Maidir le Foirm RCT-35/35L

Is foirm le dhá chuid í Foirm RCT-35/35L a chuimsíonn dearbhú bliantúil na n-ollíocaíochtaí agus cáin asbhainte (RCT-35), chomh maith le liosta na bhfochonraitheoirí ar fad a fuair íocaíochtaí cibé an bhfuil cáin asbhainte nó nach bhfuil.

Nuair nach bhfuil foirm faighte nó má tá foirm caillte ag Príomhchonraitheoir, ba chóir dóibh teagmháil a dhéanamh le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim a eiseoidh ceann eile.

Má scoireann tú den Príomhchonraitheoir ag aon am i rith na bliana, is gá leat fós Foirm RCT-35 don bhliain sin a chur faoi bhráid.

RCT-35 a chomhdú

Caithfidh Príomhchonraitheoirí Foirm RCT-35 comhlánaithe a sheoladh chuig an Ard-Bhailitheoir faoin 15 Feabhra gach bliain. Is féidir Foirmeacha RCT-35 a chomhdú ag baint leasa as Seirbhís na gCoimisinéirí Ioncaim Ar Líne (ROS). Tá sonraí iomlán ar fáil ar an suíomh greasán seo nó trí ríomhphost ó roshelp@revenue.ie.

Tá sonraí iomlán ar chomhdú RCT-35 2010 le fáil i r-Fhaisnéis na gCoimisinéirí Ioncaim Uimh. 98/2010

Clár Comhlíonta

Cuimsíonn Cláir Chomhlíonta na gCoimisinéirí Ioncaim an Fhoirm RCT35 anois. Forálann an clár RCT do chionta neamhchódaithe RCT 35 a tharchur le haghaidh ionchúisimh faoi Alt 1078, an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997. Tá roinnt cásanna den chineál sin os comhair na gCúirteanna faoi láthair. D'fhonn aon bhaol ionchúisimh a sheachaint, ba cheart an fhoirm a chomhlánú i gceart agus a chur ar ais in am.

Pointí le tabhairt faoi deara nuair atá Foirm RCT-35 á comhlánú

  • Ní mór na hiontrálacha ar an bhfoirm a bheith inléite.
  • Ní mór don dearbhú na hollíocaíochtaí a dhéantar agus an cháin a asbhaintear a chuimsiú.
  • Ní mór cuntas a thabhairt i ngach cárta íocaíochtaí a eisíodh, agus an fhoirm á comhlíonadh.
  • Ní mór lánfhaisnéis a chomhlánú maidir le gach fochonraitheoir. Ní mór ainm agus seoladh iomlán an chonraitheora a thaispeáint go háirithe. Ní mór an uimhir chánach / an uimhir PSP a lua i gcás go bhfuil sí ar fáil. Ba cheart an dáta breithe a lua i gcónaí i gcás ina bhfuarthas ceann.
  • · Cuirfear ar ais lena gceartú foirmeacha nach bhfuil comhlánaithe i gceart, agus d’fhéadfaí nach gcomhlíonfadh an tuairisceán an spriocam códaithe dá bharr. Ina theannta sin, d’fhéadfadh comhfhreagras nó iniúchtaí nach gá a bheith de thoradh ar fhoirmeacha a chomhlíontar go neamhiomlán nó go míchruinn.
  • Ní mór don phríomhaí an dearbhú a shíniú.

Earráidí Íocaíochta CCI a aimsíodh nuair a bhí Foirm RCT-35 á chomhlánú

D’fhéadfadh príomhaithe nó a gcuid comhairleoirí samplaí a fháil d’ollíocaíochtaí a rinneadh le sealbhóir C2 bailí:

  • gan RCT47 (cárta íocaíochtaí) a bheith ann, nó
  • de bhreis ar an teorainn ioncaim sonraithe ar an gcárta íocaíochtaí

I gcás mainneachtain eisceachtúil a bheith ann cáin a asbhaint, beidh feidhm ar bhonn lamháltais ag pionós socraithe maidir le gach sárú i gcás go gcuirtear isteach lán-nochtadh agus an íocaíocht lena mbaineann laistigh de 1 mhí ó dháta comhdaithe na Foirme RCT35. Má mhainnítear comhlíonadh, beidh an Príomhaí faoi dhliteanas i dtaca leis an RCT ba cheart a bheith asbhainte móide ús agus pionóis.

Sonraí iomlán leagtha amach i r-Fhaisnéis Uimh.10/2007.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag síneadh an dáta chun nochtadh maidir leis an tuairisceán RCT 35 don bhliain 2009 a dhéanamh le mí breise go dtí 15 Aibreán (agus 23 Aibreán i gcás na custaiméirí ROS). Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa
r-Fhaisnéis Uimh.12/2010.

Pionóis

I gcás go gceanglaítear ar dhuine tuairisceán a thabhairt agus go mainníonn an duine sin an tuairisceán a thabhairt, dlífear pionós a ghearradh air nó uirthi faoin Acht Comhdhlúite Cánacha, nó, ar é nó í a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nó téarma príosúnachta nó an dá rud a ghearradh air nó uirthi. I gcás ina dtugann aon duine tuairisceán míchruinn go calaoiseach nó go faillíoch, dlífear pionós a ghearradh air nó uirthi faoin Acht Comhdhlúite Cánacha, nó, ar é nó í a chiont

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)


Leagan furasta le priontáil