Táillí Teagaisc
- Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
- Coinníollacha Cáilithe
- Cúrsaí Faofa atá Cáilithe
- Faoiseamh Dlite
- Féach Liostaí do Choláistí Faofa
- Na Doiciméid atá ag Teastáil
- An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
- Ábhar Tagartha
Tá faoiseamh cánach ag an ráta caighdeánach cánach ar fáil dóibh seo a leanas:
Táillí teagaisc íoctha do chúrsaí fochéimithe lánaimseartha agus páirtaimseartha áirithe a mhaireann ar feadh 2 bhliain ar a laghad. Baineann an faoiseamh le táillí suas go dtí luach €7,000.
Táillí teagaisc íoctha do chúrsaí oiliúna áirithe i réimse na teicneolaíochta faisnéise agus i dteangacha iasachta. Baineann an faoiseamh le táillí ar fiú idir €315 agus €1,270 iad.
Táillí teagaisc íoctha do chúrsaí iarchéime áirithe.
Cé atá in ann éileamh a dhéanamh?
Duine a íocann táillí ag Coláistí Príobháideacha/Coláistí Tríú Leibhéal Maoinithe go Poiblí thar ceann é/í féin nó thar ceann duine ar bith eile.
Coinníollacha Cáilithe
- Caithfidh sé gur cúrsa faofa é i gcoláiste faofa sa Stát, i mballstát eile de chuid an AE nó i stát nach ball den AE (ach amháin cúrsaí iarchéime sa chás deireanach) é
- Caithfidh na Cúrsaí Fochéimithe lánaimseartha agus páirtaimseartha maireachtáil ar feadh 2 bhliain ar a laghad.
- Ba cheart go mairfeadh Cúrsaí Iarchéime 1 bhliain ar a laghad ach ní féidir leo a bheith níos faide ná 4 bliana.
- Caithfidh cúrsaí oiliúna i réimse na teanga iasachta agus na teicneolaíochta faisnéise maireachtáil ar feadh níos lú na 2 bhliain.
D’fhéadfadh sé go mbeidh cúrsaí nach bhfuil ar liostaí bliantúla na gCoimisinéirí Ioncaim atá soláthraithe ag an Roinn Oideachais & Scileanna, incháilithe d’fhaoiseamh áit go gcomhlíonann siad coinníollacha Alt 473A
- Cúrsaí fochéimithe lánaimseartha agus páirtaimseartha i gcoláistí atá maoinithe go poiblí agus i gcoláistí príobháideacha faofa áirithe sa Stát,
- cúrsaí fochéimithe lánaimseartha agus páirtaimseartha i gcoláistí atá maoinithe go poiblí nó creidiúnaithe i mballstát den AE
- Cúrsaí iarchéime i gcoláistí atá Maoinithe go Poiblí agus i gcinn áirithe príobháideacha agus faofa sa Stát
- Cúrsaí iarchéime i gcoláistí atá maoinithe go poiblí nó creidiúnaithe i dtíortha de chuid an AE agus i dtíortha nach cuid den AE iad
- cúrsaí cianfhoghlama áirithe.
Faoiseamh Dlite
Tá faoiseamh ann in aghaidh an chúrsa, in aghaidh na bliana acadúla. Is féidir éilimh a dhéanamh sa chás go bhfuil níos mó ná páiste amháin i gceist. Uasmhéid - €7,000 in aghaidh an chúrsa don bhliain 2011 agus na mblianta ina ndiaidh sin (€5,000 do no mbliana 2005 go 2010 agus €3,175 roimh 2005).
Cúrsaí i dTeanga Iasachta & Cúrsaí FÁS:
- Íosmhéid - €315 in aghaidh an chúrsa
- Uasmhéid - €1,270 in aghaidh an chúrsa
Féach Liostaí do Choláistí Faofa
Na Doiciméid atá ag Teastáil
Iarratas scríofa a thugann na sonraí seo a leanas:
- Méid na dTáillí Teagaisc
- Ainm, seoladh agus uimhir PSP an duine a d’íoc táillí teagaisc
- Ainm, seoladh agus uimhir PSP an mhic léinn
- Cúrsa staidéir agus fad an chúrsa
- Deimhniú go bhfuil maoiniú poiblí/príobháideach ag an gcoláiste i dtír san AE/nach cuid den AE í
Ní gá fáltais do Tháillí Teagaisc íoctha a chur isteach in éineacht leis an éileamh. Toisc go bhféadfaí an fáltas a iarraidh le deimhniú a fháil sa todhchaí, ba cheart don éilitheoir fáltas a choinneáil.
Srian ama ceithre bliana
Ní mór éileamh ar fhaoiseamh ó cháin a dhéanamh laistigh de 4 bhliain ó dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an t-éileamh.
An áit ar chóir an t-éileamh a sheoladh
Bain úsáid as d’uimhir PSP chun seoladh poist d'oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a fháil inár Aimsitheoir Sonraí Teagmhála
Ábhar Tagartha
- Alt 473A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997
- Alt 476 den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997
- Leaflet IT 31 - Tax Relief for Tuition Fees
- Leaflet IT31A - Tax Relief for fees paid by an individual for certain training courses in Foreign Languages and Information Technology
Nuashonraithe: Mean Fómhair 2011
