Ioncam ó Chíos

Cén cineálacha Ioncam Cíosa atá ann?

  • Is é an t-ioncam cíosa is coitianta ná ioncam ó theach, árasán, oifig, fhoirgneamh srl. a ligean ar cíos.
  • Ioncam ó éasúint .i. má fhaightear íocaíocht ar an gceart chun comharthaí fógraíochta a chur suas, ar tharchuradóirí cumarsáide, nó ar chearta conacra nó innilte
  • Léasanna áirithe, ar mhaoin neamhchónaitheach de ghnáth .i. siopa nó trádstóras ar gá don tionónta préimh a íoc leis an tiarna talún ina leith. Áit a cheadaítear léas níos lú ná 50 bliain glactar le cuid den phréimh a ghearrtar mar chíos

Ar Ais go Barr

Asbhaintí Incheadaithe

Is féidir le duine asbhaint a éileamh ó chíos comhlán do chostais dhlisteanacha a bhaineann le maoin mar seo a leanas:

  • Bunchíos
  • Rátaí
  • Cothabháil
  • Deisiúcháin Ghinearálta (gan Caiteachas Caipitiúil san áireamh)
  • Árachas
  • Táillí Bainistíochta: á íoc le gníomhaire m.sh. bailiú cíosa

    Tabhair faoi deara: Ní féidir le tiarnaí talún éileamh a dhéanamh dá gcuid saothair féin.

  • Muirir seirbhíse (uisce/bruscar srl.)
  • Fógraíocht do thionóntaí
  • Táillí cuntasóirí as cuntais chíosa a réiteach ó 96/97 ar aghaidh.
  • Caitheamh agus Cuimilt - Dímheas ar threalamh agus fheistis
    • Le héifeacht ón 4 Nollaig 2002 is é 12.5% in aghaidh na bliana thar 8 mbliana atá sa liúntas.
    • Don tréimhse idir an 1 Nollaig 2001 agus an 3 Nollaig 2002 ba é 20% in aghaidh na bliana thar 5 bliana a bhí sa liúntas. Tá forálacha idirthréimhseacha i bhfeidhm a cheadaíonn an ráta 20% in aghaidh na bliana thar 5 bliana má fuarthas an mhír faoi chonradh scríofa roimh an 4 Nollaig 2002 agus má tabhaíodh an caiteachas roimh 31 Eanáir 2003.
    • Roimh an 1 Eanáir 2001 ba é a bhí sa liúntas ná 15% in aghaidh na bliana don chéad 6 bliana agus 10% sa 7ú bliain
  • Caiteachas Tógála - i limistéar dreasachta Athnuachana
  • Ús - Tá faoiseamh dlite ar 75% ús íoctha ar iasachtaí chun áitreabh cónaithe (roinnt eisceachtaí) a cheannach, a fheabhsú nó a dheisiú.

Tabhair faoi deara: Níl aon faoiseamh dlite ar ús íoctha ar iasachtaí idir 23/4/1998 agus 31/12/2001, na dátaí sin san áireamh.
Le linn na tréimhse seo leanadh le faoiseamh úis a cheadú do
a) ligean tráchtála agus
b) ligean cónaithe reatha amhail an 23/4/98, chomh fada is a bhí an t-áitreabh i seilbh an tiarna talún ar an 23/4/98.

Ar Ais go Barr

Faoiseamh do Sheomra ar Cíos

Faoiseamh Seomraí ar Cíos. Sa chás go bhfuil seomra (nó seomraí) ligthe ar cíos ag duine ar leith ina (h)áit chónaithe aonair nó ina p(h)ríomháit chónaithe mar chóiríocht chónaitheach, is ceadmhach don ioncam a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim sa chás go bhfuil comhiomlán na gcíosanna comhlána agus suimeanna béilí ar bith nó seirbhísí eile a sholáthraítear maidir leis an ligean faoi bhun tairsí áirithe (€10,000 le haghaidh na bliana cánach 2010 agus 2011). Tá an faoiseamh seo faoi réir roinnt coinníollacha. Féach ar IT 70 A, Treoir na gCoimisinéirí Ioncaim ar Ioncam Cíosa, le do thoil, chun tuilleadh eolais a fháil.

Ar Ais go Barr

Ábhar Tagartha

Ar Ais go Barr

Faisnéis Bhreise

  • Cíosanna lasmuigh den Stát - Déantar ioncam cíosa arna thabhú lasmuigh den Stát a mheasúnú faoi Sceideal D Cás III.
  • Cáin Ghnóchan Caipitiúil - Má dhíoltar maoin a bhí á léasú d’fhéadfadh dliteanas maidir le cáin ghnóthachan caipitiúla a bheith i gceist.
  • Caiteachas Réamhthrádála - Níl aon fhaoiseamh dlite ar chaiteachas réamhthrádála ach amháin do tháillí ligin ceantálaithe, tháillí fógraíochta agus chostais dlí arna dtabhú ar an chéad ligean.
  • Cíos a íoctar le tiarna talún neamhchónaitheach - Má íoctar an cíos le gníomhaire atá ag gníomhú thar ceann an tiarna talún, déantar an ghníomhaire a mheasúnú bunaithe ar an gcíos.

Má íoctar an cíos leis an tiarna talún thar lear áfach, nó isteach i gcuntas thar a cheann ní mór don tionónta cáin a asbhaint ag an ghnáthráta ó na híocaíochtaí agus an cháin sin a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil