Sonrascadh

1. Réamhrá

Leagann an bhileog eolais seo amach na rialacha a bhaineann le sonraisc, nótaí sochair agus cáipéisí eile a eisiúint chun críche CBL i láthair na huaire, agus tugann sí breac-chuntas ar thábhacht na gcáipéisí seo i leith fheidhmiú an chórais CBL.

Ar Ais go Barr

2. Tábhacht Sonrasc agus Nótaí Sochair

2.1 Cuireann an t-eolas ar shonraisc agus nótaí sochair dliteanas CBL an tsoláthraí earraí nó seirbhísí agus teidlíocht an chustaiméara i leith asbhainte, más iomchuí, mar gheall ar an gCBL a gearradh, in iúl. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, go ndéantar na cáipéisí seo a dhréachtú agus a choinneáil go cúramach. Is iad na cáipéisí seo an chuid is tábhachtaí den iniúchadh tréimhsiúil a d'fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh ar sheasamh CBL trádálaí.

2.2 Leagann dlí CBL amach riachtanais ar leith maidir le sonraisc, nótaí sochair agus cáipéisí bainteacha eile a eisiúint agus a choinneáil. Féadfaidh pionóis a ghearradh ar thrádálaí nach gcomhlíonann na riachtanas seo. Ní mór do thrádálaithe a eisíonn sonraisc agus nótaí sochair, agus do na daoine a n-eisítear na cáipéisí seo chucu, a chinntiú go ndéanann na cáipéisí seo cur síos cruinn ar na hidirbhearta lena mbaineann siad.

Ar Ais go Barr

3. Cé a chaithfidh Sonrasc CBL a eisiúint?

3.1 Caithfidh duine cuntasach (i.e. duine atá cláraithe le haghaidh CBL), a chuireann earraí nó seirbhísí ar fáil (seachas seirbhísí foirgníochta curtha ar fáil faoi chonradh iomchuí. Féach Alt 3.3) sonrasc CBL a eisiúint nuair a chuirtear earraí nó seirbhísí ar fáil do aon cheann de na daoine/comhlachtaí seo a leanas:

  • duine inchánach eile,
  • roinn an Rialtais,
  • údarás áitiúil,
  • comhlacht curtha ar bun de réir reachta,
  • duine a dhéanann aon ghníomhaíocht díolmhaithe ó CBL,
  • duine, nach duine aonair é, i mballstát eile an Aontais Eorpaigh,
  • duine i mballstát eile an Aontais Eorpaigh lena mbaineann frithmhuirear, i.e. sa chás nach bhfuil an soláthraí in Éirinn freagrach as an gCBL ach tá an custaiméir i mballstát eile an Aontais Eorpaigh freagrach aisti, agus
  • duine i mballstát eile an Aontais Eorpaigh de réir rialacha ciandíolta. Tá ciandíol i gceist nuair a dhíolann soláthraí i mballstát an Aontais Eorpaigh earraí do dhuine i mballstát eile an Aontais Eorpaigh nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL agus nuair atá an soláthraí freagrach as na hearraí a sheachadadh. Baineann sé le postdhíol agus teilidhíol ach ní bhaineann sé le modhanna nua iompair ná earraí inmháil a dhíol. (Bileog Eolais maidir le dul i ngleic le Ciandíolacháin.)

3.2Tabhair faoi deara go bhfuil sé de dhualgas ar dhuine cuntasach, má dhéantar iarratas air i scríbhinn, sonrasc CBL a eisiúint maidir le hidirbheart le duine neamhchláraithe sa Stát atá i dteideal aisíocaíochta CBL. Ní gá do dhuine cuntasach sonrasc CBL a eisiúint chuig duine neamhchláraithe i gcásanna eile, ach is féidir leis/léi má tá fonn air/uirthi.

3.3. Ó 1 Meán Fómhair 2008 ar aghaidh, sa chás go gcuireann fochonraitheoir cláraithe sa Stát nó fochonraitheoir neamhchláraithe seirbhísí foirgníochta ar fáil do phríomhchonraitheoir ag a bhfuil baint le hoibríochtaí foirgníochta sa Stát, mar atá sainmhínithe in Alt 530 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, déanann an príomhchonraitheoir an CBL a áireamh ar bhonn frithmhuirir. Sna cásanna seo, níor chóir don fhochonraitheoir sonrasc CBL a eisiúint ach cáipéis a leagan amach an t-eolas ar fad atá riachtanach ar shonrasc CBL de ghnáth (féach Alt 4.1) seachas an ráta CBL agus an méid CBL. Caithfear an líne "CBL i leith an tsoláthair seo le tabhairt san áireamh ag an bpríomhchonraitheoir" a chur ar an gcáipéis seo.

Ar Ais go Barr

4. An tEolas atá Riachtanach ar Shonrasc CBL

4.1Caithfidh an sonrasc CBL na míreanna seo a leanas a chur in iúl:

  • dáta eisiúna an tsonraisc,
  • uimhir sheicheamhach, bunaithe ar aon shraith amháin nó níos mó, ionas go mbeifear in ann sainaithint a dhéanamh ar sonrasc ar leithligh,
  • ainm, seoladh agus uimhir chláraithe CBL iomlán an duine a chuir na hearraí nó seirbhísí, lena mbaineann an tsonraisc, ar fáil,
  • ainm agus seoladh an duine dar cuireadh na hearraí nó seirbhísí ar fáil,
  • i gcás frithmhuirir, uimhir chláraithe CBL an duine dar cuireadh na hearraí/seirbhísí ar fáil (seachas seirbhísí foirgníochta a chuir fochonraitheoir ar fáil do phríomhchonraitheoir, féach Alt 3.3), agus líne eolais a chuireann in iúl go bhfuil frithmhuirear i gceist leis,
  • i gcás earraí a sholáthar, seachas soláthar frithmhuirir, do dhuine atá cláraithe le haghaidh CBL i mballstát eile an Aontais Eorpaigh, uimhir chláraithe CBL an duine sa bhallstát sin agus líne eolais a chuireann in iúl go bhfuil soláthar earraí laistigh den Aontas Eorpach i gceist leis,
  • líon agus cineál earraí a soláthraíodh, nó méid agus cineál na seirbhísí a sholáthraíodh,
  • an dáta ar ar cuireadh na hearraí nó seirbhísí ar fáil, nó sa chás go ndéantar íocaíocht ina hiomlán, nó ina tráthchodanna as earraí nó seirbhísí sula gcuirfear soláthar chun críche, an dáta ar a ndearna an íocaíocht ar an gcuntas sa mhéid go bhfuil difríocht idir an dáta sin agus dáta eisiúna an tsonraisc.
  • praghas aonaid, gan cáin a chur san áireamh, ar earraí nó seirbhísí a cuireadh ar fáil, aon lascaine nó laghdú ar an bpraghas nach bhfuil curtha san áireamh sa phraghas aonaid, agus comaoin ó thaobh soláthair gan CBL,
  • seachas nuair atá frithmhuirear i gceist leis, an méid, gan CBL a chur san áireamh, atá inchánach ag gach ráta CBL (ráta nialasach chomh maith) agus ráta cáin atá inmhuirir,
  • méid CBL atá iníoctha i leith an tsoláthair, seachas nuair atá frithmhuirear i gceist leis nó nuair atá Scéim Chorrlaigh, Scéim Speisialta do Cheantálaithe, nó Scéim Speisialta do Mhótarfheithiclí athláimhe i bhfeidhm (féach Alt 16), agus
  • sa chás go bhfuil ar ionadaí cánach CBL a íoc i mballstát eile an Aontais Eorpaigh, ainm, seoladh agus uimhir chláraithe CBL an ionadaí.

4.2 Mar atá luaite in Alt 4.1, caithfear an praghas aonaid a chur in iúl ar shonrasc. Baineann sé seo le hearraí agus seirbhísí inchomhairthe. Mar shampla, d'fhéadfadh go mbeadh ráta in aghaidh na huaire nó praghas ar ghnáthsheirbhís i gceist le seirbhísí. Mura féidir seirbhís a chur i dtéarmaí míreanna inchomhairthe go héasca, glacfar leis an bpraghas iomlán gan cháin ar an tseirbhís mar an bpraghas aonaid.

4.3 Ní mór d'aon sonrasc, a eisíonn duine cuntasach agus a bhaineann le modhanna nua iompair a sholáthar laistigh den Aontas Eorpach, cur síos a thabhairt ar an eolas ar fad atá riachtanach chun sainaithint a dhéanamh ar na hearraí mar mhodh nua iompair. I gcás mótarfheithicle, ciallaíonn "nua" aon fheithicil a bhí soláthartha 6 mhí nó níos lú tar éis dáta na chéad úsáide nó atá tar éis 6,000 ciliméadar nó níos lú a thaisteal.

4.4 Nuair a dhéanann duine idirbhearta triantánacha san Aontas Eorpach, ní mór don duine tagairt fhollasach do shocruithe an AE maidir le hidirbhearta triantánacha a chur ar an sonrasc. Baineann triantánú le dhá sholáthar earraí nó seirbhísí idir trí trádálaí cláraithe le haghaidh CBL i dtrí bhallstát éagsúla an AE, mar shampla, nuair a ordaíonn trádálaí i mballstát amháin earraí ó thrádálaí i mballstát eile, a sheachadfar chuig trádálaí i mballstát éigean eile.

Ar Ais go Barr

5. Méadú ar Shuimeanna Sonrasctha – Sonraisc Fhorlíontacha

5.1 De bharr go dtéann an méid CBL ar shonrasc i gcion ar dhliteanas CBL an tsoláthraí chláraithe agus an chustaiméara chláraithe, ba chóir aon athrú ar mhéid na CBL iníoctha nó asbhainteach ar shonrasc a chinntiú.

5.2Má tá aon mhéadú ar mhéid a gearradh ar shonrasc, tá ar an soláthraí sonrasc breise a eisiúint a leagann an t-athrú ar an bpraghas agus an ráta iomchuí CBL amach.

Ar Ais go Barr

6. Laghdú ar Shuimeanna Sonrasctha– Nótaí Sochair

6.1 Nuair a laghdaítear an méid CBL iníoctha de bharr liúntais nó lascaine nó coigeartú cosúil eile, ba chóir don té a d'eisigh an sonrasc nóta sochair a eisiúint (ach, féach alt 7.1). Caithfidh an nóta seo méid an laghdaithe ar an bpraghas agus an méid CBL iomchuí a lua. Féadfaidh an soláthraí a dhliteanas cánach a laghdú, den mhéid curtha chun sochair, don tréimhse chuntasaíochta ina n-eisítear an nóta sochair, agus beidh ar an bhfaighteoir a dhliteanas cánach a mhéadú den mhéid céanna. Caithfidh gach nóta sochair uimhir aitheantais na sonrasc lena mbaineann siad a lua.

6.2 Sa chás go bhfuil an soláthraí ag láimhseáil CBL de réir an bhunúis airgid faighte, caithfidh sé nóta sochair a luann CBL a eisiúint i gcónaí. Ní féidir aon laghdú a dhéanamh ar dhliteanas CBL an tsoláthraí ar an gcuntas seo. Déanfar an asbhaint CBL nó an sochar atá ar fáil don chustaiméir de réir an bhunsonraisc a laghdú mar thoradh ar eisiúint an nóta shocair.

6.3 Níl feidhm ag an mbunús airgid faighte ar idirbheart nuair a thugann soláthraí atá ag láimhseáil CBL de réir an bhunúis sin lascaine do chustaiméir tar éis an sonrasc CBL a eisiúint, ach ní eisíonn sé an nóta sochair ina dhiaidh sin.

7. Nuair nach gá Nóta Sochair a eisiúint

7.1 Is féidir le soláthraí atá cláraithe le haghaidh CBL de réir an bhunúis sonraisc agus custaiméir atá cláraithe le haghaidh CBL chomh maith a aontú nach ndéanfar aon athrú ar an mbunshonrasc. Sa chás seo, fiú má tá laghdú ar an bpraghas tar éis an sonrasc a eisiúint, ní gá aon nóta sochair a eisiúint maidir le CBL agus is féidir an méid CBL a bhí gearrtha ar dtús a fhágáil mar atá sé.

7.2 Tá feidhm ag na socruithe atá leagtha amach in alt 7.1 thuas nuair a thugtar lascaine nó laghdú eile ar phraghas earraí nó seirbhísí amháin. Má ghlacann an custaiméir leis an lascaine nó laghdú eile ar an gCBL chomh maith leis an bpraghas, ní mór don soláthraí nóta sochair a eisiúint i gcónaí. Sa chás go bhfuil an soláthraí ag láimhseáil CBL de réir an bhunúis sonraisc, ní mór don soláthraí a dhliteanas CBL a choigeartú síos agus ní mór don chustaiméir a dhliteanas CBL a choigeartú suas. Ina theannta sin, caithfidh soláthraí atá ag láimhseáil CBL de réir an bhunúis airgid faighte nóta sochair a eisiúint i gcónaí.

Ar Ais go Barr

8. Ráta Mícheart CBL gearrtha – tá Nóta Sochair agus Sonrasc Leasaithe riachtanach

8.1 Nuair a thugtar faoi deara gur eisigh duine sonrasc mícheart CBL ar ar luadh ráta CBL a bhí ní ba mhó ná an ráta ceart, caithfidh an duine nóta sochair a eisiúint a chuireann an sonrasc ar ceal, agus sonrasc leasaithe a eisiúint. D'fhéadfadh go dtarlódh sé seo nuair a ghearrann an soláthraí CBL ar idirbheart laistigh den Aontas Eorpach ar an gcéad dul síos (i.e. de bharr nach raibh a fhios aige go mbeadh na hearraí ag fágáil an Stáit), ach tá sé sásta nár cheart CBL a ghearradh ar an idirbheart ina dhiaidh sin. Ní hamháin go mbaineann an riail seo le hidirbhearta laistigh den Aontas Eorpach; ach baineann sí le hidirbhearta laistigh den Stát chomh maith sa chás go bhfuil cáin gearrtha ar an ngnáthráta ach nuair ba cheart an ráta laghdaithe a ghearradh.

9. Faisnéis atá riachtanach ar Nótaí Sochair

Caithfear na míreanna seo a leanas a lua ar an nóta sochair:

  • dáta eisiúna an nóta,
  • uimhir, ionas go mbeifear in ann sainaithint a dhéanamh ar nóta ar leithligh,
  • ainm, seoladh agus uimhir chláraithe CBL an duine atá ag eisiúint an nóta,
  • ainm, seoladh agus uimhir chláraithe CBL an duine chuig a n-eisítear an nóta,
  • sa chás go bhfuil earraí nó seirbhísí á soláthar do dhuine atá cláraithe le haghaidh cáin bhreisluacha i mballstát eile an AE, uimhir chláraithe CBL an duine sa Stát sin,
  • an fáth go bhfuil an nóta seo á eisiúint agus tagairt don sonrasc a eisíodh maidir leis an soláthar ar a laghdaíodh an chomaoin,
  • an chomaoin, gan cháin, lena mbaineann an nóta atá á eisiúint, agus
  • an ráta nó rátaí cánach a bhí i bhfeidhm nuair a eisíodh an sonrasc lena mbaineann an nóta agus méid na cánach ar gach ráta iomchuí atá luaite ar an nóta (seachas nuair a bhí frithmhuirear curtha i bhfeidhm ar an idirbheart).

Ar Ais go Barr

10. Dearbháin Socraíochta agus Nótaí Dochair

Baintear úsáid as Dearbháin Socraíochta agus Nótaí Dochair in idirbhearta tráchtála in ionad sonrasc agus nótaí sochair go minic. Caithfear uimhir chláraithe CBL an duine eisiúna agus uimhir chláraithe CBL an tsoláthraí a lua ar Dhearbháin Socraíochta agus nótaí dochair, chomh maith leis na sonraí eile a chaithfidh duine cuntasach a lua ar shonraisc agus nótaí sochair. Ní mór do sholáthraí earraí nó seirbhísí glacadh le cáipéisí den sórt seo. Má ghlacann an soláthraí leo, tá sé faoi réir na n-oibleagáidí céanna atá ag an duine a eisíonn sonrasc nó nóta sochair.

11. Féinbhilleáil agus Socruithe Seachfhoinsithe

11.1 Nuair a sholáthraíonn duine earraí nó seirbhísí do chustaiméir atá cláraithe le haghaidh CBL, is féidir leis an gcustaiméir sonrasc a eisiúint ar chuntar –

  • go bhfuil aontú roimh ré idir an soláthraí agus an custaiméir go bhfuil cead ag an gcustaiméir an sonrasc a dhréachtú agus a eisiúint,
  • go gcomhlíonann an custaiméir gach coinníoll a bhaineann le hábhar nó eisiúint an tsonraisc, agus
  • go bhfuil nósanna imeachta aontaithe i bhfeidhm ionas go nglacann an soláthraí le bailíocht an tsonraisc.

Tuigtear go bhfuil sonrasc eisithe de réir na socruithe seo nuair a ghlacann an soláthraí leis i gcomhréir leis na nósanna imeachta thuasluaite.

11.2 D'fhéadfadh soláthraí eisiúint sonrasc a sheachfhoinsiú. Nuair a eisítear sonrasc de réir socruithe seachfhoinsithe, tuigtear go n-eisítear an soláthraí é –

  • má eisíonn duine an sonrasc in ainm agus thar ceann an tsoláthraí, agus
  • má chomhlíontar gach coinníoll a bhaineann le hábhar agus eisiúint an tsonraisc.

11.3 D'fhéadfaí féinbhilleáil agus seachfhoinsiú a chur i bhfeidhm ar nótaí sochair agus dochair chomh maith.

Ar Ais go Barr

12. Sonraisc, srl. eisithe in Airgeadra Eachtrach

12.1 Caithfidh sonraisc a eisítear chun críche CBL in airgeadra eachtrach (nach bhfuil ainmnithe in €) suimeanna comhfhreagracha in € agus an méid iarbhír CBL in € a lua. Ní mór don chóip choinnithe an tsonraisc seo na figiúirí céanna a lua. Baineann an riail seo le nótaí sochair, nótaí dochair agus dearbháin socraíochta chomh maith.

12.2 Ba chóir úsáid a bhaint as an ráta díola is déanaí ar a ndéanann an Banc Ceannais taifead ag an am a bhfuil an CBL dlite chun sonraisc in airgeadra eachtrach a chomhshó. Luaitear rátaí an Bhainc Cheannais i dtaca le cuid mhaith de na mórairgeadraí i nuachtáin gach lá. D'fhéadfaí socrú a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun modh malartach a úsáid chun an ráta malairte a mheas, mar shampla, an ráta a bhíonn measta ar bhonn míosúil faoi chóras míosúil ráta malairte le haghaidh luachála ag Custam. Is féidir socruithe den sórt seo a úsáid ar chuntar go mbaintear úsáid as an modh aontaithe i leith gach idirbheart an trádálaí in airgeadra eachtrach. Ba chóir do thrádálaithe a bhfuil fonn orthu an tsaoráid seo a úsáid litir a scríobh chuig Ceantar na gCoimisinéirí Ioncaim atá freagrach as a gcúrsaí cánach, a leagann modh roghnaithe ráta mhalairte amach d'fhonn aontú iomchuí a fháil.

13. Teorainn ama chun Sonraisc CBL agus Nótaí Sochair a Eisiúint

13.1 De ghnáth, caithfear sonrasc CBL a eisiúint laistigh de 15 lá tar éis dheireadh na míosa inar soláthraíodh na hearraí nó seirbhísí. I gcás sonraisc bhreise, caithfear an sonrasc a eisiúint laistigh de 15 lá tar éis an lae ar a n-íoctar an chomaoin mhéadaithe nó ar an lá ar a n-aontaíonn na páirtithe leasmhara an méadú ar an gcomaoin, pé acu atá níos luaithe.

13.2 D'fhéadfadh go ndéanfaí íocaíocht ina hiomlán nó ina tráthchodanna as earraí nó seirbhísí a sholáthraítear do dhuine atá cláraithe le haghaidh CBL sula gcuirfí an soláthar chun críche. Sna cásanna seo, ní mór don duine atá ag fáil íocaíochta sonrasc a eisiúint laistigh de 15 lá tar éis dheireadh na míosa i ndiaidh na míosa a fuarthas an íocaíocht. Ní bhaineann an riail seo le soláthar earraí d'aon bhallstát eile laistigh den Aontas Eorpach.

13.3 Nuair atá nótaí sochair i gceist, agus sa chás go raibh laghdú ar an méid de bharr lascaine, caithfear an nóta a eisiúint laistigh de 15 lá tar éis an t-airgead lena mbaineann an lascaine a fháil. Caithfear an nóta sochair a eisiúint laistigh de 15 lá tar éis an lae ar a n-aontaíonn na páirtithe leasmhara an laghdú ar an gcomaoin.

13.4 D'fhéadfaí pionóis a ghearradh ar dhuine mura n-eisíonn sé/sí sonrasc nó nóta sochair roimh i bhfad.

Ar Ais go Barr

14. Suimeanna Míchearta ar Shonraisc CBL agus Nótaí Sochair

Sa chás go n-eisíonn trádálaí atá cláraithe le haghaidh CBL sonrasc a luann méid níos mó CBL ná mar is ceart don idirbheart, beidh sé fós freagrach as an méid iomlán CBL atá luaite ar an sonrasc. Má eisíonn trádálaí nóta sochair a luann méid níos lú CBL ná mar is ceart, beidh ar an trádálaí an difríocht a íoc. D'fhéadfaí pionóis a ghearradh ar an trádálaí i ngach cás.

15. Sonraisc eisithe ag Daoine Neamhchláraithe

Nuair a eisíonn duine nach bhfuil cláraithe le haghaidh CBL sonrasc a luann méid CBL, ní mór don trádálaí an CBL atá luaite ar an sonrasc sin a íoc. D'fhéadfaí pionóis a ghearradh ar dhuine a luann CBL ar shonrasc nuair nach bhfuil sé cláraithe le haghaidh CBL. Ní bhaineann an riail seo le feirmeoirí neamhchláraithe a eisíonn sonraisc de réir na socruithe speisialta d'fheirmeoirí ar ráta comhréidh (féach alt 18).

16. Earraí faoi Scéim Chorrlaigh / Scéim Speisialta do Cheantálaithe / Scéim Speisialta do Mhótarfheithiclí athláimhe

16.1 Maidir leis an méid ar a bhfuil CBL inmhuirir, feidhmíonn scéimeanna speisialta i gcoibhneas díolachán earraí inaistrithe athláimhe, saothar ealaíne, earraí bailitheora agus seandachtaí ag déileálaithe agus ceantálaithe. Is é príomhghné na scéimeanna ná nach gcaithfidh déileálaithe agus ceantálaithe CBL a íoc ach ar an gcorrlach i gcásanna áirithe. Nuair a dhéantar earraí a sholáthar de réir na scéimeanna seo, caithfear an scéim bhainteach a lua ar an sonrasc.

16.2 Feidhmíonn scéim speisialta a bhaineann le CBL ar mhótarfheithiclí athláimhe chomh maith. De réir na scéime seo, is féidir CBL iarmhair a asbhaint i leith ceannaigh feithicle cáilithí athláimhe, trí thrádáil isteach san áireamh. Tá bileog eolais ar leith ar fáil maidir le CBL agus mótarfheithiclí athláimhe.

Ar Ais go Barr

17. Idirbhearta Fruilcheannaigh

17.1 Sa chás go soláthraítear earraí faoi réir comhaontú fruilcheannaigh, ní mór don soláthraí sonrasc CBL a eisiúint chuig an institiúid airgeadais atá i gceist, in ionad an chustaiméara. Caithfear ainm agus seoladh na hinstitiúide airgeadais a lua, chomh maith leis na gnáthshonraí a chaithfear a lua ar gach sonrasc CBL.

17.2 Tá an institiúid airgeadais i dteideal sochair mar gheall ar an gCBL seo, agus caithfidh siad sonrasc CBL a eisiúint chuig duine inchánach ionas go mbeidh an custaiméir in ann asbhaint CBL a éileamh. Glacfar le comhaontú fruilcheannaigh mar shonrasc CBL má tá na sonraí ar fad atá riachtanach ar shonrasc CBL luaite sa chomhaontú. Caithfidh an cháipéis ainm, seoladh agus uimhir chláraithe CBL an tsoláthraí, agus ainm agus seoladh na hinstitiúide airgeadais agus an chustaiméara a lua, agus caithfidh sé an méid cánach a bhí luaite ar an sonrasc comhfhreagrach a fuair an institiúid airgeadais a lua mar aon mhír amháin freisin. Caithfear an cháipéis seo a eisiúint laistigh de 22 lá tar éis dheireadh na míosa inar soláthraíodh na hearraí.

17.3 Nuair a fhaigheann institiúid airgeadais nóta sochair CBL maidir le comhaontú fruilcheannaigh, tar éis na hearraí a sholáthar agus an sonrasc a eisiúint chuig an gcustaiméir, ní mór don institiúid cáipéis chomhfhreagrach don nóta sochair sin a eisiúint chuig an gcustaiméir. Caithfidh an cháipéis seo na sonraí atá riachtanach ar ghnáthnóta sochair a lua, agus is é an méid atá luaite ar an gcáipéis i leith cánach an laghdú a bheidh ar asbhaint chánach an chustaiméara.

17.4 Tá an institiúid airgeadais freagrach as an méid iomlán CBL atá luaite sa cháipéis ar a bhfuil feidhm an tsonraisc CBL. Sa chás go gcuirtear méid sochair ar fáil don chustaiméir atá níos mó ná an méid atá luaite ar shonrasc an tsoláthraí, beidh an institiúid freagrach as an difríocht.

18. Ráta Comhréidh d'Fheirmeoirí

18.1 Ní mór d'fheirmeoirí ar an ráta comhréidh, atá ag soláthar torthaí nó seirbhísí talmhaíocha, nó ag soláthar innealraí talmhaíocha do dhéileálaí cuntasach, sonrasc (sonrasc ar an ráta comhréidh) maidir leis na soláthair seo a eisiúint de réir alt 12A agus 12C, faoi seach, den Acht Cánach Breisluacha, 1972:

  • má dhéanann an ceannaitheoir iarratas ar an sonrasc,
  • má chuireann an ceannaitheoir foirm ar fáil le haghaidh an tsonraisc agus déanann sé na sonraí iomchuí a chomhlánú ar an bhfoirm sin, agus
  • má thugann an ceannaitheoir cóip den sonrasc chuig an bhfeirmeoir ar an ráta comhréidh.

Is féidir le feirmeoir ar an ráta comhréidh sonrasc a eisiúint fiú mura gcomhlíontar na coinníollacha thuasluaite ar fad.

18.2 Caithfidh gach feirmeoir ar an ráta comhréidh gach sonrasc a eisíonn sé i leith torthaí nó seirbhísí talmhaíocha a admháil, agus caithfidh sé na sonraí seo a leanas a lua orthu chomh maith:

  1. dáta eisiúna an tsonraisc,
  2. ainm agus seoladh iomlán an fheirmeora ar an ráta comhréidh a sholáthair na earraí nó seirbhísí lena mbaineann an sonrasc,
  3. ainm agus seoladh iomlán agus uimhir chláraithe an duine dar soláthraíodh na hearraí nó seirbhísí,
  4. sa chás go bhfuil torthaí nó seirbhísí talmhaíocha á soláthar do dhuine atá cláraithe le haghaidh cáin bhreisluacha i mballstát eile an AE, uimhir chláraithe CBL an duine sa Stát sin,
  5. líon agus cineál earraí a soláthraíodh, nó méid agus cineál na seirbhísí a sholáthraíodh,
  6. an dáta ar ar soláthraíodh na hearraí nó seirbhísí,
  7. an chomaoin i leith soláthair, gan méid breise ar ráta comhréidh a chur san áireamh, agus
  8. ráta agus suim an mhéid bhreise ar ráta comhréidh atá iomchuí i leith na comaoine luaite ar an sonrasc.

18.3 Nuair atá méadú nó laghdú ar an gcomaoin tar éis sonrasc ar ráta comhréidh a eisiúint -

  • má tá méadú ar an gcomaoin, caithfear sonrasc breise a eisiúint le haghaidh na suime breise, faoi réir na gcoinníollacha céanna i leith ceannaitheoirí ag ullmhú sonraisc, srl. agus
  • má tá laghdú ar an gcomaoin, caithfidh an feirmeoir nóta sochair feirmeora a eisiúint más duine inchánach é an custaiméir, agus ní mór don duine inchánach coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh ar mhéid an tsochair ar an ráta comhréidh atá éilithe mar asbhaint.

18.4 Sa chás go n-eisíonn duine, seachas feirmeoir ar an ráta comhréidh, sonrasc ar an ráta comhréidh, beidh an duine sin freagrach as an méid breise ar an ráta comhréidh a íoc agus, d'fhonn an tsuim sin a íoc, caithfear leis mar dhuine inchánach.

18.5 Má eisíonn feirmeoir ar an ráta comhréidh sonrasc le haghaidh idirbheart samhailteach nó le haghaidh suim bhoilscithe i dtaca le hidirbheart dílis, beidh sé nó sí freagrach as an méid breise ar an ráta comhréidh a íoc nó an tsuim bhreise, mar is chuí. D'fhonn an tsuim atá i gceist a íoc, caithfear leis an bhfeirmeoir ar an ráta comhréidh mar dhuine inchánach.

18.6 Má tá ar fheirmeoir ar an ráta comhréidh nóta sochair feirmeora a eisiúint ach ní eisíonn sé le linn na teorann ama é, beidh sé freagrach as suim an mhéid bhreise ar an ráta comhréidh i dtaca leis an nóta nach raibh eisithe a íoc. Sa chás go n-eisíonn sé nó sí nóta sochair feirmeora a luann suim níos lú an mhéid bhreise ar an ráta comhréidh ná mar is iomchuí mar gheall ar an laghdú ar an gcomaoin nó lascaine, beidh sé nó sí freagrach as easpa an mhéid bhreise ar an ráta comhréidh a íoc. Caithfear leis an bhfeirmeoir ar an ráta comhréidh mar dhuine inchánach i ngach cás d'fhonn an tsuim dhlitea íoc. D'fhéadfadh go ngearrfaí pionóis air nó uirthi mar gheall ar an iompar seo chomh maith.

Ar Ais go Barr

19. Sonrascadh Simplithe

19.1 D'fhéadfadh gur féidir úsáid a bhaint as socruithe simplithe le haghaidh sonraisc, nótaí sochair, dearbháin socraíochta nó nótaí dochair a eisiúint -

  • nuair atá sé deacair riachtanais ghinearálta sonrasctha a chomhlíonadh de bharr cleachtaí tráchtála, teicniúla nó riaracháin in earnáil ghnó ar leith, nó
  • nuair nach bhfuil mórán airgid i gceist leis an sonrasc.

19.2 Caithfear na sonraí seo a leanas a lua ar cháipéisí bainteacha:

  • dáta eisiúna,
  • aitheantas an tsoláthraí, uimhir chláraithe CBL an tsoláthraí san áireamh,
  • aitheantas na n-earraí nó seirbhísí a soláthraíodh, agus
  • méid cánach dlite nó an t-eolas chun an méid cánach dlite a áireamh.

19.3 Tá na Coimisinéirí Ioncaim tar éis socruithe simplithe sonrasctha a chomhaontú san earnáil chárta corparáidigh cheannaithe agus d'fhéadfadh go gcuirfeadh siad socruithe cosúla i bhfeidhm in earnálacha eile. I gcás na hearnála cárta corparáidigh cheannaithe, comhaontaíodh:

  • go nglacfar leis an bhfianaise ar an Tuairisc Asbhainte CBL mar shonrasc CBL toisc go bhfuil an t-eolas ar fad atá riachtanach chun sonrasc bailí a dhréachtú le fáil uirthi.
  • gur féidir na tuairiscí seo a úsáid chun sochar ionchuir a éileamh.
  • gur féidir sochar ionchuir a éileamh trí thagairt do lá an idirbhirt in ionad lá eisiúna na tuairisce.
  • gur féidir cóid tráchtearra a úsáid chun cur síos a dhéanamh ar earraí agus seirbhísí.
  • gur féidir na tuairiscí seo a eisiúint i scríbhinn nó go leictreonach.

19.4 Ní mór do chuideachtaí Cárta Chreidmheasa, a bhfuil scéimeanna cárta corparáidigh cheannaithe acu, a gcuid custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis an nós imeachta simplithe sonrasctha CBL atá in úsáid ag an gcuideachta a fhaofa.

19.5 Ba chóir iarratais ar shocruithe simplithe sonrasctha a chur faoi bhráid an Bhrainse Riaracháin CBL, Rannóg Cánach Indírí, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2 trí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim i gceantar an iarratasóra.

Ar Ais go Barr

20. Sonrascadh Leictreonach

20.1 Is féidir le trádálaithe córas leictreonach sonrasctha a fheidhmiú ar chuntar go ndéanann an córas na sonraí atá riachtanach i sonraisc nó cáipéisí eile den chineál sin a thaifeadadh, a choinneáil agus a tharchur go leictreonach, agus go ndéanann an córas sin sláine na sonraí sin agus fíordheimhneacht a bhfoinse a chinntiú.

20.2 Is féidir sonraisc, srl, a tharchur idir pháirtithe trádála trí chóras idirmhalartaithe leictreonaigh sonraí (EDI), nó trí ardshíniú leictreonach (AES) agus an córas a bhaineann leis, ar chuntar go gcomhlíonann siad na riachtanais thíosluaite. Is féidir le duine cuntasach úsáid a bhaint as córas leictreonach eile in ionad córais idirmhalartaithe leictreonaigh sonraí (EDI) agus córais ardshínithe leictreonaigh (AES) i gcleithiúnas go gcomhlíontar na riachtanais atá i gceist agus go gcuireann an duine na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas. Bhí sé de dhualgas ar thrádálaithe na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas sular cuireadh tús le sonraisc leictreonacha, srl. a tharchur roimh 31 Nollaig 2005.

20.3 Caithfidh an córas leictreonach a bheith ar a chumas –

  • taifid leictreonacha agus teachtaireachtaí a luann na sonraí atá riachtanach chun críche CBL a dhréachtú, a choinneáil agus a stóráil, agus a chur ar fáil d'oifigeach na gCoimisinéirí Ioncaim ar iarratas uaidh,
  • cóipeanna de na taifid nó teachtaireachtaí sin a chur i gcló,
  • uimhir aitheantais ar leithligh a shannadh do gach teachtaireacht a tharchuirtear, agus
  • na taifid leictreonacha a choinneáil i riocht is gur féidir iad a aisghabháil trí thagairt do chomhpháirtí trádála nó d'uimhir aitheantais ar leithligh na teachtaireachta.

20.4 Caithfidh an córas –

  • cosc a chur ar theachtaireacht a tharchur níos mó ná uair amháin agus ar theachtaireacht a bhaint ón taifead leictreonach,
  • bunphointe na teachtaireachta nó admháil a chinntiú ó chomhpháirtí trádála, agus
  • sláine teachtaireachta nó taifid leictreonaigh a bhaineann leis an teachtaireacht sin a áirithiú le linn tarchuir agus le linn na tréimhse a choinnítear na taifid chun críche CBL.

Ar Ais go Barr

21. Coinneáil Taifead agus Iniúchadh ar Thaifid

21.1 Ní mór do gach duine cuntasach gach leabhar, taifead, agus cáipéis a bhaineann leis an ngnólacht, lena n-áirítear sonraisc, nótaí sochair, dearbháin socraíochta agus nótaí dochair (agus cóipeanna de cháipéisí den sórt seo a eisíodh do dhuine eile). Caithfear na taifid ghnó seo a choinneáil ina mbunfhoirm* ar feadh 6 bliana ó dháta an idirbhirt deireanaigh lena mbaineann siad, ach amháin nuair a thugann na Coimisinéirí Ioncaim cead iad a choinneáil ar feadh tréimhse níos giorra. Baineann an riail seo le taifid agus teachtaireachtaí leictreonacha go cothrom. Chomh maith leis sin, ní mór do dhuine cuntasach atá ag coinneáil taifid leictreonacha sonraí maidir le cineál criptiúcháin, ríomhshíniú, srl. a úsáideadh agus maidir leis an bhformáid ina stóráiltear iad agus conas is féidir rochtain orthu a choinneáil agus a stóráil.

* Sa chás gur eisíodh sonrasc i scríbhinn, ní mór an sonrasc sin a choinneáil i scríbhinn. Ní féidir sonraisc a choinneáil go leictreonach ach amháin nuair a eisíodh na sonraisc sin go leictreonach ar an gcéad dul síos.

21.2 Tá cumhachtaí forleathana ag oifigigh údaraithe na gCoimisinéirí Ioncaim chun iniúchadh a dhéanamh ar thaifid, agus is cion é nuair nach gcomhoibríonn trádálaithe nó a bhfostaithe nó comhpháirtithe leis na hoifigigh seo. Beidh cruthúnas aitheantais i seilbh na n-oifigeach seo. Déanfaidh siad iniúchadh ar thuairisceáin CBL i gcomparáid le taifid an trádálaí agus déanfaidh siad cros-seiceáil idir shonraisc, srl. agus taifid na soláthraithe agus na gcustaiméirí. Déanfaidh iniúchadh ar thuairisceáin CBL i gcomparáid leis na cuntais trádála chomh maith chun críche cánach ioncaim agus cánach corparáide.

22. Breis Eolais

Ba cheart fiosrúcháin i leith aon ábhair sa Bhileog Eolais seo a dhíriú chuig an gCeantar Ioncaim atá freagrach as gnóthaí an cháiníocóra. Tá sonraí teagmhála na gCeantar Ioncaim ar fad le fáil ar an Leathanach Sonraí Teagmhála.

Bhí an bhileog eolais seo eisithe ag:

An Brainse Achomharc agus Cumarsáide CBL ,
An Rannán Cánach Indírí,
An Foirgneamh Stampála
Caisleán Bhaile Átha Cliath.

Deireadh Fómhair 2008

Is treoir amháin í an bhileog eolais seo a leagann amach cleachtas reatha ar lá eisiúna na bileoige, ní thugtar le fios gur léiriú dlíthiúil deifnídeach í ar fhorálacha an Achta Cánach Breisluacha 1972 (arna leasú) ar chor ar bith.

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil