Trádáil Leictreonach Scaireanna (CREST)

Sa chás go ndéantar an t-aistriú go leictreonach tríd an gcóras CREST, gearrfar muirear de 1% chomh maith.

CREST

Is é CREST an t-ainm atá ar chóras leictreonach a ghlanann aistriú scaireanna lena ndéileáiltear ar stocmhalartáin roghnaithe.

Thug an Acht na gCuideachtaí, 1990 (Urrúis Neamhdheimhnithe) Rialacháin 1996 (Ionstraim Reachtúil uimhir 68, 1996) deis do chuideachtaí Éireannacha cead a thabhairt dá scairshealbhóirí:

  1. a dteideal chun scaireanna a chur in iúl ar shlí seachas scairdheimhniú, agus;
  2. a gcuid scaireanna a aistriú go leictreonach i.e. gan fhoirm aistrithe stoic.

Ní mór na haistrithe a chur chun críche trí chóras leictreonach de réir na rialachán, agus oibreoir an chórais sin a bheith faofa ag an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (nó comhlacht eile ceaptha ag an Aire) nó ag údarás iomchuí i mballstát eile an Aontais Eorpaigh. Fomhadh CRESTCo Teo., nó Euroclear UK & Ireland Teoranta mar a thugtar air anois, chun an córas (darb ainm CREST) a fheidhmiú, trínar féidir scaireanna a aistriú go leictreonach.

Gabhann an tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999 in ionad na reachtaíochta a bhí achtaithe san Acht Airgeadais, 1996. Baineann Alt 68 go 78 le haistriú leictreonach scaireanna.

An tAcht Airgeadais 2007

Go dtí 1 Deireadh Fómhair 2007, bhí úsáideoirí an chórais CREST in ann iarratas a dhéanamh ar dhíolúintí cosúil le Cruthaitheoir Margaidh agus scéimeanna faoisimh cosúil le Bróicéir-Déileálaí, Dúnadh, srl. Ach, chuir an tAcht Airgeadais 2007 deireadh leo siúd, agus thug sé scéimeanna faoisimh nua isteach, lena n-áirítear Faoiseamh do Chontrapháirtithe Lárnacha agus Faoiseamh d'Idirghabhálaithe.

D'fhéadfá tuilleadh eolais maidir le Faoiseamh do Chontrapháirtithe Lárnacha agus Faoiseamh d'Idirghabhálaithe a fháil sna nótaí treorach thíosnasctha. Tabhair faoi deara nach bhfuil Alt 5.4 den Treoir (Lúnasa 2007) bainteach a thuilleadh de bharr gur tugadh Faoiseamh Uathoibríoch d'Idirghabhálaithe ar an gcóras CREST ar 28 Eanáir 2008.

Léigh na nótaí treorach thuasnasctha sula ndéanfaidh tú an fhoirm iarratais seo a leanas a chomhlánú

Foirmeacha Athéilimh

Ús agus Pionóis - Íocaíocht Dhéanach Dleachta Stampála

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil