An stádas ceart fostaíochta atá ag fostaí a chinneadh
Nuair a fhostaíonn príomhchonraitheoir duine sa tionscal foirgníochta, foraoiseachta nó próiseála feola, tá sé de dhualgas ar an bpríomhchonraitheoir a chur in iúl cé acu an fostaí é an t-oibrí nó an fochonraitheoir féinfhostaithe é. Cuirtear treoirlínte ar fáil d'fhonn cúnamh a thabhairt do phríomhchonraitheoirí cinneadh a dhéanamh maidir le stádas fostaíochta nó féinfhostaíochta an duine sa
Chód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta nó Féinfhostaíochta Daoine a Chinntiú (PDF, 241KB).
Tá leaganacha den Chód seo le fáil i roinnt teangacha iasachta chomh maith.
Braitheann catagóir an oibrí ar an obair a dhéanann sé agus réir na dtéarmaí agus coinníollacha faoina bhfuil sé ag obair, cé acu an bhfuil na téarmaí agus coinníollacha seo i scríbhinn, ó bhéal nó intuigthe. Ní fhéadann an príomhchonraitheoir a rogha féin a dhéanamh maidir le stádas 'fostaíochta' ná 'féinfhostaíochta' an phoist.
Ba chóir míreanna an liosta seo a leanas a thabhairt faoi deara nuair atáthar ag déanamh cinnidh maidir le cé acu an fostaí é oibrí nó an fochonraitheoir 'féinfhostaithe' é (tá tuilleadh eolais le fáil sa Chód).
Is fostaí é/í má bhaineann aon mhír, nó níos mó, seo a leanas leis/léi:
- Tá duine eile i gceannas air/uirthi a threoraíonn an tslí, an t-am agus an áit a dtugtar faoin obair
- Oibríonn sé/sí uaireanta leagtha síos nó méid áirithe uaireanta in aghaidh na seachtaine nó in aghaidh na míosa
- Ní chuireann sé/sí ábhair ar fáil chun an jab a dhéanamh
- Ní úsáideann sé/sí trealamh dá c(h)uid féin seachas uirlisí beaga na ceirde
- Níl a c(h)uid airgid féin faoi phriacal mar gheall ar an obair
- Faigheann sé/sí pá socruithe in aghaidh na huaire/seachtaine/míosa
- Tá sé/sí i dteideal pá nó saoire breise tar éis ragobair a dhéanamh
- Tá sé/sí i dteideal pá breoiteachta
- Faigheann sé/sí íocaíochtaí sa bhreis chun costais chothaithe agus taistil a chumhdach
- Soláthraíonn sé/sí obair amháin
- Ní féidir leis/léi an obair a ligean ar fochonradh
- Ní ghlacann sé/sí aon fhreagracht as infheistíocht ná bainistíocht sa ghnólacht
- Ní bhíonn an deis aige/aici brabús a dhéanamh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ná tascanna a éiríonn as na gníomhaíochtaí sin a bhainistiú go fónta
- Bíonn sé/sí faoi chumhdach árachais dliteanais phoiblí de chuid an fhostóra de ghnáth
- Oibríonn sé d'aon duine amháin nó d'aon ghnólacht amháin
Tá sé/sí féinfhostaithe má bhaineann aon mhír, nó níos mó, seo a leanas leis/léi:
- Tá sé/sí i gceannas ar an obair ar fad; cad a dhéantar, conas a dhéantar í, an t-am agus an áit a ndéantar í, agus cé acu an ndéanann sé/sí féin an obair
(Ar mhaithe le sábháilteacht, tá gach duine faoi threoir an mhaoir láithreáin sa tionscal foirgníochta. Tá an duine féinfhostaithe i gceannas ar an modh as a mbainfaidh sé/sí úsáid chun an obair a dhéanamh.) - Oibríonn sé/sí na huaireanta atá ag teastáil chun oibleagáidí an chonartha a chomhlíonadh
- Cuireann sé/sí na hábhair ar fáil chun an jab a dhéanamh
- Cuireann sé/sí trealamh atá riachtanach chun an jab a dhéanamh ar fáil, seachas uirlisí beaga na ceirde
- Tá a c(h)uid airgid féin faoi phriacal i ngeall ar go mbeidh sé/sí freagrach as aon obair lochtach nó fhochaighdeánach a réiteach faoi réir an chonartha
- Measann sé/sí costais an jhab agus aontaíonn sé/sí praghas a bheidh ar an jab leis an bpríomhchonraitheoir
- Faigheann sé/sí íocaíocht(aí) atá socruithe de réir an chonartha agus níl sé/sí i dteideal íocaíochtaí ragoibre, taistil agus cothaithe, costas, saoire le pá ná airgead tíre
- Is féidir leis/léi daoine eile a fhostú ar a t(h)éarmaí féin chun tabhairt faoin obair sa chonradh
- Tá sé/sí freagrach as infheistíocht agus bainistíocht na gnólachta
- Bíonn an deis aige/aici brabús a dhéanamh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí agus tascanna a éiríonn as na gníomhaíochtaí sin a bhainistiú go fónta
- Faigheann sé clúdach árachais dó/di féin agus d'fhostaithe mar is iomchuí, mar shampla, árachas dliteanais phoiblí, srl.
- Tá a g(h)nólacht féin aige/aici
- Is féidir leis/léi na seirbhísí céanna a chur ar fáil do níos mó ná aon duine nó ghnólacht amháin ag an am céanna
Ba chóir a thabhairt faoi deara:
- nach conraitheoir féinfhostaithe go huathoibríoch é oibrí atá íoctha de réir torthaí (tascoibrí, coimisiún, trí scaireanna);
- nach conraitheoir féinfhostaithe go huathoibríoch é oibrí de bharr go bhfuil sé/sí cláraithe le haghaidh cáin féinmheasúnaithe nó CBL faoi phrionsabal féinmheasúnaithe;
- Nuair atá oibrí féinfhostaithe i leith post amháin, ní gá go gciallódh sé sin go mbeadh sé/sí féinfhostaithe i leith an chéad phost eile. Caithfear gach jab a mheas ar bhonn leithleach.
Cásanna faoina bhfuil Amhras
Má tá aon amhras faoi stádas fostaithe nó féinfhostaithe oibrí, déan teagmháil le hOifig Áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.
Íocann fostaithe cáin de réir an chórais ÍMAT agus íocann fochonraitheoirí féinfhostaithe cáin de réir an chórais féinmheasúnaithe.
Fostaí
Más fostaí é an duine atá ag obair don phríomhchonraitheoir, ní mór don phríomhchonraitheoir an córas ÍMAT/ÁSPC a chur i bhfeidhm ar gach íocaíocht a dhéantar chuige/chuici. Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcóras ÍMAT/ÁSPC le fáil i Treoir d’Fhostóirí maidir le ÍMAT. Tá an leabhrán seo ar fáil saor in aisce ó Oifig Áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim nó ó Sheirbhís Foirmeacha agus Bileoga Eolais na gCoimisinéirí Ioncaim, cuir íosghlao ar 1890 306 706 (nó +353 1 70 23 050 do dhaoine taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann).
Féinfhostaithe
Nuair atá conraitheoir sa tionscal foirgníochta, foraoiseachta nó próiseálafeola féinfhostaithe, ní mór dó/di agus don phríomhchonraitheoir Foirm RCT 1 a líonadh isteach. Tuilleadh eolais maidir le Foirm RCT 1.
