Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú

Ar an 13 Nollaig 2011, shínigh an tAire Airgeadais Ordú an tOrdú Tosach Feidhme don chóras nua RCT a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2012. Ní mór do gach príomhchonraitheoir in earnálacha na tógála, na foraoiseachta agus na próiseála feola oibriú i gcomhar leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn leictreonach, agus ba cheart dóibh na nithe seo a leanas a dhéanamh:

Tá rialacháin déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim, dar teideal pdfCáin Ioncaim agus Cáin Chorparáideach (Cáin Chonarthaí Iomchuí), Rialacháin 2011 (I.R. 651 de 2011) (PDF, 72 KB), ina dtugtar sonraí na bhforálacha a rialaíonn feidhmiú na scéime. Tá creat reachtúil scéime nua le fáil in altanna 530A go 530V den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997.

Tábhachtach: Cuideachtaí a bhfuil córais inmheánacha bogearraí acu le haghaidh Cáin Chonarthaí Iomchuí

pdfNósanna imeachta athbhreithnithe maidir le hImréiteach Cánach i leith Conarthaí Seirbhíse Poiblí, Deontas, Fóirdheontas agus íocaíochtaí de chineál dá samhail (Ciorcláin 43/2006 agus 44/2006 na Roinne Airgeadais) (PDF, 27KB)

Faisnéis le haghaidh fochonraitheoirí faoin gcóras nua cháin chonarthaí iomchuí

 

Athruithe maidir le feidhmiú Cáin Chonarthaí Iomchuí - seisiún faisnéise ar líne

pdfAthruithe maidir le feidhmiú Cáin Chonarthaí Iomchuí - seisiún faisnéise cur (i láthair sleamhnán) (PDF, 1MB)


Socruithe idirthréimhseacha: Cabhraigh na Coimisinéirí Ioncaim le príomhchonraitheoirí agus iad ag aistriú chuig an gcóras cánach conarthaí iomchuí (RCT) nua ar na bealaí seo a leanas:

  • Reoigh na Coimisinéirí Ioncaim pdf rátaí RCT (PDF, 86 KB) gach fochonraitheora idir 1 Eanáir 2012 agus 31 Márta 2012. Beidh deireadh leis an socrú idirthréimhseach seo ar 31 Márta 2012. Ní mór do phríomhchonraitheoirí a thuiscint go bhféadfaí rátaí fochonraitheoirí a athrú uair ar bith i ndiaidh 1 Aibreán 2012.
  • Rinneadh maolú don bhliain 2012 ar an riachtanas maidir le pdfconarthaí iolracha a fhógairt (PDF, 15KB) sa chóras nua.
  • Cúnamh le fógraí faoi chonarthaí a rinneadh roimh 31/12/11 a bheidh ar siúl fós in 2012

Mar chuid den phróiseas aistrithe conarthaí, rinne na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis faoi chonarthaí an phríomhchonraitheora a chur isteach sa chóras nua go huathoibríoch. Rinneadh sin trí shonraí ó thuairisceán RCT 2010 an phríomhchonraitheora agus ón RCT 47 a eisíodh dó/di in 2011 a úsáid (ach amháin sa chás gur chuir an príomhchonraitheoir in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim nár mhian leis/léi a bheith páirteach sa phróiseas sin). pdfTá sonraí iomlána an tsocraithe idirthréimhsigh sin ar fáil (PDF, 30KB).

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil