Dleacht Stampa
Féinmheasúnú & Dleacht Stampála (PDF, 59KB)
Titeann na dleachtanna stampa isteach i dhá príomhaicmí:
- Dleachtanna atá iníoctha ar raon leathan cáipéisí dlíthiúla agus tráchtála lena n-áirítear tíolacais réadmhaoin, léasanna réadmhaoin, foirmeacha aistrithe scaire agus comhaontuithe áirithe ach gan a bheith teoranta dóibh sin. D'fhéadfadh an luach bheith ad valorem nó seasta mar is cuí. Roimh 31 Nollaig 2009 taispeántaí na dleachtanna san aicme seo trí stampaí greamaithe nó múnlaithe ar an gcáipéis. I ndiaidh an córais ríomh-Stampála a thabhairt isteach, ba chóir gach ionstraim a stampáil trí mheán an deimhniú stampa, faighte faoin gcóras ríomh-Stampála, a chur ag gabháil leis an ionstraim. Faisnéis, téacs cabhrach agus treoirlínte faoi Córas ríomh-Stampála.
- Dleachtanna agus tobhaigh iníoctha ar bhonn ráiteas. Baineann na dleachtanna agus na tobhaigh sin le bainc agus cuideachtaí árachais. Cuimsíonn siad dleacht i dtaca le cártaí airgid (m.s. cártaí creidmheasa, UMB, dochair agus muirir inmhuirir) agus tobhaigh ar phréimheanna áirithe árachais chomh maith le ráitis áirithe úis. Bileog Faisnéis maidir le cártaí airgid.
Lámhleabhair Cánach & Dleachtanna - Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise
