ar feadh sé bliana ar fhaitíos go bpiocfaí d’éileamh ina dhiaidh sin le haghaidh mionscrúdaithe mionsonraithe.

Oibríonn mo chomharsan i m'oifig chánach áitiúil, an féidir liom iarraidh go bpróiseálfaí m’éileamh ar Chostais Sláinte in oifig chánach dhifriúil?

Is féidir, Mura bhfuil tú ag iarraidh d’oifig áitiúil a bheith ar an eolas faoi riocht do shláinte, tá sé de rogha agat an t-éileamh a chur faoi bhráid oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nach í d’oifig áitiúil í. Cuir isteach d’éileamh i gclúdach litreach séalaithe faoi leith, agus mínigh go soiléir i litir ceangailte leis an éileamh go bhfuil tú ag iarraidh an t-éileamh a dhéanamh in oifig eile ar mhaithe le rúndacht. Cuirfidh lucht do cheantair áitiúil an t-éileamh ar aghaidh go dtí an ceantar cuí, agus tabharfaidh siad sonraí teagmhála na hoifige sin duit ionas go mbeidh tú in ann iad a thaifeadadh. Nó mar mhalairt air sin, féadfaidh tú bualadh isteach chuig oifig faisnéise ar bith de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus iarradh orthu an cás a phróiseáil i gceantar seachas do cheantar áitiúil. (Sonraí na n-oifigí)

An féidir liom faoiseamh a éileamh ar chostas na cóireála leighis a fuarthas lasmuigh den Stát?

Maidir le cóireáil lasmuigh den Stát, tá na costais seo a leanas incháilithe d’fhaoiseamh cánach:

  • an costas a bhaineann le cóireáil incháilithe a dhéanann cleachtóir (dochtúir teaghlaigh, lia comhairleach nó fiaclóir) ar an gcoinníoll go bhfuil an cleachtóir sin, i dteideal leigheas nó fhiaclóireacht a chleachtadh faoi dhlíthe na tíre ina gcuirtear an cúram ar fáil
  • ceadaítear costas na cothabhála nó cóireála in ospidéal, i dteach altranais nó i gclínic ar an gcoinníoll go gcuireann an teach altranais nó an clinic rochtain ar fáil ar sheirbhís altranais 24 uair an chlog ar an láthair

Tabhair faoi deara i gcás na mblianta 2007 go 2009 agus na blianta sin san áireamh caithfidh an institiúid a bheith ar liosta na gCoimisinéirí Ioncaim – féach Liosta na n-ospidéal agus na dtithe altranais ceadaithe

Mura bhfuil an cúram sláinte incháilithe atá ag teastáil ar fáil ach lasmuigh den Stát amháin, is féidir faoiseamh a éileamh maidir le costais réasúnta taistil agus chóiríochta. I gcásanna den sórt sin, féadfar na costais a bheidh ar dhuine amháin a bheidh i dteannta an othair a cheadú freisin sa chás go dteastaíonn sé sin mar gheall ar riocht an othair. Sa chás gur leanbh é an t-othar, féadfar costais tuismitheora amháin a cheadú go hiondúil agus, i gcás eisceachtúil, ceadaítear costais beirt thuismitheoirí nuair is léir go gcaithfidh an bheirt acu a bheith i dteannta an linbh.

Ar Ais go Barr

Míreanna Caiteachais

Cad iad na catagóirí de Chostais Sláinte atá incháilithe d’Fhaoiseamh Cánach?

Ní ach costais sláinte a tabhaíodh ar mhaith le 'cúram sláinte' a sholáthar incháilithe d’fhaoiseamh cánach.

Cad is 'cúram sláinte' ann?

Ciallaíonn 'cúram sláinte' na nithe seo a leanas a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil-

  • tinneas
  • gortú
  • éiglíocht
  • máchail
  • míchumas

agus áirítear leis cúram a fhaigheann bean atá ag iompar clainne chomh maith le gnáthchúram máithreachais ach ní áirítear leis

  • gnáthchóireáil oftalmach
  • gnáthchóireáil fiaclóireachta

  • máinliacht chosmaideach mura bhfuil an mháinliacht nó an gnáthamh riachtanach mar thoradh ar mhíchumas a eascraíonn as, nó a bhaineann go díreach le héalang ó bhroinn, díobháil phearsanta nó galar atá ainimheach.

Cad is brí le 'Costais Sláinte'?

Tá raon leathan ábhar i gceist le costais sláinte agus áirítear leo:

  • Táillí dochtúirí agus lianna comhairleacha
  • Gnáthaimh diagnóiseacha a dhéantar ar chomhairle cleachtóra
  • Drugaí nó leigheasanna arna n-ordú ag dochtúir, fiaclóir nó ag lia comhairleach
  • Cothabháil nó cóireáil in ospidéal nó i dteach altranais ar an gcoinníoll gur gá na costais a thabhú mar gheall ar sheirbhísí cleachtóra nó toisc go bhfuil an t-othar curtha ar aghaidh chuig gnáthaimh dhiagnóiseacha a rinneadh ar chomhairle cleachtóra
  • Fearais leighis, máinliachta, fiaclóireachta nó altranais a úsáidtear ar chomhairle cleachtóra a sholáthar, a chothabháil nó a dheisiú
  • Fisiteiripe nó cóireáil chomhchosúil arna n-ordú ag cleachtóir
  • Cóireáil ortoptach nó cóireáil chomhchosúil arna n-ordú ag cleachtóir
  • Teiripe urlabhra agus teanga a rinne Teiripeoir Urlabhra agus Teanga do leanbh cáilithe, áit a gciallaíonn Teiripeoir Urlabhra agus Teanga duine atá faofa ag an Aire Sláinte agus Leanaí
  • Iompar in otharcharr
  • Measúnuithe síceolaíochta oideachais do leanbh cáilithe, a rinne Síceolaí Oideachais atá cláraithe leis an Aire Oideachais agus Scileanna
  • Míreanna caiteachais áirithe maidir le leanbh a bhfuil tinneas thromchúiseach ag dul dó nó dí atá bagrach don bheatha
  • Costais othar duáin (suas go dtí uasmhéid ag brath ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil scagdhealú duáin san ospidéil, nó sa bhaile á thabhairt don othar, nó scagdhealú peireatóinéim siúil leanúnach. Féach Othair Duáin thíos.
  • Cóireáil speisialaithe déidliachta
  • Toirchiú 'in vitro'.

Tugtar breac-chuntas sna hailt seo a leanas ar na príomh-shaincheisteanna a thagann chun cinn in éilimh ar chostais sláinte.

An bhrí atá le hospidéal, teach altranais, teach máithreachais nó institiúid chomhchosúil

Ciallaíonn ospidéal:

  1. aon institiúid arna soláthar agus arna cothabháil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun seirbhísí a sholáthar de bhun na nAchtanna Sláinte 1947 go 2008;
  2. aon institiúid ina soláthraítear seirbhísí thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte de bhun na nAchtanna Sláinte 1947 go 2008; agus
  3. aon ospidéal, teach altranais, teach máithreachais nó institiúid eile arna fhaomhadh chun críche na coda sin ag an Aire Airgeadais i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte agus Leanaí.

An gá don ospidéal, teach altranais, teach máithreachais nó don institiúid chomhchosúil a bheith faofa?

Má bhaineann d’éileamh leis an mbliain 2009 agus le blianta roimhe sin ní foláir nó go bhfuil an t-ospidéal, an teach altranais, an teach máithreachais nó an institiúid chomhchosúil faofa ionas go mbeadh d’éileamh incháilithe. Féach Liosta na n-ospidéal agus na dtithe altranais ceadaithe.

Má bhaineann d’éileamh leis an mbliain 2010 agus le blianta ina dhiaidh sin, ní foláir nó go mbeadh na costais chothabhála nó chóireála a thabhaítear bainteach le seirbhísí cleachtóra nó gnáthaimh dhiagnóiseacha arna ndéanamh ar chomhairle cleachtóra. Ní gá go mbeadh an institiúid cláraithe ar an liosta d’ospidéil agus de thithe altranais atá faofa le haghaidh 2010 agus blianta ina dhiaidh sin. Mar sin féin, caithfidh an teach altranais rochtain a chur ar fáil ar chúram altranais incháilithe ar an láthair féin, ar bhonn 24 uair an chloig in aghaidh an lae.

NÓTA: Má thagraíonn d'éileamh d'ospidéal nó do theach altranais nach bhfuil ar liosta d’institiúidí ' faofa', is féidir fiosrúcháin a chur chuig oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim le deimhniú cibé, chun críche faoiseamh cánach a fháil, an institiúid faofa i ndáiríre é an t-ospidéal nó an teach altranais.

Cad a chiallaíonn 'Cleachtóir'?

Ciallaíonn cleachtóir aon duine atá:

  1. cáilithe sa chlár chlár arna bhunú faoi alt 43 d’Acht na Lia-Chleachtóirí 2007
  2. cláraithe sa chlár arna bhunú faoi alt 26 d’Acht na bhFiaclóirí 1985
  3. maidir le cúram sláinte arna sholáthar lasmuigh den Stát, duine atá i dteideal leigheas nó fiaclóireacht a chleachtadh faoi dhlíthe na tíre ina gcuirtear an cúram ar fáil.

Ar Ais go Barr

Cén drugaí agus leigheasanna ar féidir liom éileamh a dhéanamh ina leith?

Ní cháilíonn d’fhaoiseamh ach amháin costas na ndrugaí agus na leigheasanna arna soláthar ag cógaiseoir, ar oideas ón lia-chleachtóir. (Féach, áfach, an t-alt maidir le céiliach agus diaibéiteach.)

Cén gnáthaimh dhiagnóiseacha a dhéantar ar chomhairle cleachtóra a cháilíonn d’fhaoiseamh ó cháin ionaim?

Tagraíonn éilimh d’fhaoiseamh faoin gceannteideal seo tríd is tríd don chostas a bhaineann le gnáthaimh a rinne daoine nach cleachtóirí incháilithe iad ar othair a chuireann a ndochtúir féin chucu le haghaidh gnáthamh nó cóireála den sórt sin. Mar sin féin, cé gur féidir faoiseamh cánach a cheadú maidir le gnáthaimh nó cóireálacha a rinneadh, ní bhíonn faoiseamh dlite maidir leis an gcostas a bhíonn ar dhrugaí, leigheasanna, lóiseanna srl, arna n-ordú ag an duine a chuireann an chóireáil ar fáil.

I gcás síceolaínó síciteiripeora, ní féidir faoiseamh a cheadú ach amháin nuair is cleachtóir cáilithe é an síceolaí nó an síciteiripeoir mar a léirítear san alt Cad a chiallaíonn 'Cleachtóir'? ó sa cás go gcuireann síciatraí an t-othar ar aghaidh le haghaidh gnáthaimh diagnóisigh.

An bhrí atá le Fisiteiripe nó le Cóireáil Chomhchosúil arna Ordú ag Cleachtóir.

I measc na samplaí de chóireálacha incheadaithe faoin gceannteideal fisiteiripe tá cóireáil a thugann círichleachtóir, oistéapat agus fear cnámh.
Níl cóireáil le snáthaidpholladh incheadaithe mura ndéanann duine é ar cleachtóir cáilithe é nó í mar a léirítear san alt Cad a chiallaíonn 'Cleachtóir'?

Cóireáil ortoptach nó cóireáil chomhchosúil arna Ordú ag Cleachtóir

Tagraíonn sé sin go hiondúil don imscrúdú agus don chóireáil trí aclaíocht ar gheamhchaoiche agus neamhoird eile súl. Cáileoidh an chóireáil sin d’fhaoiseamh cánach nuair is cleachtóir ar cleachtóir cáilithe é nó í a ordaíonn é mar a léirítear san alt Cad a chiallaíonn 'Cleachtóir'?

Is céiliach mé agus táim ar aiste bia speisialta, an bhfuilim in ann faoiseamh cánach a éileamh ar chostas mo bhia?

Tá. Is costas incheadaithe é an costas a bhíonn ar bhia saor ó ghlútan arna tháirgeadh go sonrach do céiliaigh chun críche éilimh a dhéanamh ar chostais sláinte. Glacfar le litir ó dhochtúir ag deimhniú gur céiliach é an duine a bhfuil an t-áileamh á dhéanamh ina leith. Má iarrtar admhálacha, níl na hadmhálacha cáiliach teoranta dóibh siúd a fhaightear ó chógaslann – glactar freishin le hadmhálacha ó shiopaí, ollmhargaí, srl maidir le táirgí bia saor ó ghlútan arna dtáirgeadh go sonrach d’othair chéiliacha.

Is diaibéiteach mé agus táim ar aiste bia speisialta, an bhfuilim in ann faoiseamh cánach a éileamh ar chostas mo bhia?

Tá. Is costas incheadaithe é an costais a bhíonn ar tháirgí arna dtáirgeadh gosonrach do dhiaibéitigh chun críche éilimh a dhéanamh ar chostais sláinte. Glacfar le litir ó dhochtúir ag deimhniú gur diaibéiteach é an duine a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh ina leith. Má iarrtar admhálacha, ní le hadmhálacha cáilithe teoranta dóibh siúd a fhaightear ó chógasiann, dhochtúir, srl – glactar freisin le hadmhálachta ó shiopaí, ollmhargaí, srl maidir le táirgí bia arna dtáirgeadh go sonrach do dhiaibéitigh.

Ar Ais go Barr

An féidir liom éileamh a dhéanamh ar an gcostas atá ar Shíceolaithe Oideachais agus Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga?

Is féidir, ach ní féidir sin a dhéanamh ach amháin i gcás linbh atá faoi 18 mbliana d’aois nó, os cionn 18 mbliana agus in oideachas lánaimseartha. Ceadaítear faoiseamh ar chostais sláinte i gcás caiteachas a thabhaítear maidir le Measúnú síceolaíoch oideachais a dhéanann Síceolaí Oideachais agus a thabhaítear maidir le Teiripe Urlabhra agus Teanga a dhéanann Teiripeoir Urlabhra agus Teanga cáilithe.

An féidir liom éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach in aghaidh an chostais a bhaineann le cúram altranais leanúnaigh a íoc i dteach cónaithe duine a bhfuil tinneas tromchúiseach ag dul dó??

I gcás tinnis thromchúisigh, sa chás go bhfuil altraí cáilithe fostaithe ar chomhairle lia-chleachtóra chun cúram altranais leanúnaigh a sholáthar i dteach an othair, is féidir faoiseamh cánach faoin gceannteideal costais sláinte a cheadú sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

  1. Is féidir teastas dochtúra a sholáthar (má iarrtar é) –
    1. a thaispeánann an cineál tinnis atá ag gabháil don othair
    2. a luann go dteastaíonn cúram altranais leanúnaigh arna shóláthar ag altraí lán-cháilithe i dteach an othair, agus
    3. a chumhdaíonn an tréimhse iomlán a bhfuil tear ag déanamh éilimh ar altranas baile
  2. Tá na haltraí a sholáthraíonn an cúram altranais lán-cháilithe agus is féidir a gcuid ainmneacha, seoltaí agus cáilíochtaí a chur ar fáil
  3. Ba chóir admhálacha a sholáthar maidir le gach íocaíocht a dhéantar le haltraí agus, nuair is gá, déantar miondealú ar na híocaíochtaí a sholáthar. Cinntítear leis sin nach dtugtar faoiseamh ach amháin i dtaca leis na méideanna a íocadh a bhain go díreach le cúram altranais a thabhairt agus ní le costais na n-altraí.

Ar ais go Barr

Íocaim as cúnamh breise altranais i gcomhair othar i dteach altranais, an féidir liom faoiseamh cánach a éileamh de bharr an chostas seo?

Nuair a dhéantar éileamh maidir le hothar in ospidéal nó i dteach altranais, is féidir faoiseamh a cheadú freisin i leith íocaíochtaí a dhéantar le haltraí incáilithe chun cúram breise altranais a sholáthar le cois an chúraim a chuireann institiúid sin ar fáil de ghnáth ar an gcoinníoll –

  1. go sásaítear alt (2) agus (3) de An féidir liom éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach in aghaidh an chostais a bhaineann le cúram altranais leanúnaigh a íoc i dteach cónaithe duine a bhfuil tinneas tromchúiseach ag dul dó? thuas; agus
  2. gur féidir teastas dochtúra a chur ar fáil, má iarrtar é sin, –
    1. a thugann le fios an cineál breoiteachta atá ar an othair
    2. a thugann le fios go bhfuil cúram buan altranais le cois an chúraim sin a chuirtear ar fáil sa ghnáthchúrsa san institiúid ag teastáil, agus a léiríonn an chaoi a bhfuil a leithéid de chúram breise riachtanach agus
    3. a chumhdaíonn an tréimhse go léir dá bhfuil an cúram breise altranais sin á éileamh

An féidir liom faoiseamh cánach a éileamh ar chostas maidir le soláthar, cothabháil nó deisiú fearais mháinliachta, déadliachta nó altranais?

Is féidir faoiseamh cánach a éileamh ar chostais maidir le soláthar, cothabháil nó deisiú fearais mháinliachta, déidliachta nó altranais atá in úsáid ar chomhairle cleachtóra. Féadfar deimhniú a iarradh ar an gcleachtóir míochaine má bhíonn aon amhras ann nach fearas míochaine, máinliachta, déidliachta nó altranais an fearas atá i gceist.
Ba cheart go dtabharfadh an deimhniú le fios

  1. an cineál breoiteachta atá ar an othair,
  2. go bhfuil an fearas á úsáid ar chomhairle an liachleachtóra
  3. conas a chabhróidh an fearas chun an galar, an éiglíocht, an gortú, an mháchail nó an míchumas atá ar an othar a chosc, a laghdú, nó a dhiagnóisiú nó cóireáil a dhéanamh air.

Déanfar an t-éileamh a mheas i bhfianaise na faisnéise a chuirfear ar fáil agus tabharfar faoiseamh ma bhíonn na Coimisinéirí Ioncaim sásta gur gur fearas míochaine, f máinliachta, déidliachta nó altranais an fearas atá i gceist.

Samplaí de na fearais ar féidir faoiseamh a cheadú ina leith.

  • Gléas braithe glúcóis: Costas soláthar ghléis bhraite glúcóis do dhiaibéiteach ar comhairle liachleachtóra
  • Áis éisteachta: Costas soláthair áis éisteachta ar chomhairle liachleachtóra.
  • Leaba nó cathaoir ortaipéideach: Costas leaba nó cathaoir ortaipéideach a sholáthar ar chomhairle liachleachtóra nuair atá an t-othar ag fulaingt de bharr breoiteachta nó míchumais shonraigh
  • Cathaoir rothaí nó Ardaitheoir do Chathaoir rothaí: Costais a thabhaítear de bharr cathaoir rothaí nó ardaitheoir chathaoir rothaí a sholáthar i gcomhair duine faoi mhíchumas, ar chomhairle liachleachtóra, ach ní chun athrú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh lena chur in oiriúint d’ardaitheoir.
  • Rothar aclaíochta: Féadfar an costas seo a cheadú más léir ón fhianaise mhíochaine go bhfuil sé seo riachtanach sna himthosca sin a bhfuil cur síos orthu san alt, Cad is 'cúram sláinte' ann?.
  • Ríomhaire: Féadfar costas ríomhaire a cheadú más léir ón fhianaise mhíochaine gur gá é chun fadhbanna cumarsáide duine faoi éagumas géar a mhaolú.
  • Súil bhréige: Glactar le costas súile bréige mar costais a thabhaítear de bharr fearas míochaine a cheannach.
  • Peiriúic: Féadfar an costas seo a cheadú más léir ón fhianaise mhíochaine go bhfuil sé riachtanach sna himthosca sin a bhfuil cur síos orthu san alt Cad is 'cúram sláinte' ann?

Samplaí de na fearais NACH Féidir faoiseamh a cheadú ina leith

  • Carr (i gcomhair duine faoi mhíchumas): Costas carr a sholáthar atá curtha in oiriúint go speisialta i gcomhair duine faoi mhíchumas.
  • Obair Thógála: Costas athruithe struchtúracha nó feabhsuithe a dhéantar ar áras cónaithe príobháideach le cabhrú le duine a bhfuil éagumas air nó uirthi.
  • Teileafón: Shuiteáil nó cíos teileafóin nó costas ghlaonna.
  • Eisceacht: Catagóirí áirithe othar a bhfuil fadhbanna duán acu, leanaí atá ina n-othair oinceolaíochta, leanaí a bhfuil breoiteacht orthu ar baol báis iad agus leanaí a bhfuil míchumais bhuana orthu; féach guthán.

Ar ais go Barr

An féidir liom éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ó chostas cóireala IVF?

Chun críche Ailt 469 den Acht Comhdhlúite Cánach, 1997 d’fhéadfaí glacadh le ‘toirchiú in vitro’ mar chóir leighis ar neamhthorthúlacht agus, dá réir sin, féadfar faoiseamh ó chostas na cóireála leighis sin a cheadú más cleachtóir míochaine a bhí ina feighil (faoi mar a dtugtar cuntas air san alt "Cad a chiallaíonn Cleachtóir?"). Féadfar faoiseamh a cheadú maidir le haon chostais a thabhaítear más gá an t-othar a choinneáil in ospidéal (.i. thar oíche) ar choinníoll go gcuireann an t-ospidéal sin cúram altranais 24 uair a chloig ar fáil ar an láthair. Má bhaineann an t-éileamh leis na blianta 2007 go dtí 2009 (agus na blianta sin san áireamh) caithfidh an t-ospidéal a bheith ar liosta na n-ospidéal ar thug na Coimisinéirí Ioncaim faomhadh dóibh (Féach ar liosta na n-ospidéal).

Tá madra treorach agam a thug lucht Madraí Treorach do na Daill in Éirinn dom, an féidir liom Costais Sláinte a éileamh maidir le costais a bhaineann le mo mhadra?

Is féidir €825 a éileamh mar chostas sláinte má bhíonn madra oilte treorach a chuir lucht Madraí Treorach do na Daill in Éirinn ar fáil á chothabháil ag duine dall, agus i ndiaidh an chéad éilimh tugtar é sin mar chreidmheas cánach sa Teastas bliantúil Creidmheasanna Cánach.

Ní gá d’iarrthóirí fianaise a sholáthar faoina leithéid d’éilimh. Ní mór, áfach, litir ó lucht Madraí Treorach do na Daill in Éirinn ag dearbhú go bhfuil an t-iarrthóir cláraithe mar úinéir madra treorach a chur isteach leis an gcéad éileamh ar fhaoiseamh. Tá lucht Madraí Treorach do na Daill in Éirinn curtha ar an eolas faoin riachtanas seo.
Tabhair faoi deara: Níl madraí cúnta a chuirtear ar fáil do leanaí uthacha incháilithe don fhaoiseamh.

An féidir faoiseamh cánach a fháil maidir le costais taistil a bhaineann le ceisteanna sláinte?

Is féidir faoiseamh cánach a éileamh maidir le costais iompair a bhaineann in otharcharr.

Sna cásanna sin, áfach, nuair a bhíonn cóireáil leanúnach nó comhairliúchán leanúnach ag teastáil agus go mbíonn ar an othar turais fhada a dhéanamh, is féidir faoiseamh cánach a éileamh maidir le costais taistil eile seachas in otharcharr. Níl sé i gceist go dtabharfaí faoiseamh cánach maidir le costais bheaga a bhaineann le taistil áitiúil nó taisteal anois agus arís [m.sh. taisteal le dul faoi scian (ach amháin i gcás iompair in otharcharr)]. Lena gcois sin, féach le do thoil:

Tá míchumas buan nó breoiteacht ar baol báis í ar mo leanbh agus freastalaíonn sé nó sí go rialta ar ospidéal. Bíonn costais throma taistil orm agus bíonn orm táillí páirceála cairr agus costais teileafóin agus cóiríochta a íoc. An féidir liom faoiseamh cánach a éileamh ar na costais sin?

Le cois an chaiteachais shoiléir a bhaineann le sláinte, is féidir faoiseamh cánach a éileamh maidir le caiteachas eile a bhaineann le leanaí a bhfuil breoiteachta orthu ar bhaol báis iad (lena n-áirítear leanaí ar othair oinceolaíochta iad) agus leanaí a bhfuil míchumais bhuana orthu sa chaoi go bhfuil cúram buan nó go rialta san ospidéal uathu. Ní gá go gciallódh cúram buan nó rialta san ospidéal a bheith ag cur fúthu go buan san ospidéal. Ciallaíonn sé go mbeadh siad ag freastal go rialta ar an ospidéal nó go mbeadh maoirseacht a bheadh oiriúnach don bhreoiteacht thromchúiseach sin á dhéanamh orthu. Is iad seo a leana na míreanna incháilithe caiteachais–

Taisteal

Is féidir faoiseamh a éileamh maidir leo seo a leanas–

  1. an costas a thabhaítear de bharr an leanbh agus na tuismitheoirí nó na caomhnóirí a bhíonn ag taisteal leis nó léi a thabhairt go dtí an t-ospidéal agus ar ais arís (gan aon uasteorainn a bheith ar líon na dturas)
  2. an costas a thabhaíonn tuismitheoirí nó caomhnóirí an linbh ag tabhairt cuairteanna ar an ospidéal nuair atá an leanbh ina (h)othar cónaitheach ann nuair a léirítear gur cuid riachtanach de chóireáil an linbh na turais sin.

Más rud é go n-úsáidtear carr príobháideach, déantar costas an taistil a mheas ar an céanna agus a mheastar é i gcás othar a bhfuil fadhbanna duán ag gabháil dóibh, féach ar an gcuid faoi (New translation) ‘othair a bhfuil fadhbanna duán acu. r. Níl aon fhaoiseamh ar fáil maidir le tháillí páirceála cairr.

Teileafon

Sa chás go bhfuil cóireáil á cur ar an leanbh sa bhaile, is féidir ráta comhréidh €300 a éileamh lena n- áirtear cíos agus glaonna teileafón más rud é gur tabhaíodh na costais chun críoch a bhaineann go díreach le cóireáil an linbh. Ba iad seo a leanas na rátaí a bhí ar fáil i sna blianta roimhe seo:

2007 €300
2008 €315
2009 €301
2010 €300

Cóiríocht thar oíche

Áirítear leis sin íocaíochtaí a dhéanann an tuismitheoir nó an caomhnóir d’ospidéal, d’óstán nó do theach leaba agus bricfeasta i gcomhair cóiríochta thar oíche san, ospidéal a bhfuil an leanbh ina (h)othar ann nó gar don ospidéal sin nuair a bhíonn sé riachtanach ó thaobh cóirreála an linbh go bhfannfaidí thar oíche. Táirgí sláinteachais agus éadach speisialta
An costas a thabhaítear maidir leis na míreanna sin faoi réir uasmhéid €500 in aghaidh na bliana.

Tabhair faoi deara: Níl cheadaítear éilimh maidir le costais aire a thabhairt do dheartháireachanó do dheirfiúracha an othar nuair a bhíonn na tuismitheoirínó na caomhnóirí ag freastal ar an ospidéal.

Ar Ais go Barr

Cad iad na Costais Sláinte ar féidir le hothair a bhfuil fadhbanna duán acu faoiseamh cánach a éileamh orthu?

Le cois an fhaoisimh fhollasaigh sin a bhaineann le caiteachas sláinte, is féidir faoiseamh cánach a fháil ó thaobh costais sláinte de maidir leo seo a leanas:

Othair scagdhealaithe in ospidéil
Ceadaítear na costais a thabhaítear le taisteal chuig ospidéal chun cóireáil a fháil agus taisteal ar ais arís chun críche éileamh a dhéanamh ar chostais sláinte. Sa chás go n-úsáidtear carr príobháideach ba cheart don éilitheoir líon na dturas a rinneadh agus líon na gciliméadar (nó na mílte) a bhí i gceist a insint. Féach alt Othar a bhfuil fadhbanna Duán acu le haghaidh rátaí.

Othair scagdhealaithe baile
Féadfar faoiseamh a cheadú faoi na ceannteidil seo a leanas ar na rátaí a léirítear in alt B Othar a bhfuil fadhbanna Duán acu:

  • Leictreachas
  • Níochán agus éadaí cosanta
  • Teileafón
  • Taisteal: Líon na gciliméadar nó na mílte incháilithe ar an ráta cuí in aghaidh an chiliméadair nóan míle.

Othair a ndéantar Scagdhealú Peireatóinéim Siúil Ainsealach orthu:
Féadfar faoiseamh a cheadú faoi na ceannteidil seo a leanas ar na rátaía léirítear in alt C Othar a bhfuil fadhbanna Duán acu.

  • Leictreachas
  • Teileafón
  • Taisteal: Líon na gciliméadar nó na mílte incháilithe ar an ráta cuí in aghaidh an chiliméadair nó an mhíle.

Ba cheart d’éilitheoirí an catagóir chuí a lua nuair atá éileamh á dhéanamh ar fhaoiseamh cánach i gcomhair costais sláinte othar a bhfuil fadhbanna duán acu. Tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim gur féidir le hothair imeacht ó chatagóir amháin go catagóir eile ag braith ar an mbail atá orthu. Sa chás go dtarlaíonn an t-athrú sin i gcaitheamh bliana ba cheart an faoiseamh i gcomhair gach catagóire díobh a chionroinnt de réir mar is cuí.

Gnáthchúram Oftalmach

Níl faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh na gcostas a bhaineann le tástáil radhairc, ná le spéaclaí agus lionsaí tadhaill a sholáthar agus a chothabháil.

Ar Ais go Barr

Costais Fiaclóireachta

Cad iad na costais maidir le cóireáil fiaclóireachta a nglactar leo le haghaidh faoiseamh cánach?

Eisítear costais maidir le sciúradh, stoitheadh nó líonadh fiacla, nó fiacla saorga nó cíor fiacla a sholáthar nó a dheisiú, go sonrach ó fhaoiseamh cánach sa reachtaíocht. Ní thugtar faoiseamh maidir leis na míreanna sin fiú más riocht míochaine is cúis leis an gcóireáil déidliachta nó má mheastar i gcás faoi leith nach gnáthchóireáil atá ann. Is i bhfianaise an eisiata thuas a chaithfear an faoiseamh a éilítear a mheas (.i. ní cheadófar faoiseamh i leith costais aon oibre a dhéantar nuair is stoitheadh, sciúradh nó líonadh fiacaile agus mar sin de atá i gceist.) Sa chás, áfach, mar shampla gur cóireáil ortadóntach atá ann agus go stoitear fiacail mar chuid den chóireáil sin, cheadófaí faoiseamh i gcomhair chostas na cóireála ortadónatí ach gan costas an stoite a chur san áireamh. Eisceacht ó thaobh na rialach seo is ea costas an stoite máinliachta a dhéantar in ospidéal nó i lialann fiaclóra ar fhiacail forais chomhdhingthe. Tá na costais sin incheadaithe.

Éilimh maidir le cóireáil déidliachta nach gnáthchóireáil í

Ní mór do dhuine atá ag éileamh faoisimh ar Fhoirm Med 1 i gcomhair chóireála nár ghnáthchóireáil déidliachta í Foirm Med 2 (Déidliacht) a bheith aige nó aici agus í sínithe agus deimhnithe ag fiaclóir. Cumann Fiaclóirí na hÉireann a chuireann na foirmeacha sin ar fáil d’fhiaclóirí. Liosta de chineálacha cóireála ar féidir faoiseamh a cheadú dóibh

Cóireáil déidliachta nach gnáthchóireáil í a dhéantar lasmuigh den Stát

Féadfar faoiseamh a cheadú i gcás cóireála déidliachta nach gnáthchóireáil í a dhéantar lasmuigh den Stát ar choinníoll gur cleachtóir cáilithe an fiaclóir (.i. go bhfuil sé nó sí i dteideal dul i mbun fiaclóireachta faoi dlíthe na tíre sin inar cuireadh ar chóireáil ar fáil). Ní mór don fhiaclóir pdfFoirm Med 2 - Caiteachais ar Fhiacla - Deimhniú ó Dhéidlia (PDF, 526KB) a chomhlánú

Ar ais go Barr

Othair a bhfuil fadhbanna duáin acu

A. Othair scagdhealaithe in ospidéil (sa chás go dtéann an t-othar go hospidéal chun go gcuirfear chóireáil air nó uirthi)

Féadfar faoiseamh a cheadú maidir le caiteachais a tabhaíodh ag taisteal go dtí an t-ospidéil agus ar ais arís (gan aon teorainn le líon na dturas) ar na rátaí seo a leanas -

Rátaí Míleáiste
2007 €0.36 an míle nó €0.23 an cm
2008 €0.36 an míle nó €0.23 an cm
2009 €0.27 an míle nó €0.17 an cm
2010 €0.27 an míle nó €0.17 an cm

B. Othair scagdhealaithe sa bhaile ( nuair a úsáideann an t-othar meaisín scagdhealaithe sa bhaile)

Féadfar faoiseamh a cheadú maidir le caiteachais chomh hard leis na suimeanna seo a leanas –

Faoiseamh a cheadaítear
  2007 2008 2009 2010
Leictreachas €1,565 €1,935 €1,665 €1,665
Níochán & éadach cosanta €1,950 €2,030 €1,940 €1,925
Guthán €300 €315 €301 €300
Taisteal €0.36 an míle nó €0.23 an km €0.36 an míle nó €0.23 an km €0.27 an míle nó €0.17 an km €0.27 an míle nó €0.17 an km

C. Othair a ndéantar Scagdhealú Peireatóinéim Siúil Ainsealach orthu (áit a gcuirtear cóireáil ar an othar sa bhaile gan leas a bhaint as meaisín scagdhealaithe)

Féadfar faoiseamh a cheadú maidir le caiteachais a thabhaítear chomh hard leis na suimeanna seo a leanas –

Faoiseamh a cheadaítear
2007 2008 2009 2010
Leictreachas €1,235 €1,530 €1,315 €1,315
Guthán €300 €315 €301 €300
Taisteal €0.36 an míle nó €0.23 an km €0.36 an míle nó €0.23 an km €0.27 an míle nó €0.17 an km €0.27 an míle nó €0.17 an km

Tabhair faoi deara: Tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim gur féidir le hothar imeacht ó chatagóir amháin go catagóir eile. Sa chás sin ba cheart an faoiseamh i gcomhair gach catagóire díobh a chionroinnt de réir mar is cuí.

Ar ais go Barr

Cóireálacha Déidliachta ar féidir Faoiseamh Cánach a Cheadú ina leith

  1. Corónacha
    Is éard atá i gcorónacha ná athchóirithe a dhéantar lasmuigh den bhéal agus a ghreamaítear go buan le hábhar na fiacaile le stroighin.
    (Ceadaítear faoiseamh cánach le héifeacht ó 1 Eanáir 2008 i gcomhair croí-ullmhúcháin i gcomhair corónacha agus i gcomhair corónacha riochtaithe sealadacha)
  2. Veinírí nó Líontaí Eitseáilte de Chineál Rembrandt
    Is cineál coróineacha iad seo.
  3. Athchur Barr
    Glactar leis gur coróin é seo más rud é gur gá mórchuid den fhiacail a athchur agus gur lasmuigh den bhéal a dhéantar an chuid atá le hathchur.
  4. Atógáil Chuaille agus Chroí
    Míreanna iad seo a ionsáitear i gcuas néaróige fiacaile chun coróin a choinneáil daingean.
    (Ceadaítear faoiseamh cánach le héifeacht ó 1 Eanáir 2008 i gcomhair atógáil chuaille agus chroí a dhéantar as ábhair eile seachas ór)
  5. Inleagadh
    Is éard atá in inleagadh ná leagan níos lú de choróin. (Ní cheadaítear faoiseamh cánach ach amháin má dhéantar an t-inleagadh féin lasmuigh den bhéal).
    (Ceadaítear faoiseamh cánach le héifeacht ón 1 Eanáir 2008 i gcomhair inleagadh déanta d’ábhar eile seachas ór).
  6. Eindeadóntaic - Cóireáil Chuas na Fréimhe
    Is éard a dhéantar sa chás seo ná cuas na fiacaile a líonadh ach ní líontar an fiacail féin.
  7. Cóireáil Pheiridhéadach
    Cóireáil ar ghalar peiridhéadach (drandail) is ea plánáil fhréimhe. Ní chuid de phlánáil fhréimhe iad currettage agus Debridement. Is cóireáil drandail é liopóga drandail. Ceadaítear cléithín cróim cóbailt má úsáidtear é mar chuid de chóireáil pheiridhéadach (ach ní cheadaítear faoiseamh cánach má bhíonn fiacla ar an gcléithín).
    Ionchlannáin i ndiaidh cóireálacha i gcomhair galair pheiridhéadaigh (drandail) a bhfuil beangú agus breisiú cnáimhe mar chuid den obair.
  8. Cóireáil Ortadóntach
    Bíonn soláthar teanntán agus cóireálacha cosúla i gceist leis an obair seo.
    (Ceadaítear faoiseamh cánach le héifeacht ón 1 Eanáir 2008 i gcomhair costas ionchlannán sealadach nuair is cuid den chóireáil ortadóntach iomlán iad.)
  9. Stoitheadh máinliach ar Fhiacail Forais Chomhdhingthe
    Ní ghlactar leis gur ‘gnáthchóireáil déidliachta’ í stoitheadh máinliachta a dhéantar in ospidéal nó i lialann fiaclóra ar fhiacail forais chomhdhingthe agus ar an ábhar sin tá na costais a bhaineann lena leithéid de stoitheadh incheadaithe.

    Tabhair faoi deara: Is éard atá i gceist le fiacail chomhdhingthe ná ceann atá chomh
    daingnithe isteach ina logall nach féidir léi teacht amach tríd an drandal ar an ngnáthbhealach. Féadfaidh an comhdhingeadh seo tarlú de bharr cnámh a bheith os a chionn nó toisc go bhfuil an fhiacail tar éis fáis sa chaoi go bhfuil sí dingthe in aghaidh fiacaile eile.
  10. Obair droichid
    Tá cóireáil déidliachta ina dtógtar droichead cruan nó droichead a bhfuil tacaí fiacla faoi incheadaithe.
    Tabhair faoi deara: Níl faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh na costais a bhaineann le sciúradh, stoitheadh nó líonadh fiacla nó fiacla saorga nó cíor fiacla a sholáthar.

Na Coimisinéirí Ioncaim

Bealtaine 2011

Ar Ais go Barr

pdfLeagan PDF de IT6 (PDF, 850KB)


Leagan furasta le priontáil