Faisnéis agus Treoirlínte maidir le Díolúine Ealaíontóra
Le hAlt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, cumhachtaítear do na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh gur saothair bhunaidh chruthaíocha a n-aithnítear go coitianta go bhfuil fiúntas cultúir nó ealaíne iontu is ea saothair ealaíne áirithe.
An chéad €40,000 in aghaidh na bliana de bhrabúis nó de ghnóthachain arna dtuilleadh ag scríbhneoirí, cumadóirí, amharcealaíontóirí agus dealbhóirí ó dhíol a gcuid saothar, tá sé díolmhaithe ó cháin ioncaim in Éirinn in imthosca áirithe.
Tugadh isteach an teorainn €40,000 sa bhliain chánach 2011.
Tá treoirlínte dréachta ag an gComhairle Ealaíon agus ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, le toiliú an Aire Airgeadais, chun a chinneadh chun críocha Alt 195 an bhfuil saothar bunaidh agus cruthaíoch agus an bhfuil, nó an aithnítear go ginearálta go bhfuil, fiúntas cultúir nó ealaíne ann. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle le duine le nó comhlacht daoine, amhail an Chomhairle Ealaíon, a d’fhéadfadh a bheith ina chúnamh dóibh agus iad ag teacht ar chinntí i ndáil le Díolúine Ealaíontóra.
Foráiltear leis an scéim seo gur féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim cinntí a dhéanamh i leith saothair ealaíne sna catagóirí seo a leanas amháin:
- leabhar nó scríbhinn eile
- dráma
- saothar ceoil
- péintéireacht nó pictiúr eile dá leithéid
- dealbh
Ní mór d'éilitheoirí ar an Díolúine Ealaíontóra cónaí a bheith orthu sa Stát nó gnáthchónaí agus sainchónaí a bheith orthu sa Stát agus agus gan cónaí a bheith orthu in aon áit eile. Tá na Coimisinéirí Ioncaim sásta réamhthuairimí a thabhairt maidir le saothar éilitheora ionchasaigh a bhfuil cónaí air nó uirthi thar lear. Sa chás go dtugtar réamhthuairim fhabhrach, molfar don éilitheoir ionchasach iarratas foirmiúil a dhéanamh ar chinneadh maidir le cur chun cónaithe sa Stát agus na riachtanais chónaithe is gá a chomhlíonadh.
- Conas Cinneadh a Fháil
- Réamhthuairim do Neamhchónaithigh
- Réamhdhleachtanna
- Deontais/Dámhachtainí/Duaiseanna
- Ceart Achomhairc
- Tobhach Ioncaim agus an Muirear Sóisialta Uilíoch
- ÁSPC, CBL, agus an Srian ar Lucht Ardioncaim
- Saoráil Faisnéise
- Foirmeacha
- Treoirlínte
Conas Cinneadh a Fháil
Scríbhneoirí, cumadóirí, amharcealaíontóirí agus dealbhóirí a bhfuil Díolúine Ealaíontóra á lorg acu, ba cheart dóibh foirm éilimh a chur isteach chuig na Coimisinéirí Ioncaim mar aon le samplaí dá gcuid saothar agus doiciméid tacaíochta ar bith i bhfoirm teistiméireachtaí agus araile a mheasann siad a bheith iomchuí. Ba chóir fianaise go bhfuil a gcuid saothar foilsithe, táirgthe nó díolta a bheith in éineacht le héilimh den sórt sin.
Aon ioncam a thuilltear as saothar a rinneadh roimh an bhliain chánach ina ndéantar an t-éileamh, ní bheidh sé díolmhaithe.
Ba cheart éilimh ar Dhíolúine Ealaíontóra a dhéanamh ar
Foirm Éilimh 2 (PDF, 268KB). Cinneadh a dheonaítear ar bhonn an fhoirm éilimh seo, cumhdófar leis an saothar nó na saothair ar leith arna gcur isteach leis an éileamh chomh maith leis na saothair ar fad sa todhchaí a bheidh cáilitheach sa chatagóir chéanna, ar an gcoinníoll go dtagann siad laistigh de na treoirlínte.
Ag brath ar an gcatagóir ina bhfuil díolúine ealaíontóra á héileamh, ba cheart na nithe seo a leanas a chur isteach mar thaca le héileamh:
- leabhar nó scríbhinn eile - 3 chóip fhoilsithe den leabhar
- dráma - cóip den script chomh maith le cóip shínithe den chonradh táirgthe
- saothar ceoil - dlúthdhioscaí ar a bhfuil an t-éilitheoir creidiúnaithe don cheol nó do na liricí ina leith;
- péintéireacht nó pictiúr eile dá leithéid - 8-10 gcinn d’fhótagraif de dhea-cháilíocht de shaothair mar aon le fianaise ar dhíolachán .i. sonraisc agus CV gairid den ghairmréim ealaíne go dáta
- dealbh - amhail ag (d) thuas.
Réamhthuairim do Neamhchónaithigh
Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim réamhthuairim do dhaoine a bhfuil cónaí orthu thar lear. Sa chás go dtagann an duine chun cónaí sa Stát agus nach mbeidh cónaí orthu in aon áit eile, déanfar cinneadh foirmiúil ansin.
Réamhdhleachtanna
I gcás ina bhfaigheann cáiníocóir réamhdhleachtanna atá inchurtha i leith foilsiú leabhair nó scríbhinne eile ina dhiaidh sin, ní mór éileamh a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim sa bhliain chánach ina n-íoctar na dleachtanna má tá na dleachtanna le bheith díolmhaithe. Ní mór deimhniú ón bhfoilsitheoir go bhfoilseofar an leabhar a chur isteach leis an éileamh.
Má fhaightear éileamh sa bhliain chánach ina bhfaightear an réamhdhleacht, ach nach bhfuil cinneadh deonaithe, ní mór aon dliteanas cánach a eascraíonn ar an réamhdhleacht a íoc. Má dheonaítear cinneadh i leith díolúine ina dhiaidh sin, déanfaidh an Cigire Cánach athbhreithniú ar dhliteanas an cháiníocóra chomh maith le haisíoc ar bith is iomchuí a dhéanamh má tá ró-íocaíocht chánach i gceist.
Níl réamhdhleachtanna a íocadh i rith na bliana roimh bhliain an éilimh díolmhaithe.
Beidh na gnáthrialacha cuntasaíochta maidir le haitheantas ioncaim i bhfeidhm.
Deontais/Dámhachtainí/Duaiseanna
Ioncam inchánach is ea iad seo de ghnáth. Déantar cinneadh cibé an bhfuil siad incháilithe don díolúine nó nach bhfuil ag brath ar cibé acu an mbaineann siad le catagóir oibre de chuid an ealaíontóra a thagann faoin scéim díolúine ealaíontóra nó an mbaineann siad le hobair de chuid an ealaíontóra atá lasmuigh de scóip na scéime, faoi réir ag comhtheorainn bhliantúil €40,000 ón mbliain chánach 2011.
- Sparánachtaí de chuid na Comhairle Ealaíon má íocann an Chomhairle Ealaíon go díreach leis an ealaíontóir iad
- Íocaíochtaí Cnuais a dhéantar faoin Scéim Aosdána.
- Íocaíochtaí ó dhíol saothar cáilitheach thar lear a thagann laistigh de na Treoirlínte
- Cónaitheachtaí má íocann an Chomhairle Ealaíon go díreach leis an ealaíontóir iad chun críocha saothar cáilitheach a tháirgeadh. (Cónaitheachtaí a bhaineann le múineadh ealaíne nó le cleachtas den chineál sin, níl siad incháilithe i gcomhair díolúine.)
Ceart Achomhairc
Tá ceart achomhairc ag éilitheoir mura ndéanann na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh maidir leis an éileamh laistigh de shé mhí tar éis don éileamh a bheith déanta. Ní mór an t-achomharc a dhéanamh trí fhógra i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim agus é a dhéanamh laistigh de 30 lá tar éis dheireadh na tréimhse sé mí.
Tá feidhm ag na gnáthfhorálacha achomhairc i dtaca le héisteacht/athéisteacht achomharc agus sonrú cásanna don Ard-Chúirt.
Tobhach Ioncaim agus an Muirear Sóisialta Uilíoch.
Foráiltear leis an Díolúine Ealaíontóra le haghaidh díolúine ó cháin ioncaim amháin. Tá ioncam díolmhaithe ealaíontóra i gcomhair na mblianta 2009 agus 2010 faoi réir ag an Tobhach Ioncaim ag na rátaí bliantúla cuí. Ón mbliain chánach 2011 ar aghaidh, beidh an t-ioncam díolmhaithe ealaíontóra faoi réir ag an Muirear Sóisialta Uilíoch ag na rátaí bliantúla cuí.
ÁSPC, CBL, agus Srian ar Lucht Ardioncaim.
In imthosca áirithe d'fhéadfadh ioncam díolmhaithe ealaíontóra a bheith faoi réir ÁSPC, CBL agus an tSriain ar Lucht Ardioncaim.
Saoráil Faisnéise
Má fhaigheann duine cinneadh fabhrach, foilseofar a (h)ainm agus cineál/teideal a s(h)aothair ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim i gcomhréir leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.
Foilsítear cinntí arna ndéanamh ón 1 Aibreán 2002 ar aghaidh ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim faoi: Exemption - Individuals who received a favourable determination in the period since 1 April 2002 - Section 195 TCA, 1997
Tá cinntí a rinneadh sa tréimhse 21 Aibreán 1998 go 31 Nollaig 2001 ar fáil anseo:
Artists Exemption - Individuals who received a favourable determination during the period 21 April, 1998 to 31 December, 2001 - Section 195 TCA, 1997 (PDF, 440KB)
Foirmeacha
Tá dhá fhoirm ann mar a thaispeántar anseo thíos:
Foirmeacha Éilimh agus Faisnéis:
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,
An Rannóg Ioncaim & Cánacha Caipitil,
(An tAonad Díolúine Ealaíontóra),
An Chéad Urlár,
An Foirgneamh Stampála Nua,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2,
Éire.
Teil: + 353 1 6475000 Folíne:. 48011, 48684 nó 48224
Facs: +353 1 6799287
Ríomhphost direct-taxes-admin@revenue.ie
Treoirlínte
Réamhrá
- Cuireadh treoirlínte le chéile in 1994 chun a chinneadh an saothair bhunaidh chruthaíocha iad na saothair á mbreithniú faoi Alt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 agus an bhfuil, nó an aithnítear go coitianta go bhfuil, fiúntas cultúir nó ealaíne iontu.
Ábhar Ginearálta
- Foráiltear faoi Alt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 gurb ionann saothar chun críocha an Ailt agus saothar bunaidh cruthaíoch i gceann de na catagóirí seo a leanas:
- leabhar nó scríbhinn eile;
- dráma;
- saothar ceoil;
- péintéireacht nó pictiúr eile;
- dealbh.
Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chinneadh go bhfuil, nó go n-aithnítear go coitianta go bhfuil, fiúntas cultúir nó ealaíne i saothar dá leithéid.
- I gcoitinne, mar sin, chun díolúine a bhaint amach faoi Alt 195, is gá go mbeadh saothar bunaidh agus cruthaíoch araon agus go mbeadh fiúntas cultúir nó fiúntas ealaíne ann.
- Chun go ndéanfaí cinneadh a dheonú ina leith faoi Alt 195, ní gá go mbeadh fiúntas cultúir agus fiúntas ealaíne araon i saothar – is leor ceachtar den dá cháilíocht a bheith i gceist.
- I bhfeidhmiú na dtreoirlínte seo dóibh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mar a fhoráiltear faoi Alt 195, dul i gcomhairle le cibé duine nó comhlacht daoine a d’fhéadfadh, dar leo, cúnamh údarásach a sholáthar dóibh lena chinneadh an saothar cáilitheach é saothar chun críocha Alt 195.
Sainmhínithe
Fiúntas cultúir nó ealaíne
- Léirítear go bhfuil fiúntas cultúir i saothar más rud é go bhfeabhsaítear cáilíocht saoil phearsanta nó shaol an tsochaí de bhua chruth agus ábhar intleachtach, spioradálta nó aeistéitiúil an tsaothair sin ar mhachnamh a dhéanamh air.
- Tá fiúntas ealaíne i saothar más rud é go méadaíonn agus go ngéaraíonn a chruth agus a ábhar i dteannta a chéile an tuiscint aeistéitiúil atá acu siúd a bhfuil a n-aird nó a machnamh dírithe air.
Bunaidh Cruthaíoch
- Chun críche cinnidh faoi Alt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 cuimsíonn an téarma "bunaidh cruthaíoch" aon saothar uathúil a eascraíonn den chéad uair mar aonad neamhspleách as samhlaíocht bheo a chruthaitheora.
- Measfar gur saothar bunaidh cruthaíoch is ea saothar neamhfhicsin i gcatagóir (a), leabhar nó scríbhinn eile, sa chás seo a leanas amháin:
- Tagann sé laistigh de cheann amháin de na catagóirí a luaitear in Aguisín A, agus
- ii. Is é bunbhrí an tsaothair cur i láthair tuairimí nó grinneas an údair féin i ndáil leis an ábhar agus tá na tuairimí nó an grinneas sin chomh suntasach sin go bhféadfaí breathnú ar an saothar mar shaothar ceannródaíoch lena dtugtar léargas nua ar a ábhar nó lena n-athraítear an tuiscint choitianta ar an ábhar sin.
- Eisiaimh ón réimse "bunaidh cruthaíoch"
NÍ mheasfar na cineálacha saothair seo a leanas sna catagóirí atá leagtha amach in Alt 195 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, a bheith ina saothair a thagann faoin réimse "bunaidh cruthaíoch".- Leabhar nó scríbhinn eile, d’ainneoin mhír 9 thuas
- Leabhar nó scríbhinn eile a foilsíodh go príomha do mhic léinn, nó atá nó a bheidh á (h)úsáid ag mic léinn ag gabháil dóibh do chúrsa léinn, nó do dhaoine ag obair in aon cheird, ghairm, slí bheatha nó i mbrainse léinn mar chúnamh do chleachtas gairmiúil nó eile i ndáil leis an gceird, an ngairm, an tslí bheatha nó leis an mbrainse léinn.
- Alt nó sraith alt a foilsíodh i nuachtán, iris, leabhar nó eile – ach amháin i leabhar a chuimsíonn sraith alt leis an údar céanna a bhfuil an téama céanna ag rith tríothu agus mar sin a d’fhéadfadh seasamh go neamhspleách mar aonad ann féin.
- Dráma
Cineálacha drámaí a scríobhadh chun críocha fógraíochta agus nach ann dóibh go neamhspleách uathu féin mar gheall ar cháilíocht nó ar fhad. - Saothar ceoil
Cineálacha saothair ceoil a scríobhadh chun críocha fógraíochta agus nach ann dóibh go neamhspleách uathu féin mar gheall ar cháilíocht nó ar fhad. Cóiriúcháin, athchóirithe agus leaganacha de shaothair cheoil le duine seachas cumadóir bona fide atá ag gabháil go gníomhach don chumadóireacht cheoil. - Péintéireacht nó pictiúr eile dá leithéid
Cineálacha fótagraf nó líníochtaí (seachas foireann nó foirne fótagraf nó líníochtaí a chruthaítear le chéile chun críche ealaíne) atá ann go príomha mar thaifid nó a mbaintear feidhm fhóntaíoch astu, nó nárbh ann dóibh go neamhspleách uathu féin mar gheall ar cháilíocht nó toisc go bhféadfaidís a bheith mar chuid de thaispeántas ealaíne. - Dealbh
Cineálacha rudaí a bhfuil bunaidhm fheidhmiúil leo go príomha, rudaí a táirgeadh trí phróisis seachas de láimh, rudaí a táirgeadh de láimh ag daoine seachas iad siúd atá ag feidhmiú go gníomhach mar ealaíontóirí bona fide i réimse na n-amharcealaíon.
- Leabhar nó scríbhinn eile, d’ainneoin mhír 9 thuas
Aguisín A
Catagóirí neamhfhicsin ar féidir iarratas a dhéanamh ar iad a mheas mar a bheith incháilithe do chinneadh faoi Alt 195.
- Na catagóirí litríochta seo a leanas (agus teaglaim ar bith díobh) a thagann go hiomlán laistigh de théarmaí tagartha na Comhairle Ealaíon agus a chuimsíonn scríobh ficsin, drámaíocht, ceol, scannán, rince, mím nó amharcealaíona, agus tráchtaireachtaí bainteacha le healaíontóirí bona fide:
- critic ealaíon
- stair na n-ealaíon
- saothair maidir le hábhar ealaíon
- dialanna ealaíon
- dírbheathaisnéis
- aistí belles-lettres
- beathaisnéis
- foclóirí cultúrtha
- aistriúchán liteartha
- critic liteartha
- stair liteartha
- dialanna liteartha
- Na catagóirí saothar seo a leanas a thagann go hiomlán laistigh de théarmaí tagartha na Comhairle Oidhreachta, lena n-áirítear saothair a chuimsíonn, ina n-iomláine, ceann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas:
- seandálaíocht
- foilseacháin a bhaineann le nithe nó limistéir a bhfuil fiúntas suntasach oidhreachta iontu
- Na catagóirí saothar seo a leanas a thagann go hiomlán laistigh de théarmaí tagartha na Comhairle um an gCartlann Náisiúnta:
- Foilseacháin faoi Éirinn, a bhaineann leis na cartlanna, atá níos mó ná 30 bliain d’aois, agus atá bunaithe cuid mhór ar thaighde ó na cartlanna sin.
- Catagóirí saothar a chuimsíonn ina n-iomláine ceann nó níos mó de na catagóirí a luaitear i mír 1 go 3 thuas.
Márta 2011.
