Oibríochtaí Foirgníochta
D'fhéadfadh aon cheann de na sainmhínithe seo a leanas a bheith i gceist le "hOibríochtaí Foirgníochta":
- Tógáil, athrú, deisiú, síneadh, scartáil nó díthógáil foirgneamh nó struchtúr;
- Tógáil, athrú, deisiú, síneadh nó scartáil oibreacha atá mar chuid den talamh, nó a bheidh mar chuid di, lena n-áirítear ballaí, oibreacha bóthair, línte cumhachta, gairis teileachumarsáide, rúidbhealaí d'eitleáin, dugaí agus calafoirt, iarnróid, uiscebhealaí intíre, píblínte, taiscumair, píblínte uisce, tobair, séaraigh, gléasra tionsclaíoch agus aon obair eile a bhaineann le sruthchórais talún;
- Córais téimh, soilsithe, aerchóirithe, fuaimdhíonta, aerála, soláthair cumhachta, draenála, séarachais, soláthair uisce, aláram buirgléireachta nó cosanta dóiteáin a fheistiú in aon fhoirgneamh nó struchtúr;
- Córais teileachumarsáide a fheistiú in aon fhoirgneamh nó struchtúr;
- Glanadh lasmuigh d'fhoirgnimh (seachas aon chuid den fhoirgneamh a ghlanadh mar chuid de ghnáthchothabháil) nó glanadh laistigh d'fhoirgnimh agus struchtúir, faoina dtugtar le linn tógála, athrú, sínidh, deisiú, nó athchóiriú;
- Oibríochtaí atá mar bhunchuid de na hoibríochtaí ar a ndéantar cur síos in Alt (a) go (d) thuas, nó atá mar ullmhú orthu, nó a chuirfidh chun críche iad, lena n-áirítear glanadh láithreán, créchartadh, tochailt, tollánú, tolladh, dúshraitheanna a leagan, scafalra a chur suas, aisiriú láithreán, tírdhreachadh [1] agus soláthar bóithre agus bealaí isteach eile;
- Oibríochtaí atá mar bhunchuid de dhruileáil d'fhonn mianraí, ola nó gás nádúrtha a bhaint, taiscéalaíocht le haghaidh acmhainní nádúrtha nó acmhainní nádúrtha a shaothrú; nó oibríochtaí atá mar ullmhú orthu, nó a chuirfidh chun críche iad;
- Aon ábhar, innealra nó gléasra atá tarlaithe ag tarlóir ar cíos le húsáid i dtaca le haon oibríocht foirgníochta ar a ndéantar cur síos in Alt (a) go (f) thuas, cé acu an bhfuil úsáid bainte astu nó nach bhfuil.
Nóta 1: Ní hoibríocht foirgníochta é tírdhreachadh ach amháin nuair atá teach á thógáil nó á athchóiriú agus tugtar faoi thírdhreachadh na ngairdíní ag an am céanna mar chuid den obair sin; ní hoibríocht foirgníochta é tírdhreachadh ann féin.
