Creidmheas Cánach Cúramóir Baile - IT 66
Réamhrá
Lánúin i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta creidmheas cánach cúramóir baile a éileamh nuair atá céile nó páirtnéir sibhialta amháin (an "Cúramóir Baile") ag tabhairt aire do chleithiúnaí amháin nó níos mó. Má tá ioncam dá chuid féin ag an gcúramóir baile, is féidir an creidmheas cánach a éileamh fós. Ní dhlitear ach creidmheas amháin is cuma cé mhéad duine atá faoi chúram. Leagann an bhileog seo amach na coinníollacha is gá a chomhlíonadh chun an creidmheas cánach a éileamh agus tá
foirm éilithe (PDF, 293KB) inti freisin chun gur féidir leat d’éileamh a dhéanamh.
Cad iad na coinníollacha?
Seo a leanas na coinníollacha is gá a chomhlíonadh:
- Is gá go mbeadh cómheasúnú cánach á dhéanamh ar an lánúin i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta – níl feidhm aige nuair a ghearrtar cáin ar na lánúineacha mar dhaoine single.
- Ní mór don chúramóir a bheith ag tabhairt aire do chleithiúnaí amháin nó níos mó.
- Is éard is cleithiúnaí ann:
- páiste a bhfuil Sochar Linbh iníoctha ina leith – áirítear leis seo gach páiste faoi bhun 16 agus gach páiste faoi bhun 18 atá ag fáil oideachais lánaimseartha, nó
- duine os cionn 65 mbliana, nó
- duine atá ar éagumas buan mar thoradh ar éiglíocht intinne nó choirp.
- Is gá go mbeadh gnáthchónaí ar an gcleithiúnaí nó na cleithiúnaithe leis an lánúin i bpósadh nó i bpáirtnéireacht sibhialta don bhliain chánach. Do na rialacha maidir le gaolta, féach thíos.
- Is gá nach mbeadh ioncam an chúramóra baile os cionn €5,080 sa bhliain chánach. Nuair atá an t-ioncam idir €5,080 agus €6,700 (€6,620 don bhliain 2007 agus €6,880 do na blianta 2008 do dtí 2010 san áireamh) tabharfar méid éigin faoisimh fós.
An gá do ghaol a bheith ina c(h)ónaí leis an gCúramóir Baile?
Ní gá. Cleithiúnaigh ar gaolta iad (lena n-áiritear gaolta céile nó páirtnéir sibhialta) ar féidir cúram a thabhairt dóibh lasmuig den teach cónaithe, má tá cónaí orthu:
- i dteach cónaithe béal dorais, nó
- ar an réadmhaoin chéanna, nó
- laistigh de 2 chiliméadar den éilitheoir.
Is gá, áfach, go mbeadh nasc díreach cumarsáide (m.sh. teileafón, córas aláraim) idir an dá theach cónaithe. Áirítear mar ghaol duine atá gaolta trí phósadh nó páirtnéireacht sibhialta nó duine a ngníomhaíonn tú mar chaomhnóir dlíthiúil ar a shon.
Cén tionchar a bhíonn ag ioncam an Chúramóra Baile ar an gcreidmheas cánach?
Má thuilleann an cúramóir baile ioncam dá c(h)uid féin suas le €5,080 don bhliain chánach, is féidir an creidmheas cánach iomlán a éileamh. Chun críocha an chreidmheasa cánach seo, ciallaíonn ioncam aon ioncam inchánach, m.sh. ioncam ó phost páirtaimseartha, díbhinní, srl., ach ní áirítear mar ioncam an Liúntas Cúramóra a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Nóta: Ainneoin nach gcuirtear an Liúntas Cúramóra san áireamh nuair a bhítear do do mheasúnú chun a fháil amach an bhfuil tú i dteideal creidmheas cánach cúramóir baile, is foinse inchánach ioncaim é agus is ceart duit d’oifig chánach a chur ar an eolas maidir leis an méid atá tú a fháil.
Más mó an t-ioncam ná €5,080, áfach, laghdaítear an creidmheas cánach de leath ioncam an chúramóra baile a sháraíonn an teorainn seo.
| Ioncam Cánacha | Creidmheas | Srianadh Creidmheasanna |
|---|---|---|
| €5,080 | €810 | |
| €5,250 | €725 | €5,250 - €5,080 = €170 ÷ 2 = €85 |
| €5,500 | €600 | €5,500 - €5,080 = €420 ÷ 2 = €210 |
| €5,750 | €475 | €5,750 - €5,080 = €670 ÷ 2 = €335 |
| €6,000 | €350 | €6,000 - €5,080 = €920 ÷ 2 = €460 |
| €6,250 | €225 | €6,250 - €5,080 = €1,170 ÷ 2 = €585 |
| €6,500 | €100 | €6,500 - €5,080 = €1,420 ÷ 2 = €710 |
| €6,600 | €50 | €6,600 - €5,080 = €1,520 ÷ 2 = €760 |
| €6,700 | Nil | €6,700 - €5,080 = €1,620 ÷ 2 = €810 |
Más é an t-ioncam le haghaidh na bliana 2011 €6,700 (€6,620 don bhliain 2007 agus 6,880 do na blianta 2008 go dtí 2010 san áireamh) no os a chionn níl creidmheas cánach cúramóir baile dlite.
Cad a tharlaíonn má thugtar an creidmheas cánach agus má sháraíonn ioncam an Chúramóra Baile an teorainn an bhliain dar gcionn?
Má sháraíonn ioncam an chúramóra baile €6,700 an chéad bhliain eile, beidh an creidmheas cánach dlite fós don bhliain, ar an gcoinníoll:
- go gcomhlíontar na coinníollacha eile don chreidmheas cánach, agus
- gur tugadh an creidmheas cánach don bhliain chánach díreach roimhe.
Tá méid an chreidmheasa cánach teoranta don méid a tugadh an bhliain chánach díreach roimhe. Má éilíonn an lánúin an banda ráta chaighdeánaigh do lánúineacha a bhfuil dhá ioncam acu, ní bheidh an creidmheas cánach cúramóir baile dlite.
Sampla:
Tugtar creidmheas cánach cúramóir baile do lánúin i bpósadh nó i bpáirtnéireacht don bhliain 2010. Sa bhliain 2011 tosaíonn an cúramóir baile fostaíocht agus a thuilleann €7,000. Beidh an creidmheas cánach dlite fós don bhliain 2011, ar an gcoinníoll nach n-éilítear an banda ráta chaighdeánaigh méadaithe do lánúin ar dhá ioncam agus go gcomhlíontar na coinníollacha eile don chreidmheas cánach.
An féidir le lánúineacha i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta Creidmheas Cánach Cúramóir Baile agus an Banda Ráta Chaighdeánaigh do lánúineacha a bhfuil dhá ioncam acu a éileamh?
Ní féidir. Ach is féidir leo cibé ceann acu is mó tairbhe dóibh. Go praiticiúil, tabharfaidh na Coimisinéirí an ceann is tairbhiúla.
Tabhair faoi deara: Don bhliain 2011, is é an banda ráta chaighdeánaigh do lánúineacha i bpósadh nó i bpáirtnéireacht shibhialta a bhfuil dhá ioncam acu ná €41,800 faoi réir ardaithe suas le €23,800. Tá an méadú teoranta do €23,800 nó do mhéid an ioncaim atá ag an gcéile nó páirtnéir sibhialta is lú ioncam, cibé acu is lú. Níl an méadú inaistrithe idir céilí nó páirtnéir sibhialta.
Sampla 1: Níl aon ioncam ag cúramóir baile. Mar sin, tá creidmheas cánach cúramóir baile de €810 dlite.
Sampla 2: Tá pinsean leasa shóisialaigh de €5,500 ag cúramóir baile. Mar sin, tá creidmheas cánach cúramóir baile de €600 dlite i.e.
€5,500-€5,080 = €420÷2 = €210 de shrian
€810 lúide €210 = €600 chreidmheas cánach cúramóir baile
Tá ioncam de €30,000 ag céile nó páirtnéir sibhialta. Níl bhaineann an banda ráta chaighdeánaigh méadaithe le hábhar toisc go bhfuil na hioncaim le chéile faoi bhun €41,800.
Sampla 3: Tá ioncam cíosa de €5,000 ag cúramóir baile. Tá ioncam de €37,000 ag céile nó páirtnéir sibhialta. Ríomh cibé acu is tairbhiúla, an creidmheas cánach cúramóir baile nó an banda ráta chaighdeánaigh méadaithe.
Creidmheas Cánach Cúramóir Baile a Ríomh
Tá ioncam an chúramóra baile níos lú ná €5,080, mar sin tá an creidmheas cánach iomlán dlite.
Seo mar atá an cháin:
€41,800 x 20% = €8,360
€200 x 41% = €82
Iomlán €8,442
Lúide Creidmheas cánach cúramóir baile €810
Cáin (roimh fhaoiseamh do €7,632 chreidmheasanna cánach pearsanta)
Banda Ráta Chaighdeánaigh a Ríomh
Seo mar atá an cháin:
€42,000 x 20% = €8,400
Cáin (roimh fhaoiseamh do €8,400 chreidmheasanna cánach pearsanta)
Tá an creidmheas cánach cúramóir baile níos tairbhiúla sa sampla seo.
Sampla 4 Tá tuarastal de €8,000 ag cúramóir baile. Tá ioncam de €38,000 ag céile nó páirtnéir sibhialta. Níl an creidmheas cánach cúramóir baile dlite toisc go sáraíonn ioncam an chúramóra baile an teorainn de €6,700.
Sampla 5 Tá ioncam infheistíochta de €6,000 ag cúramóir baile. Tá ioncam de €41,700 ag céile nó páirtnéir sibhialta. Ríomh cibé acu is tairbhiúla, an creidmheas cánach cúramóir baile nó an banda ráta chaighdeánaigh méadaithe.
Creidmheas Cánach Cúramóir Baile a Ríomh
Tá ioncam infheistíochta de €6,000 ag cúramóir baile. Mar sin, tá creidmheas cánach de €350 dlite. i.e.
€6,000 - €5,080 = €920 ÷ 2 = de shrian €460
€810 lúide €460 = de chreidmheas cánach €350
€41,800 x 20% = €8,360
€5,900 x 41% = €2,419
Iomlán €10,779
Lúide Creidmheas cánach cúramóir baile €350
Cáin (roimh fhaoiseamh do chreidmheasanna €10,429 cánach pearsanta)
Banda Ráta Chaighdeánaigh méadaithe a Ríomh
Seo mar atá an cháin:
(€41,700 + €6,000) x 20% = €9,540
Cáin (roimh fhaoiseamh do chreidmheasanna €9,540 cánach pearsanta)
Tá an banda ráta chaighdeánaigh méadaithe níos tairbhiúla sa sampla seo.
Conas a dhéanaim éileamh?
Is féidir an creidmheas cánach cúramóir baile a éileamh trí cheann ar bith de na modhanna seo a leanas a úsáid
Idirlíon - Is féidir leat éileamh a dhéanamh ar an Idirlíon trí úsáid a bhaint as ár seirbhís PAYE Aon tráth, aon lá.
Teachtaireacht Téacs - Téacsáil CREDIT PPS-number PIN CARER chuig 51829 (is é an PIN a iarrtar ná an uimhir a úsáideann tú chun dul isteach in PAYE Aon tráth, aon lá). Mar shampla, más é 1234567A d’uimhir PSP, agus más é 654321 d’uimhir PIN agus má theastaíonn uait creidmheas cánach cúramóir baile a éileamh, téacsáil chuig 51829: CREDIT 1234567A 654321 CARER
Teileafón – Déan teagmháil le Seirbhís Réigiúnach Íosghlao PAYE
Foirm Éilimh - Comhlánaigh agus cuir isteach
an fhoirm éilimh (PDF, 293KB) chuig d’oifig Chánach áitiúil.
Tuilleadh Eolais
Chun tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar www.revenue.ie nó is féidir leat dul i dteagmháil le Seirbhís Réigiúnach Íosghlao PAYE a bhfuil a huimhir tugtha thíos.
Tabhair faoi deara gur féidir go n-athraíonn na rátaí a ghearrtar chun uimhreacha 1890 (Íosghlao) a úsáid ó sholáthróir seirbhíse go chéile.
Srian ama ceithre bliana - Ní mór éileamh ar fhaoiseamh ó cháin a dhéanamh laistigh de 4 bhliain dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh.
Inrochtaineacht – Más duine le míchumas tú agus go dteastaíonn an bhileog seo uait i bhformáid eile, is féidir teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rochtanna na gCoimisinéirí Ioncaim ag accessofficer@revenue.ie.
| Réigiún | Ceantair Clúdaithe | Uimhir Ghutháin |
|---|---|---|
| Réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair | An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, An Lú, Maigh Eo, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí | 1890 777 425 |
| Réigiún Bhaile Átha Cliath | Bhaile Átha Cliath (Cathair agus Contae) | 1890 333 425 |
| Réigiún an Oirthir & an Oirdheiscirt | Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, an Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin | 1890 444 425 |
| Réigiún an Iardheiscirt | An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach | 1890 222 425 |
Má tá tú ag glaoch ó lasmuigh de Phoblacht na hÉireann glaoigh ar +353 (1) 702 3011.
Nuashonraithe: Aibreán 2012
Leagan PDF de IT66 - Creidmheas Cánach Cúramóir Baile (PDF, 537KB)
Tá an Bhileog seo ceaptha le cur síos ar an ábhar i dtéarmaí ginearálta. Mar sin, ní dhéantar iarracht inti gach ceist a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an ábhar a chlúdú. Níl sé ceaptha bheith ina léirmhíniú dlíthiúil ar na forálacha reachtúla agus mar sin, ní féidir glacadh le haon dliteanas a tarraingíodh nó caillteanas a fulaingíodh toisc go rabhthas ag brath ar aon ábhar atá foilsithe istigh anseo.
