Cé a Íocann?

Dlitear cáin ioncaim a ghearradh ar dhaoine aonair atá ina gcónaí, ina ngnáthconaí agus ina sainchónaí sa Stát i leith a gcuid ioncaim iomláin ó cibé foinse. Tá siad i dteideal áfach liúntais agus asbhaintí áirithe a éileamh.

Is iondúil go ngearrtar cáin ar dhaoine aonair nach bhfuil ina gcónaí sa Stát i leith ioncaim a ghintear dóibh sa Stát. Mura bhfuil siad ina gcónaí ach ina ngnáthchónaí, dlitear cáin a ghearradh orthu freisin ar ioncam coigríche, seachas tuillimh choigríche, i gcás go sáraíonn an t-ioncam coigríche sin €3,810 i mbliain mheasúnaithe amháin. D'fhéadfaí an scéal seo a athrú áfach faoi chomhaontuithe cánachais dhúbailte. D'fhéadfadh cónaitheoirí i dtíortha lena bhfu comhaontuithe cánachais dhúbailte ag Éirinn bheith i dteideal díolúine ó cháin ioncaim na hÉireann i dtosca áirithe. I gcoitinne, áfach, fad a fhanann an t-ioncam inchánach, go hiomlán nó i bpáirt, sa Stát nó i gceann ar bith de na tíortha lena bhfuil comhaontú, ceadaítear an cháin a ghearrtar sa bhuntír a úsáid mar chreidmeas i gcoinne na cánach a ghearrtar sa tír eile ar an ioncam céanna.

Daoine nach bhfuil ina gcónaí sa Stát agus ar saoránaigh d'Éirinn iad, nó atá, tar éis dóibh bheith ina gcónaí sa Stát, ina gcónaí anois lasmuigh den Stát ar chúiseanna sláinte, d'fhéadfaidís bheith i dteideal roinnt éigin faoisimh ó cháin ioncam.Tá faoiseamh dá leithéid ar fáil freisin do chónaitheoirí i mBallstáit eile den AE agus do chónaitheoirí i bhformhór na dtíortha eile lena bhfuil comhaontuithe cánachais dhúbailte ag Éirinn.

Daoine atá ina sainchónaí lasmuigh den Stát ach atá ina gcónaí sa Stát, gearrtar cáin orthu ar an méid dá gcuid ioncaim, agus airsean amháin, a ghintear lasmuigh d'Éirinn agus den Ríocht Aontaithe agus a sheoltar ar ais chuig an Stát.

Daoine atá ina gcónaí in Éirinn agus atá ag obair lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aonaithe ar feadh íostréimhse áirithe i mbliain chánach, d'fhéadfaidís bheith i dteideal asbhainte ioncaim chun críche cánach. Braitheann méid na hasbhainte ar an tréimhse a caitheadh ag obair lasmuigh den Stát.

Meastar daoine a bheith ina gcónaí in Éirinn i mbliain chánach má chaitheann siad 183 lá nó níos mó in éirinn sa bhliain sin nó comhiomlán 280 lá in Éirinn sa bhliain sin agus sa bhliain chánach roimhe. (Má chaitear 30 lá ar a mhéid sa Stát i gcaitheamh na bliana cánach, ní áirítear é sin chun críche na tástála dhá bhliain).

Daoine atá ina gcónaí in Éirinn ar feadh trí bliana cánach as a chéile, tagann siad chun bheith ina ngnáthchónaí in Éirinn ó thús an ceathrú bliain chánach. Scoireann siad de bheith amhlaidh ag deireadh an tríú bliain as a chéile nach bhfuil siad ina gcónaí sa tír.

Níl comhpháirtíocht inti féin inmhuirir do cháin ioncaim. Tá cáin inghearrtha ar chion gach comhpháirtí, leith ar leith, d'ioncam na comhpháirtíochta.

Tá cáin ioncaim inmhuirir de ghnáth ar ioncam iomlán comhlachta neamhchoirprithe ar an ráta caighdeánach. Dlitear cáin a ghearradh ar chuideachtaí neamhchónaithheacha i leith aon ioncaim a ghintear sa Stát nach ngearrtar cáin chorparáide air.

Déileáiltear leis na Grúpaí um Leas Geilleagrach Eorpach seo amhail comhpháirtíocht chun críche cánach. Dlitear cáin a ghearradh ar chion gach baill, leith ar leith, d'ioncam an ghrúpa uLGE.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil