Scéim Cabhair le Ceannach (CLC)

Léargas ginearálta

Is éard atá sa scéim Cabhair le Ceannach (CLC) ná dreasacht le haghaidh ceannaitheoirí maoine céaduaire. Cabhróidh sé leat leis an éarlais a theastaíonn uait chun teach nó árasán nua a cheannach nó a féin-tógáil. Ní mór duit an mhaoin a cheannach nó a féin-tógáil chun cónaí ann mar d’áit chónaithe.

Sa chás go gcomhlíonann tú na coinníollacha riachtanacha, gheobhaidh tú aisíocaíocht de:

Beidh an aisíocaíocht bunaithe ar na ceithre bliana chánach roimh d’iarratas a dhéanamh. Ní bheidh aon aisíocaíochtaí a d’éiligh tú cheana san áireamh san aisíocaíocht.

Scéim CLC feabhsaithe

Fógraíodh feabhsú sealadach don bhunscéim i bPlean Spreagthaí Post Mhí Iúil 2020.

Leis an scéim CLC feabhsaithe, féadfar iarratasóirí a chomhlíonann coinníollacha áirithe éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh méadaithe suas go huasmhéid €30,000. Tá scéim CLC feabhsaithe i bhfeidhm ón 23 Iúil 2020 go dtí an 31 Nollaig 2025. Bíonn an bunscéim i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2017 go dtí 22 Iúil 2020.

Tá tuilleadh eolais ar an scéim CLC feabhsaithe ar leathanach ‘Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?’ sa rannán seo.

Ar aghaidh: Cé a fhéadtar CLC a éileamh?