Réadmhaoin

Réadmhaoin Chónaithe

Is é an muirear dleacht stampa is coitianta a théann i bhfeidhm ar dhaoine aonair ná an dleacht stampa a ghearrtar ar cheannach réadmhaoine cónaithe, is é sin, tithe agus árasáin. Braitheann an méid cánach atá le híoc aran praghas a íoctar (nó an luach margaidh nuair is lú an praghas a íocadh ná an luach margaidh) as an réadmhaoin.

Rátaí maidir le dleacht stampála ar réadmhaoin chónaithe

Sampla 1
Teach/árasán
Comaoin: €1,200,000
Dleacht stampála iníoctha = €14,000
[(€1,000,000 @ 1%) + (€200,000 @ 2%)]

 

Sampla 2
Teach/árasán
Comaoin: €125,000
Dleacht stampála iníoctha = €1,250
[€125,000 @ 1%]

Comhshuimiú

Beidh comhiomlánú i bhfeidhm agus dliteanas dleacht stampála á chinneadh i gcás ina bhfuil idirbheart ina chuid d’idirbheart níos mó nó de shraith idirbheart a bhaineann le réadmhaoin chónaitheach. Déantar an dliteanas dleacht stampála a ríomh ar bhonn na comaoine comhiomláine. Déantar an dleacht a chionroinnt ansin idir na hionaid réadmhaoine ar leith a aistrítear trí ionstraimí ar leith agus tá an chionroinnt pro rata maidir leis an gcomaoin le haghaidh gach réadmhaoine.

Sampla 3
Tá dhá theach ceannaithe ar iomlán de €1,200,000 (€800,000 le haghaidh Theach A agus €400,000 le haghaidh Theach B).
Déantar an dleacht stampála a ríomh ar bhonn na comaoine comhiomláine de €1,200,000.
Comaoin Chomhiomlán = €1,200,000
Dleacht stampála iníoctha:: €14,000

[Is é seo a leanas an Chionroinnt dleachta idir Teach A agus Teach B:
Teach A (€14,000 x €800,000) / €1,200,000 = €9,333
Teach B (€14,000 x €400,000) / €1,200,000 = €4,667]

Ar ais go Barr

An tAcht Airgeadais 2011

Rinneadh na hathruithe ar an gcóras dleachta stampála a d’fhógair an tAire ina óráid maidir leis an mbuiséad an 27 Nollaig 2010 a dhearbhú san Acht Airgeadais 2011. Ar áireamh sna hathruithe sin bhí sceideal rátaí nua maidir le dleacht stampála ar réadmhaoin chónaithe agus faoiseamh agus díolúintí áirithe ar réadmhaoin chónaithe a dhíothú.

Díothaíodh na faoisimh ar réadmhaoin chónaithe seo a leanas le héifeacht ón 8 Nollaig 2010:

  • Roinn 91A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 – Díolúine le haghaidh teach/árasán úr a cheannach nach mó ná 125 méadar cearnach ag úinéir lonnaitheach.
  • Roinn 92 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 – Díolúine le haghaidh teach/árasán úr a cheannach i gcás go bhfuil achar an urláir níos mó ná 125 méadar cearnach ag úinéir lonnaitheach.
  • Roinn 92B den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 – Díolúine le haghaidh teach/árasán úr a cheannach ag ceannaitheoir céaduaire.
  • Faoiseamh gaoil fhola ar réadmhaoin chónaithe.

Ar ais go Barr

Socruithe idirthréimhseacha

Beidh socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm, i gcás, mar thoradh ar na rátaí úra nó mar thoradh ar fhoirceannadh na bhfaoiseamh nó na ndíolúintí, ina bhfuil an cáiníocóir faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid leis an gcóireáil dleacht stampála a bhí infheidhme roimh an 8 Nollaig 2010. Beidh socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm i gcás ionstraime a bheidh forghníomhaithe an 8 Nollaig 2010 nó ina dhiaidh sin agus roimh an 1 Iúil de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh an 8 Nollaig 2010.

D’fhonn leas a bhaint as na socruithe idirthréimhseacha, ba cheart go mbeadh an deimhniú seo a leanas san ionstraim:

"Deimhnítear leis seo gur forghníomhaíodh an ionstraim seo de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh an 8 Nollaig 2010 agus dá bhun sin amháin".

Sampla 4
Ceannaitheoir céaduaire, a rinne conradh ceangailteach d’fhonn réadmhaoin a cheannach ar €500,000 roimh an 8 Nollaig 2010. Tá an gníomhas lena n-aistrítear an réadmhaoin forghníomhaithe roimh an 1 Iúil 2011.

Dleacht stampála iníocth = nialais mar tá faoiseamh ar fáil don cheannaitheoir céaduaire.

 

Sampla 5
Úinéir lonnaitheach, a rinne conradh ceangailteach d’fhonn teach nuathógtha a cheannach ar €500,000 roimh an 8 Nollaig 2010. Tá an gníomhas lena n-aistrítear an réadmhaoin forghníomhaithe an 30 Meitheamh 2011.
Dleacht stampála iníoctha = nialais mar tá faoiseamh ar fáil don cheannaitheoir lonnaitheach.

 

Sampla 6
Úinéir lonnaitheach, a rinne conradh ceangailteach d’fhonn teach nuathógtha a cheannach ar €500,000 roimh an 8 Nollaig 2010. Tá an gníomhas lena n-aistrítear an réadmhaoin forghníomhaithe an 30 Iúil 2011.
Dleacht stampála iníoctha = €5,000
[€500,000 @ 1%]

Tabhair faoi deara go leanfar de na forálacha aisghlámtha a chur i bhfeidhm i gcás ina n-éilítear faoiseamh mar cheannaitheoir céaduaire nó mar úinéir lonnaitheach.

Ar ais go Barr

Aisghlámadh

I gcás ina n-éilítear faoiseamh dleacht stampála, eascraíonn aisghlámadh má fhaightear cíos ó léasú an tí nó an árasáin laistigh de thréimhse 2 bhliain ó dháta an tíolacais nó aistrithe, seachas faoi shocruithe maidir le seomra a ligean ar cíos. Is ionann an t-aisghlámadh agus an difríocht idir na rátaí dleacht stampála níos airde agus an dleacht a íocadh agus beidh sé iníoctha an dáta ar a bhfaighfear cíos ón réadmhaoin ar dtús. Ní eascróidh aisghlámadh i gcás go ndíoltar an réadmhaoin le tríú páirtí neamhghaolta le linn na tréimhse 2 bhliain.

pdfAisghlámadh Dleacht Stampa (PDF, 95KB)

Sampla 7
Ceannaitheoir céaduaire, a rinne conradh ceangailteach d’fhonn réadmhaoin a cheannach ar €500,000 roimh an 8 Nollaig 2010. Tá an gníomhas lena n aistrítear an réadmhaoin forghníomhaithe roimh an 1 Iúil 2011.
Dleacht stampála iníoctha = nialais mar tá faoiseamh ar fáil don cheannaitheoir céaduaire.
Tá an réadmhaoin ligthe ar cíos laistigh de dhá bhliain ó dháta an ghníomhais.
Aisghlámadh iníoctha: €5,000
[€500,000 @ 1%]

 

Sampla 8
Ceannaitheoir céaduaire, a rinne conradh ceangailteach d’fhonn réadmhaoin a cheannach ar €500,000 roimh an 8 Nollaig 2010. Tá an gníomhas lena n aistrítear an réadmhaoin forghníomhaithe roimh an 1 Iúil 2011.
Dleacht stampála iníoctha = nialais mar tá faoiseamh ar fáil don cheannaitheoir céaduaire.
Tá an réadmhaoin ligthe ar cíos dhá bhliain i ndiaidh dháta an ghníomhais.
Aisghlámadh iníoctha: :€0 toisc go bhfuil tréimhse dhá bhliain thart.

Ar ais go Barr

Réadmhaoin neamhchónaithe

Is é atá i gceist le réadmhaoin neamhchónaithe gach cineál réadmhaoine seachas réadmhaoin chónaithe, stoic nó urrúis indíolta agus polasaithe árachais nó árachas saoil.

Rátaí maidir le dleacht stampála ar réadmhaoin neamhchónaithe

Sampla 9
Aonad tráchtála
Comaoin: €90,000
Dleacht stampála iníoctha: €5,400
[€90,000 @ 6%]

Ar ais go Barr

Ceannach láithreáin

I gcás ina gceannaíonn duine aonair láithreán gan socrú bainteach chun teach nó árasán a thógáil, tá aistriú an láithreáin inmhuirir ag an ráta iomchuí maidir le Réadmhaoin neamhchónaithe.

Sampla 10
Láithreán
Comaoin : €50,000
Dleacht stampála iníoctha: €2,000
[€50,000 @ 4%]

I gcás ina gceannaíonn duine aonair láithreán a bhaineann le socrú, nó atá ina chuid de shocrú chun teach nó árasán a thógáil ar an láithreán sin, gearrfar dleacht stampála ar mhéid comhiomlán chostas an láithreáin agus chostas na tógála ag ráta iomchuí na réadmhaoine cónaithe.

 

Sampla 11
Láithreán le socrú tógála bainteach le haghaidh tí nó árasáin
Costas an láithreáin €50,000
Costas na tógála €165,000
Costas comhiomlán: €215,000
SDleacht stampála iníoctha: €2150
[€215,000 @ 1%]

Faoiseamh ar láithreán a aistriú go leanbh

Rinneadh roinn 83A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 ina ndearnadh foráil d’fhaoiseamh dleacht stampála ar aistriú láithreáin ó thuismitheoir go leanbh a dhíothú san Acht Airgeadais 2011.

Réadmhaoin mheasctha

I gcás ina mbaineann idirbheart le réadmhaoin mheasctha, ba cheart an chomaoin a chionroinnt idir na gnéithe cónaithe agus neamhchónaithe. Ní dhéantar an réadmhaoin chónaithe a chomhiomlánú leis an gcion neamhchónaithe d’fhonn ráta iomchuí an dleachta stampála a chinneadh.

Tá an pdfThe Fhoirm Cionroinnte (PDF, 89KB) ar fáil ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Sampla 12
Siopa le hárasán bainteach
Comaoin: €1,200,000
Cionroinnte: Siopa = €900,000 + Árasán = €300,000
Dleacht stampála iníoctha: €57,000
[(€900,000 @ 6%) + (€300,000 @ 1%)]

Ar ais go Barr

CBL & Dleacht Stampa

Déantar dleacht stampa a mheasúnú ar an gcomaoin gan CBL a chur san áireamh. Forálann Ailt 48 agus 56 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 nach n-áirítear aon CBL inmhuirir faoi Alt 2 den Acht CBL 1972, ar an díol nó ar an gcíos, chun críocha dleacht stampa.

Nuair a chuirtear CBL san áireamh sa chomaoin, is cóir í a asbhaint sula ríomhtar an muirear nó an ráta dleacht stampa.

Bronntanais

Tá aistriú a fhaightear trí bhronntanas inmhuirir an dóigh chéanna le haistriú ar dhíolachán, agus luach margaidh na réadmhaoine curtha in ionad na comaoine.

Ar ais go Barr

Léasanna

Is inmhuirearaithe léas i leith dleacht stampa ar an bpréimh (nó ar an bhfíneáil) agus ar an gcíos is iníoctha faoin léas.
Is iníoctha an dleacht ar an bpréimh ag an ráta do réadmhaoin chónaithe nó neamhchónaithe de réir mar is cuí.

Réadmhaoin Chónaithe agus Neamhchónaithe Ráta
Léas do théarma nach mó ná 35 bliain nó do théarma neamhchinnte ar bith 1% den mheánchíos bliantúilt
Léas do théarma os cionn 35 bliain ach nach mó ná 100 bliain 6% den mheánchíos bliantúil
Léas do théarma os cionn 100 bliain 12% den mheánchíos bliantúil

Is saor ó dhleacht stampa a bhíonn léas ar theach nó ar árasán do théarma nach mó ná 35 bliain, nó do théarma neamhchinnte ar bith, agus nach mó an cíos a ghabhann leis ná €30,000 in aghaidh na bliana.

Ar ais go Barr

Deimhnithe a theastaíonn i ngníomhais

Maidir le gníomhais atá forghníomhaithe roimh an 8 Nollaig 2010, féach pdfleaflet SD10A (PDF, 292KB).

Maidir le gníomhais atá forghníomhaithe i ndiaidh an 8 Nollaig 2010, féach pdfleaflet SD10B (PDF, 130KB).

Tá Treoir leictreonach atá furasta le húsáid ann chomh maith maidir leis na deimhnithe le cur ar áireamh sna hionstraimí don chuid is mó de na hidirbhearta um réadmhaoin chónaithe agus neamhchónaithe. Tá an treoir leictreonach ar fáil ar láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim:

Deimhnithe a theastaíonn i ngníomhais.

Sonraí teagmhála

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, déan teagmháil le:
An Oifig Stampála,
An Foirgneamh Stampála Nua,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2
Íosghlao: 1890 48 25 82
email: dublinstamp@revenue.ie

Nuashonraithe: Feabhra 2011

Ar ais go Barr

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)


Leagan furasta le priontáil