SA CHUID SEO

Cánacha & Dleachtanna

Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)

Fógra Tábhachtach d'Fhostóirí: Ón 1 Eanáir 2012, beidh athraithe i n-asbhaint Muirear Sóisialta Uilíoch ó bhonn seachtain 1 faoi láthair go bonn carnach - cosúil leis an mbealach ina bhfuil ÍMAT asbhainte.

pdfAthruithe ar asbhaint MSU arna bhfógairt i mBuiséad 2012(PDF, 24KB)
pdfCeisteanna Coitianta ar an Mhuirear Sóisialta Uilíoch(PDF, 686KB)

Is cáin é an Muirear Sóisialta Uilíoch a ghearrfar ar ollioncam, lena n-áirítear pá barúlach. Gearrfar é i ndiaidh aon fhaoiseamh ar liúntais áirithe chaipitil, ach roimh ranníocaíochtaí pinsin a bhaint.

Rátaí an Mhuirir Shóisialta Uilíoch:
2011 2012
2% - ar an gcéad €10,036 4% -ar an gcéad €10,036 eile
4% - ar an gcéad €5,980 eile 4% - ar an gcéad €5,980 eile
7% - ar an iarmhéid 7% - ar an iarmhéid

Ach déantar na rátaí caighdeánacha seo a athrú i gcúinsí áirithe. I gcás daoine aonair darb aois 70 nó os a chionn, agus daoine aonair a bhfuil lánchártaí leighis acu.

Rátaí an Mhuirir Shóisialta Uilíoch do daoine aonair darb aois 70 nó os a chionn, agus daoine aonair a bhfuil lánchártaí leighis acu:
2011 2012
2% - ar an gcéad €10,036 2% - ar an gcéad €10,036
Baineann an 4% le hioncam ar bith os cionn €10,036 Baineann an 4% le hioncam ar bith os cionn €10,036

Gearrtar formhuirear de 3% ar dhaoine aonair a bhfuil ioncam acu ó fhéinfhostaíocht os cionn €100,000 sa bhliain, is cuma cén aois iad. Mar sin, i gcás daoine aonair faoi bhun 70 bliain d’aois agus nach bhfuil lánchárta leighis acu, is é 10% an ráta a fheidhmítear ar a leithéid d’ioncam, agus i gcás daoine aonair atá os cionn 70 bliain d’aois nó a bhfuil lánchárta leighis acu, is é 7% an ráta a fheidhmítear.

Na Catagóirí Díolmhaithe don Catagóirí Díolmhaithe ná:
2011 2012
Sa chás nach dtéann ioncam iomlán duine aonair thar €4,004 in aghaidh na bliana Sa chás nach dtéann ioncam iomlán duine aonair thar €10,036 in aghaidh na bliana
Gach íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí Gach íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí
Ioncam atá faoi réir cáin choinneála ar ús taisce nó DIRT cheana féin Ioncam atá faoi réir cáin choinneála ar ús taisce nó DIRT cheana féin

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)


Leagan furasta le priontáil