Stádas Cónaitheach

Cé atá Cónaitheach?

Tuigtear go bhfuil duine cónaitheach chun críche cháin na hÉireann nuair a chaitheann sé/sí

  1. 183 lá in Éirinn
  2. 280 lá in Éirinn le linn dhá bhliain - i.e. an bhliain chánach reatha agus an bhliain chánach roimhe, ar feadh 30 lá ar a laghad in aghaidh na bliana.

Go dtí 31/12/2008, glacadh leis go raibh duine in Éirinn ar feadh chun críche cánach nuair a bhí sé/sí sa tír ag meán oíche. Tar éis 1/1/2009, glactar leis go bhfuil duine in Éirinn ar feadh lae nuair atá sé/sí sa tír ag aon am i rith an lae.

Ar ais go Barr

Cad is bliain scoilte ann agus cé dó a mbaineann sé?

Daoine atá ag teacht chun a bheith ina c(h)ónaí anseo (agus a bheidh ina c(h)ónaí anseo an bhliain dar gcionn) :
Glactar leis go bhfuil siad cónaitheach ón lá a shroicheann siad Éire agus ní mór dóibh cáin ioncaim a íoc ar gach ioncam ón dáta sin ar aghaidh. Go ginearálta, bíonn creidmheasanna cánach iomlán inlamháilte ar bhonn carnach.

Eisimircigh: (cónaitheach sa bhliain ina n-imíonn siad; nach bhfuil cónaitheach an bhliain dar gcionn.)
Glactar leis go bhfuil siad cónaitheach go dtí an lá a fhágann siad agus tá siad freagrach as cáin ioncaim a íoc ar gach ioncam go dtí an dáta sin. Go ginearálta, bíonn creidmheasanna cánach iomlán inlamháilte ar bhonn carnach.

Ar ais go Barr

Teidlíochtaí an Duine Aonair Neamhchónaitheach i leith Creidmheasanna Cánach

Saoránach an AE, Náisiúnach

Eisítear creidmheasanna cánach iomlán ar bhonn carnach má tá 75% den ioncam a fhaigheann an té ar fud an Domhain inchánach in Éirinn. Eisítear Deimhniú Bhunús Seachtain 1 má tá níos lú ná 75% den ioncam inchánach.

Saoránach Tíre lena bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte:

Eisítear creidmheasanna cánach iomlán ar bhonn carnach ar chuntar nach bhfuil aon ioncam eile ag an té seachas an t-ioncam a fhaigheann sé/sí in Éirinn. Nuair atá foinse ioncaim eile ag an té chomh maith leis an ioncam in Éirinn, eisítear Deimhniú Bhunús Seachtain 1.

Eile:

Eisítear deimhniú gan aon chreidmheas cánach i ngach cás eile.

Ar ais go Barr

Ordú Eisiatachta ÍMAT

Má tá duine i bhfostaíocht fostóra Éireannaigh thar lear (agus déantar na dualgais ar fad thar lear) agus mura bhfuil sé/sí cónaitheach in Éirinn le linn na bliana cánach, eisítear Ord Eisiaimh ÍMAT. Ní mór don fhostóir na sonraí ar fad a chur isteach chuig Oifig Réigiúnach na gCoimisinéirí Ioncaim i scríbhinn.

Ar ais go Barr

Ábhar Tagartha

Bileog Eolais Res 1 - Treoir maidir le cáin ioncaim agus cáin ghnóthachan caipitiúil na hÉireann bunaithe ar roinnt ceisteanna coitianta

Ar ais go Barr

Ábhair Bhainteacha

Asbhaint mar gheall ar Thuilleamh Eachtrach (Cuireadh stop leis an bhfaoiseamh seo tar éis 31 Nollaig 2003)
Liúntas Maraí
Faoiseamh d'Oibrithe Trasteorann

Ar ais go Barr

Breis eolais

De ghnáth, ní mór do gach duine cónaitheach cáin a íoc ar mhéid iomlán a n-ioncaim ó gach foinse - ó Éirinn agus thar lear.

Ar ais go Barr

Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte do Dhaoine Cónaitheacha

Tá comhaontuithe cuimsitheacha um chánachas dúbailte ag Éirinn le 46 tír eile.

Féach ar an liosta reatha

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil