Fógraí Íocaíochta
Faoin gcóras nua, beidh ar phríomhchonraitheoirí an íocaíocht chomhlán a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim sula ndéanfar aon íocaíocht leis an bhfochonraitheoir. Is é an freagra a thabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas sin ná údarú a thabhairt don phríomhchonraitheoir cáin (más ann di) a asbhaint as an íocaíocht. Fógraí Íocaíochta - físeán
Eolas tábhachtach do phrIomhchonraitheoirí ag a bhfuil beirt nó níos mó ag úsáid an chórais nua CCI (PDF, 33KB)
Saincheist: Ag oscailt doiciméidí san mbosca isteach maidir le Fógra Conradh do chuistaiméirí a bhfuil a n-ainm in apastróg (PDF, 16KB)
Tarlaíonn earráid agus doiciméid áirithe á n-aisghabháil ó bhosca isteach na bhFógraí Íocaíochta (PDF, 17KB)
Nósanna imeachta athbhreithnithe maidir le hImréiteach Cánach i leith Conarthaí Seirbhíse Poiblí, Deontas, Fóirdheontas agus íocaíochtaí de chineál dá samhail (Ciorcláin 43/2006 agus 44/2006 na Roinne Airgeadais) (PDF, 27KB)
Leictreonach Chóras Chaín Chonarthaí Iomchú - Cé leis a rachaidh tú i dteagmháil i do Cheantar áitiúil de na Coimisinéirí Ioncaim (PDF, 25KB)
Fógraí Íocaíochta - aisghabháil Údarú i leith Asbhainte ó na ROS bosca isteach
Nuair a dhéanann príomhchonraitheoirí Fógra Íocaíochta (FÍ) a iontráil agus a sheoladh isteach ar ROS, gheobhaidh siad cóip de na sonraí FÍ a seoladh isteach mar dhoiciméad bhosca isteach ina mbosca isteach ROS. Sa chás go ndéanann an príomhchonraitheoir baisc d’Fhógraí Íocaíochta a iontráil, ba cheart go bhfaighidís doiciméad amháin sa bhosca isteach ina mbeidh cóip de gach sonra FÍ a seoladh isteach (mír líne amháin in aghaidh an tsonra FÍ).
Nuair a dhéantar an doiciméad bosca isteach a oscailt, tabharfaidh an príomhchonraitheoir faoi deara gurb "Admháil maidir le Fógra Íocaíochta" is teideal don doiciméad. Nuair a chliceálann an príomhchonraitheoir ar mhír líne, déanfar an mhír líne sin a fhairsingiú, le go dtaispeánfar na sonraí atá san áireamh ar an Údarú i leith Asbhainte. Is féidir leis an bpríomhchonraitheoir an mhír líne seo a phriontáil chun cóip i bhfoirm páipéir a fháil den Údarú i leith Asbhainte. Ba cheart don phríomhchonraitheoir an rogha "Priontáil Gach Rud" a roghnú chun na hÚdaruithe i leith Asbhainte ar fad a phriontáil. Tá sé seo ar fáil ag barr an doiciméid bhosca isteach ar thaobh na láimhe clé.
Is féidir leis an bpríomhchonraitheoir freisin gach mír líne a fheiceáil nó a íoslódáil i bhformáid CSV nó XML (tá an rogha seo ar fáil ag barr an doiciméid bhosca isteach ar thaobh na láimhe deise). Cuirfidh sé seo ar chumas an phríomhchonraitheora an fhaisnéis a uaslódáil chuig a gcóras cuntasaíochta inmheánaí.
