Ceisteanna Coitianta faoi Cuntasaíochta CBL

Conas a dhéanaim Foirm Thuairisceáin VAT3 a chomhlánú?

Idirbheartaíochtaí Baile

Déanann Tuairisceán VAT3 (pdfcóip shamplach (PDF, 115KB)) taifead ar luach iomlán na n-idirbheartaíochtaí atá déanta agat i dtréimhse cánach dhá mhí. Seolfaidh Oifig an Ard-Bhailitheora an fhoirm seo chugat, agus caithfear í a chomhlánú agus a sheoladh ar ais faoin spriocdháta atá luaite ar an bhfoirm nó ar an litir tionlacain.

Ba chóir duit an figiúirí a chuireann idirbheartaíochtaí in iúl atá déanta agat a thaifeadadh sna boscaí ar an bhfoirm, mar a leanas:

  • Bosca T1 – CBL ar Dhíolacháin: Is é an CBL iomlán atá gearrtha agat ar dhíolacháin le custaiméirí sa tréimhse inchánach atá san fhigiúr seo.
  • T2 – CBL ar Cheannacháin: Is é an CBL iomlán atá tabhaithe agat ar cheannach earraí le hathdhíol (más ann dóibh); agus ar speansais atá tabhaithe do chuspóirí gnó sa tréimhse inchánach atá san fhigiúr seo.
  • T3 – CBL iníoctha : Nuair atá figiúr T1 níos mó ná T2, bíonn glandliteanas agat do na Coimisinéirí Ioncaim, atá ríofa trí T2 a dhealú ó T1.
  • T4 – CBL inaisíoctha: Nuair atá figiúr T2 níos mó ná T1, tá teidlíocht agat ansin glan-aisíoc CBL a fháil, atá ríofa trí T1 a dhealú ó T2.

Mura ndéantar idirbheartaíochta CBL ar bith a chomhlíonadh sa tréimhse cánach, caithfear foirm CBL3 a sheoladh ar ais agus náid marcáilte ar T1, T2 T3 agus T4. N.B.: Ná scríobh 'nialas' ar líne ar bith!

Idirbheartaíochtaí laistigh den A.E.

Nuair atá soláthar earraí déanta agat do chustaiméir i dtíortha eile an A.E., nó earraí ceannaithe agat ó sholáthraithe i dtíortha eile an A.E., caithfear iad sin a chur in iúl ar an bhfoirm VAT3 mar a leanas:

  • E1 – Soláthar earraí laistigh den A.E.: Seo Luach iomlán (ní an eilimint CBL amháin) na n-earraí díolta le custaiméirí i dtíortha eile an AE
  • E2 – Fáltais earraí laistigh den A.E.: Seo Luach iomlán (ní an eilimint CBL amháin) na n-earraí ceannaithe ó sholáthraithe i dtíortha eile an AE.

Tá sonraí iomlán ar an mbealach chun an VAT3 a chomhlánú, agus foirmeacha eile cosúil le Tuairisceán na Sonraí Trádála (pdfcóip shampla (PDF, 900KB), cuimsithe i pdfTreoir na gCoimisinéirí Ioncaim ar CBL do Ghnólachtaí Beaga (PDF, 399KB).

Cad é an Bunús Airgid chun CBL a áireamh?

Faoi ghnáth-Bhunús Sonraisc na cuntasaíochta, bíonn trádálaí faoi dhliteanas CBL a áireamh nuair a eisítear sonrasc do chustaiméir. Faoi Bhunús Airgid (Bunús Fáltais nó Airgid Faighte a thugtar air freisin) na cuntasaíochta, bíonn trádálaí faoi dhliteanas CBL a áireamh nuair a fhaightear íocaíocht.

Caithfidh trádálaí ceann amháin de dhá chritéir a chomhlíonadh leis an mBunús Airgid a shásamh. Ceachtar

  • Ní sháraíonn láimhdeachas bliantúil milliún €; nó
  • Bíonn na soláthairtí déanta beagnach go heisiach (90% ar a laghad) do chustaiméirí nach bhfuil cláraithe do CBL, nó nach bhfuil i dteideal asbhainte iomlán CBL a éileamh.

Sa chleachtas, bíonn Bunús Airgid na cuntasaíochta úsáidte go príomha ag siopaí, bialanna, tithe tábhairne agus gnólachtaí cosúla, agus duine ar bith a dhéanann soláthair earraí nó seirbhísí díreach leis an bpobal.

Tá sé tábhachtach na pointí seo a leanas a thabhairt faoi deara:

  • Mar sin féin, tá dualgas ar dhuine faoi Bhunús Airgid sonrasc CBL a eisiúint nuair atá custaiméir cláraithe do CBL;
  • Ní féidir an bunús airgid a úsáid nuair is páirtithe ceangailte iad an trádálaí agus an custaiméir;
  • Ní féidir an bunús airgid a úsáid do sheirbhísí tógála atá soláthraithe ag fochonraitheoir do phríomhchonraitheoir;
  • Má tharlaíonn athrú ar rátaí CBL, caithfidh gnólacht ag feidhmiú ar Bhunús Airgid an ráta CBL a chur i bhfeidhm trí thagairt don am go díreach a soláthraíodh na hearraí agus seirbhísí, agus ní an t-am a fuarthas an íocaíocht (má tá an t-am sin níos déanaí).

Más mian le duine nó gnólacht atá ag déanamh iarratais ar chlárú CBL Bunús Airgid seachas Bunús Sonraisc a úsáid, caithfear cead a lorg i scríbhinn ag am an chláraithe. Rogha eile ná iarratas a dhéanamh ar Dhúiche Áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim, agus iarratas a dhéanamh i scríbhinn arís ina dhiaidh sin chun athrú ó Bhunús Sonraisc go dtí Bunús Airgid.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa bhileog faisnéise ar Bhunús Airgid Faighte na Cuntasaíochta.

Táim ag áireamh ar Bhunús Sonraisc do CBL. An féidir liom athrú go Bunús Airgid (Fáltais)?

D’fhéadfá roghnú CBL a áireamh ar Bhunús Airgid más rud é

  • Nach sáraíonn láimhdeachas bliantúil milliún €; nó
  • Nuair a dhéann tú soláthairtí beagnach go heisiach (90% ar a laghad) do chustaiméirí nach bhfuil cláraithe do CBL, nó nach bhfuil i dteideal asbhainte iomlán CBL a éileamh.

Sa chleachtas, bíonn Bunús Airgid na cuntasaíochta úsáidte go príomha ag siopaí, bialanna, tithe tábhairne agus gnólachtaí cosúla, agus duine ar bith eile, cosúil le haturnae a dhéanann soláthair earraí nó seirbhísí díreach leis an bpobal.

Chun athrú ó Bhunús Sonraisc na cuntasaíochta go dtí Bunús Airgid (nó vice versa) caithfear iarratas a dhéanamh i scríbhinn le Dúiche Áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim ag dearbhú go ndéanann tú ceann den dá choinníoll thuasluaite a chomhlíonadh. Má chinntear go bhfuil tú incháilithe don Bhunús Airgid, gheobhaidh tú fógra faoin dáta óna athróidh do nósanna imeachta cuntasaíochta. Beidh tú faoi dhliteanas CBL a áireamh don airgead uile faighte ar nó tar éis an dáta athraithe atá faofa, ach ní bheidh ort díolacháin a áireamh a bheadh déanta cheana féin nuair a bhí tú faoi Bhunús Sonraisc.

Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil